Daonáireamh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Taighde ag Edwin Chadwick, sa bhliain 1889

Cuntas oifigiúil ar a bhfuil de dhaoine i dtír, i gcathair srl. is ea daonáireamh (as an Laidin, census),[1] chun faisnéis lánchuimsitheach a bhailiú.

Pleanáil agus taighde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baintear an-úsáid as daonáireamh ar son taighde, chun ionadaíocht dhaonlathach a chinntiú, agus chun bearta eacnamaíocha agus sóisialta a phleanáil. Tá faisnéis ríthábhachtach ann a bhféadfar seirbhísí poiblí a bheartú dá réir.[2]

De réir mholtaí na Náisiún Aontaithe, caithfidh na Ballstáit daonáireamh a reáchtáladh gach deich mbliana.[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sonraí faoin dhaonáireamh a rinneadh sa tSín sa bhliain 2AD ar fáil go fóill - áiríodh go raibh 59.6 milliún duine in Impireacht na Síne ag an am. Dar leis an mBíobla rinne Impire na Róimhe daonáireamh thart faoin am céanna, ach níl sonraí ar fáil.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Foclóir Beag: daonáireamh" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2023-05-31.
  2. Nuacht RTÉ (2022-03-03). "Daonáireamh 2022: "An bhfuil Gaeilge labhartha agat?"" (as ga). 
  3. "Census" (en). United Nations Population Fund. Dáta rochtana: 2023-05-31.