Manuel Murillo Toro

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaManuel Murillo Toro

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Eanáir 1816
Chaparral, An Cholóim Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Nollaig 1880
64 bliana d'aois
Bogotá, An Cholóim Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaCentral Cemetery of Bogotá (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán na Colóime
1 Aibreán 1872 – 1 Aibreán 1874
← Eustorgio SalgarSantiago Pérez de Manosalbas →
Ministry of Finance and Public Credit (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, dlíodóir, taidhleoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPartido Liberal Colombiano Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis

Polaiteoir, státaire agus scríbhneoir Colómach ab ea Manuel Murillo Toro (1816 - 1880), a bhí ina Uachtarán faoi dhó ar Stáit Aontaithe na Colóime (An Cholóim sa lá atá inniu ann), an chéad uair idir 1864-1866, agus arís idir 1872 agus 1874. Sheirbheáil Manuel Murillo Toro chomh maith mar Rúnaí Airgeadais i rith riaracháin an Uachtaráin José Hilario López, agus mar ambasadóir chun Veiniséala agus na Stáit Aontaithe.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Manuel Murillo Toro i mbaile Chaparral ar 1 Eanáir, 1816. Seoladh chun Bogotá é chun staidéar a dhéanamh ar an leigheas, d'fhág sé an mhíochaine áfach agus roghnaigh sé an dlí, agus le linn a chuid staidéar d'oibrigh sé do Vicente Azuero agus Lino de Pombo. Bhain sé céime amach sa bhliain 1836. Ó 1837 d'oibrigh sé mar fhostaí de chuid na Comhdhála,(Congreso de la República de Colombia), agus le linn Chogadh na nArdtaoiseach (Guerra de los Supremos),(1840-1843) sheirbheáil se mar chúntóir chun na gceannairí míleata éagsúla den Pháirtí Liobrálach (Spáinnis:El Partido Liberal). Sa bhliain 1846 bhain sé suíochán i dTeach na nIonadaithe (Cámara de Representantes de Colombia). Bhí sé ina Rúnaí Airgeadais (1849-1853) i rialtas José Hilario López, agus spreag sé saoirse tionsclaíochta agus athchóiriú an dlí arúlachta sa bhliain 1850. Faoin dlí nua leagadh síos go mbeadh úinéireacht na talún ar bhonn saothrú na talún, agus gur chóir go mbeadh carnadh na talún teoranta ó thaobh dlí. Cuireadh a mholtaí san áireamh i bhforáil bhunreachtúil sa bhliain 1936