An tSiria
|
|||||
| Mana: Níl aon ann. | |||||
| Amhrán náisiúnta: Homat el Diyar "Caomhnóirí na Tíre Dhúchais" |
|||||
| Príomhchathair | an Damaisc 33°30′ Thuaidh 36°18′ Thiar |
||||
| An chathair is mó | an Damaisc | ||||
| Teangacha oifigiúla | Araibis | ||||
| Rialtas | Poblacht Uachtaránach Bashar al-Assad Adel Safar |
||||
| Neamhspleáchas Fógraithe (1) Fógraithe (2) Glactha |
ón Fhrainc Meán Fómhair, 1936 1 Eanáir, 1944 17 Aibreán, 1946 |
||||
| Achar • San iomlán • Uisce (%) |
185,180 km² (88ú) 0.06 |
||||
| Daonra • Meas. ó 2010 • Daonáireamh - • Dlús |
23,695,000 (49ú) - 128/km² (94ú) |
||||
| OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 US$ 71.74 billiún (65ú) US$ 3,847 (118ú) |
||||
| Airgeadra | Punt Siriach (SYP) |
||||
| Crios ama • Samhradh (CSL) |
+2 (UTC) +2 (UTC) |
||||
| Fearann Idirlín | .sy | ||||
| Glaochód | +963 |
||||
Is tír san Meánoirthear í Poblacht Arabach na Siria (Araibis: الجمهورية العربية السورية), nó an tSiria de ghnáth. Tá sí ag críochantacht leis an Liobáin san iarthar, Iosrael san iardheisceart, an Iordáin sa dheisceart, an Iaráic san oirthear agus an Tuirc sa tuaisceart. Tá an chuid is mó den Ghólan, in iardheisceart na tíre, faoi fhorghabháil ag Iosrael ó 1967.
Go stáiriúil, bhí Siria an lae inniu (ach amháin réigiún an Jazira soir ó thuaidh), an Liobán, an Phalaistín, agus cuid den Iordáin mar réigiún amháin darbh ainm an tSiria Mhór, nó mar ba mhinice tagairt di as Araibis, Bilad al-Sham (بلاد الشام ).
Fuair an stát sa lá atá inniu ann neamphspleáchas ón Fhrainc sa bhliain 1946, ach tá stair aici chomh fada siar agus an bhliain 4 RC.[1] Bhí a príomhchathair, an Damaisc, mar shuíochán Impireacht na nUmayyach agus ba phríomhchathair chúigeach í le linn Impireacht na Mamlúc.
Tá daonra na Siria chomh mór agus 19 miliún, formhór acu Muslamaigh Sunnacha, chomh maith le 16% de ghrúpaí Muslamacha eile, mar atá, Alawíigh, Shi'a, Drús agus Ismaelaigh, agus 10% Críostaithe. Ón bhliain 1963 ar aghaidh tá an Páirtí Ba'ath i gceannas; ó 1970 ar aghaidh tagann an ceannstáit ón chlann Assad. Is é Bashar al-Assad uachtarán na Siria faoi láthair, agus bhí a athair Hafez al-Assad i gceannas ó 1970 go dtí 2000 nuair a fuair sé bás.
Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |