Jump to content

Aerfhórsa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aerfhórsa

Brainse na bhfórsaí armtha a úsáideann eitleáin (agus b'fhéidir aerárthaigh eile) is ea aerfhórsa.[1] Cuireadh tús leo i 1911-1914, agus tháinig siad le bheith an-tábhachtach i rith an chéad chogadh domhanda. Bhí siad níos suntasaí fós sa dara cogadh domhanda, le róil bheartacha (eitleáin troda is eitleáin ionsaithe gearr-raoin) is straitéiseacha (eitleáin buamála fadraoin). Le teacht chun cinn na mbuamaí adamhacha tháinig na haerfhórsaí le bheith níos tábhachtaí fós. Sna Stáit Aontaithe scaradh an t-aerfhórsa ón arm i 1947. Sna Stáit Aontaithe, an Bhreatain, an Fhrainc is sa Rúis, tá aerfhórsaí ar leith atá dírithe ar chogaíocht farraige, faoi cheannas an chabhlach cogaidh.[2]

  1. "An Foclóir Beag: aerfhórsa" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2025-08-24.
  2. Hussey, Matt (2011). "Aerfhórsa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 12.