Ríocht na hIodáile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Thugtaí Ríocht na hIodáile (Iodálais: Regno d'Italia) ar an stát a mhair ón bhliain 1861, nuair a fógraíodh Vittorio Emanuele II na Saváí ina Ríocht na hIodáile, go dtí 1946, nuair d'fhág reifreann bunreachta iarmhairtí tubaisteacha ar thacaíocht an phobail don mhonarcacht agus bunaíodh Poblacht na hiodáile ina háit. Bunaíodh an stát mar thoradh ar aontú na hIiodáile, faoi thionchar Ríocht na Sairdíne, gur féidir a mheas mar a réamhtheachtaí dlíthiúil.

D'fhógair an Iodáil cogadh ar an Ostair i gcomhpháirtíocht leis an Phrúis sa bhliain 1866 agus fuarthas an réigiún Veneto, tar éis a mbua. Chuaigh trúpaí Iodálacha isteach sa Róimh sa bhliain 1870, ag cur críoch le níos mó ná míle bliain de chumhacht theamparálta phápach. Chuaigh an Iodáil isteach sa Chomhaontas Triarach i gcomhpháirtíocht leis an Ghearmáin agus an Ostair-Ungáir, sa bhliain 1882, mar go raibh aighnis fhíochmhara aici leis an Fhrainc mar gheall ar a bhforleathnú coilíneach faoi seach. Mar sin féin, fiú is go raibh a caidreamh le Beirlín an-chairdiúil, d'fhan a chomhghuaillíocht leis an Ostair-Ungáir foirmiúil amháin, mar go raibh fonn ar na hIodáiligh Trentino agus Trieste a fháil, coirnéil na monarcach Ostair-Ungáir ina raibh daonra Iodálach ann. Mar sin, sa bhliain 1915, ghlac an Iodáil le cuireadh na Breataine a bheith páirteach leis na Comhghuaillithe sa Chéad Chogadh Domhanda, toisc gur gheall Comhghuaillithe an Iarthair cúiteamh críche di (bheadh an Ostair-Ungáir thíos leis) le haghaidh rannpháirtíochta leo, tairiscint a bhí níos flaithiúla ná tairiscint na gCumhachtaí Láir, sé sin neodracht na hIodáile. Thug bua sa chogadh suíochán buan don Iodáil i gComhairle Chonradh na Náisiún.

Is éard is "An Iodáil Fhaisisteach" ná an tréimhse idir 1922 agus 143, nuair a bhí Páirtí Náisiúnach na bhFaisisteach i mbun rialtais na hIodáile, le Benito Mussolini mar cheann an rialtais. Chuir na faisistithe rialachas forlámhach i bhfeidhm agus bhrúigh siad thíos an fhreasúra polaitiúil agus intleachtúil, fad agus a chur siad nuachóiriú eacnamaíoch , luachanna sóisialta traidisiúnta, agus athmhuintearas leis an Eaglais Chaitliceach Rómhánach chun cinn. De réir Payne (1996), "[the] Fascist government passed through several relatively distinct phases". Bhí é an chéad chéim (1923-1925) in ainm is a bheith ag leanúint an córais pharlaimintigh, cé gur cuireadh "deachtóireacht fheidhmeannaí a bhí dlí-eagraithe" i réim. Ansin, tháinig an dara céim, "thógáil ar an deachtóireacht fhaisisteach chuí, ón bhliain 1925 go dtí 1929". Sa tríú céim idir 1929 go 1934., bhí níos lú gníomhaíochais, Sa cheathrú céim, 1935-1940, ina chomhartha sóirt ag bheartas eachtrach ionsaitheach; cogadh in aghaidh na hAetóipe, a seoladh ón Eiritré agus ó Shomáil na hIodáile[1]; achrainn le Conradh na Náisiún, agus smachtbhannaí a fhorchur ina dhiaidh; neamhthuilleamaíocht eacnamaíocht ag fás; agus síniú Chomhaontú na Cruach. Ba é an cogadh féin (1940-1943) an cúigiú céim lena tubaistí agus chlistí, cé gurb í fuílleach an rialtais Salò faoi smacht na Gearmáine an chéim deiridh (1943-1945).[2] Italiaans gebied in 1940

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teimpléad:Notelist

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cultural Sociology of the Middle East, Asia, and Africa: An Encyclopedia" (2012). Retrieved on 2014-04-06. 
  2. Stanley G. Payne, A History of Fascism, 1914–1945 (1996) p 212