Jump to content

Troisième République (An Fhrainc)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTroisième République

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnLa Marseillaise Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 48° 52′ 13″ N, 2° 18′ 59″ E / 48.8703°N,2.3164°E / 48.8703; 2.3164

PríomhchathairPáras Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán35,565,800 Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síDara hImpireacht na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú4 Meán Fómhair 1870
Díscaoileadh10 Iúil 1940
Á leanúint agRialtas Vichy na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht pharlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadrafranc na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata

Ba í an Troisième République (Gaeilge: 'An Tríú Poblacht') an córas rialtais a bhí i bhfeidhm sa bhFrainc ón mbliain 1870 go dtí an bhliain 1940. Do bunaíodh an Tríú Poblacht i ndiaidh chliseadh na Fraince sa gcogadh idir an Fhrainc agus an Phrúis, rud a chur deireadh leis an Second Empire (Gaeilge: 'Dara hImpireacht na Fraince'), agus ba é Réimeas Vichy a tháinig i ndiaidh na Tríú Poblachta féin.

Léon Gambetta, agus an Tríú Poblacht á fógairt aige, in Hôtel de ville de chathair Pháras, ar an 4ú lá de Mheán Fómhair sa mbliain 1870.

An chéad chóras rialtais a raibh rath fadtréimhseach air sa bhFrainc ó thús Réabhlóid na Fraince sa mbliain 1789 ab ea an Troisième République. I gcaitheamh na mblianta a tháinig i ndiaidh thurnamh mhonarcacht na Fraince, do bunaíodh seacht gcóras rialtais sa bhFrainc: trí [[Monarcacht bhunna deacrachtaí a bhí agesna Francaigh teacht ar chóras rialtais buan soiléiriú ar bhraiteoireacht na hAssemblée nationale (Gaeilge: 'An Tionól Náisiúnta'), ónar theastaigh naoi mbliana - ón mbliain 1870 go dtí an bhliain 1879 - chun deireadh oifigiúil a chur leis an mbunreacht monarcachta a bhí i bhfeidhm roimh thús an Chogaidh Fhranc-Phrúisigh agus bunreacht nua, sin le rá an tríú bunreacht poblachta, a mholadh.

Is as bua na Prúise ar an bhFrainc a tháinig an Tríú Poblacht, agus is fé scáth an aighnis a bhí idir an Ghearmáin agus an Fhrainc a mhair an Phoblacht go dtí gur tháinig deireadh léi ar an 11ú lá d'Iúil sa mbliain 1940, lá ar dhein an Marascal Pétain chef de l'État français (Gaeilge: 'Ceann Stát na Fraince') dó féin.