Maria Edgeworth
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Eanáir 1768 Oxfordshire, England |
Bás | 22 Bealtaine 1849 81 bliana d'aois Meathas Troim |
Faisnéis phearsanta | |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Aiste |
Gairm | scríbhneoir aistí, scríbhneoir litríocht pháistí, úrscéalaí, scríbhneoir |
Ainm cleite | Eliza Edgeworth |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Athair | Richard Lovell Edgeworth agus Anna Maria Edgeworth |
Siblín | Anna Maria Beddoes agus Michael Pakenham Edgeworth |
B'úrscéalaí bisiúil Angla-Éireannach agus scríbhneoir do pháistí í Maria Edgeworth (1 Eanáir 1767 – 22 Bealtaine 1849). Bhí sí ar dhuine de na chéad scríbhneoirí réalaíocha i litríocht na bpáistí.[1] Phearsa lárnach ba ea í ar fhorbairt an t-úrscéal san Eoraip, ag scríobh úrscéal ar nós Castle Rackrent agus The Absentee[2]. Bhí tuairimí aici i gcúrsaí polaitíocht, oideachais agus bhainistíocht eastáit, agus bhíodh sí i dteagmháil le roinnt príomhscríbhneoirí an lae i litríocht agus eacnamaíocht, An Ridire Walter Scott agus David Ricardo san áireamh.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saol Óige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Maria Edgeworth i mBlack Bourton, Oxfordshire, Sasana i 1767. Ba í an dara páiste de Richard Lovell Edgeworth (22 páiste a bhí aige le ceithre bhean chéile) agus Anna Maria Edgeworth (née Elers). Aintín an fealsamh Francis Ysidro Edgeworth ba ea Maria. Chaith sí a saol óige i dteaghlach a máthair i Sasana, go dtí gur chailleadh a máthair nuair a bhí Maria cúig bliana d'aois. Nuair a phósadh a athair arís, le Honora Sneyd i 1773, bhog sí leis go dtí a eastát i Meathas Troim (i mBéarla tugtar Mostrim nó Edgeworthstown ar an mbaile inniu), i Chontae an Longfoirt, Éireann.
Nuair a d'éirigh Honora tinn i 1777, chuireadh Maria chuig Scoil Bean Lattafière i Derby. Fuair Honora bás i 1780 agus ina dhiaidh sin, pósadh an tUasal Edgeworth deirfiúr Honora, Elizabeth. Bhíothas anuas ar dhaoine é seo a dhéanamh, agus bhí sé in aghaidh an dlí ó 1833 go dtí gur rith an tAcht Pósadh Deirfiúr a Bhean Chéile Básaithe 1907. D'aistrigh Maria go dtí Scoil Bean Devis i Londain. I 1781 agus i 14 bliana d'aois, d'fhill sí abhaile agus a radharc beagnach chaillte ó ionfhabhtú súile[3]. Thug sí aire do roinnt siblín níos óige sa teaghlach[4] agus thug a athair ceachtanna di sa bhaile i gcúrsaí dlí, eacnamaíocht na hÉireann, polaitíocht na hÉireann, eolaíocht, agus litríocht. Thosaigh sí ag scríobh litir anonn is anáil d'fhir léannta, go príomha baill an Cumann Gealaí, agus lean sí ar aghaidh mar seo ar feadh a saol.
Thosaigh sí ag obair mar chúntóir a athair agus é ina bhainisteoir ar Eastát Edgeworth. Thit an t-eastát as a chéile agus an teaghlach imithe ó 1777-1782. D'fhan sí anseo ina cónaí agus ag scríobh, ar feadh a saol. Thosaigh Maria agus a athair comhfhreagras acadúil buan. Dúirt daoine gur Maria an duine níos cliste an bheirt[3]. Bhí teaghlach sínte, searbhóntaí, agus tionóntaí i gcónaí i Meathas Troim. Bhreathnaigh sí agus scríobh sí cuntas ar eolas an saol gnáthúil mhuintir na hÉireann. Níos déanaí, úsáid sí é san úrscéalaí faoin saol in Éirinn. Bhuail sí leis an uasaicme Angla-Éireannacha, go háirithe Kitty Pakenham (níos déanaí, bhean chéile Arthur Wellesley, 1ú Diúc Wellington), An Bhantiarna Moira, agus a aintín Margaret Ruxton as An Caisleán Dubh, Contae na Mí[5]. Thug Margaret úrscéalaí di a scríobh Ann Radcliffe agus William Godwin, agus chothaigh í a chuid scríbhneoireacht[6].
Taisteal
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 1798 pósadh Richard le Frances Beaufort, iníon Daniel Augustus Beaufort. Ní raibh ach bliain idir Maria agus Frances agus ba dhlúthchairde iad. Ba í Frances a mholl taisteal an teaghlach go Sasana agus Mór-roinn an Eoraip, ar dtús go Londain i 1800.
I 1802 thaistil siad go dtí Lár Tíre Sasana, agus ina dhiaidh sin go Mór-roinn an Eoraip, go dtí An Bhruiséil ar dtús agus ina dhiaidh sin go dtí Consalacht na Fraince (le linn Síocháin Amiens, sos beag i meán Cogaidh Napóilean). Bhuail siad leis an uasaicme agus fuair Maria ceiliúr pósadh as cuairteoir Sualannais, Cúnta Edelcrantz. I litir a scríobh sí ar an ábhar, bhí cuma an-fhuar uirthi, ach dúirt a leasmháthair i Augustus Hare Life and Letters go raibh Maria i ngrá go mór leis agus chaith sé tamaill go ndéanfadh sí dearmad ar an gcaidreamh. D'fhill siad abhaile go hÉirinn i 1803 an oíche roimh an lá a thosaigh Chogaidh Napóilean arís. Thosaigh Maria ag scríbhneoireacht arís, úrscéalta faoi ghnáthimeachtaí an tsaoil mhuintir na hÉireann, ar nós Tales of Fashionable Life, The Absentee agus Ormond[6]. Bhí ardmheas uirthi mar údar, agus bhí sí ar leibhéal céanna le scríbhneoirí an lae ar nós Jane Austen agus An Ridire Walter Scott. Ag am amháin, thug sí isteach níos mó airgead ná an bheirt eile, agus úsáid sí an t-airgead chun aire a thabhairt lena deartháireacha agus deirfiúracha[4].
Agus i ar cuairt go Londain i 1813, chuireadh fáilte ar Maria mar "Leon an litríocht." Bhuail sí leis an Tiarna Byron (níor thaitin sé léi) agus le Humphry Davy chomh maith. Thosaigh comhfhreagras fada idir Maria agus an Tóraí, an Ridire Walter Scott, tar éis foilsithe Waverly i 1814. Sa leabhar seo, ghabh Scott buíochas léi mar gheall ar a thacaíocht agus thosaigh cairdeas buan idir an bheirt. Thug Maria cuairt dó in Albain i 1823 i dTeach na hAbbotsford agus chuaigh siad ar thuras an ceantar[6]. An bhliain ina dhiaidh sin, thaistil an Ridire Walter go Meathas Troim. Agus an grúpa ag dul tríd an bhaile, dúirt duine amháin, "Níor thángthas botháin dóibe ná cosmhuintir lom, ach teachín teolaí agus meangadh timpeall na háite."[7]. An mhalairt a dúirt cuairteoir eile, go raibh gráin ag cónaitheoirí Meathas Troim ar Edgeworth, agus iad ag labhairt leis gan béasa ar bith[8].
Saol Níos Déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Richard Edgeworth cothrom agus é ag déileáil lena chuid tionóntaí agus bhí sé ag obair go gníomhaíocht i mbainistíocht an eastáit. Tar éis díospóireacht leis an eacnamaí David Ricardo, theastaigh ag Maria an eolaíocht a chur i bhfeidhm sa talmhaíocht chun níos mó bia agus praghsanna níos lú a fháil[9]. Bhí Richard agus Maria i bhfabhar Fuascailt na gCaitliceach, cé go mbeadh sé i gcoinne a suimeanna féin[10][11]. Bhí siad i bhfabhar níos mó oideachas le haghaidh mhná agus athraithe sa talmhaíocht. D'oibrigh Maria go dian, go háirithe chun saol na daoine bochta i Meathas Troim a fheabhsú. I Meathas Troim, bhun í scoileanna do pháistí áitiúil, is cuma cén creideamh[12].
Is í a chuir leabhar cuimhní cinn a athair in eagar tar éis a bás i 1817 agus chuir sí isteach tuilleadh eolas. Scríbhneoireacht gníomhach ab ea í ar feadh a saol.
Agus An Gorta Mór ar siúl, níor thug Edgeworth aon fhóirithint do na tionóntaí go dtí go raibh an cíos íoctha go hiomlán. Chomh maith, chuir sí pionós do na tionóntaí a vótáil i gcoinne a roghanna Tóraí féin[13].
Saothair Fhoilsithe (páirt-liosta)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1795 - Letters for Literary Ladies; an dara heagrán i 1798
- 1795 - An Essay on the Noble Science of Self-Justification
- 1798 - Practical Education (dhá imleabhair; a scríobh sí le Richard Edgeworth agus Honora Sneyd)
- 1801 - Early Lessons
- 1801 - Moral Tales
- 1801 - The Mental Thermometer
- 1802 - Essay on Irish Bulls (aiste polaitíocht a scríobh sí lena athair)
- 1804 - Popular Tales (trí imleabhair)
- 1804 - The Modern Griselda
- 1805 - Moral Tales for Young People (sé imleabhair)
- 1809 - Essays in Professional Education
- 1821 - Rosamond: A Sequel Early Lessons
- 1822 - Frank: A Sequel to Frank in Early Lessons
Leabhair do Pháistí[14]
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1796 - The Parent's Assistant/Stories for Children
Úrscéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1800 - Castle Rackrent
- 1801 - Belinda
- 1806 - Leonora
- 1809 - Ennui
- 1809 - Tales of Fashionable Life
- 1812 - The Absentee
- 1814 - Patronage
- 1817 - Harrington
- 1817 - Ormond
- 1817 - Comic Dramas
- 1823 - Tomorrow
- 1834 - Helen
- 1848 - Orlandino
Saothar Eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Memoirs of Richard Lovell Edgeworth – 1820 (chuir í an leabhar in eagar)
Bás agus Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuail pian sa chroí ar Maria nuair a d'fhill sí ó chuairt go dtí a gaolta i Troim agus í sna hochtóidí. Tar éis taom croí, fuair sí bás go tobann i Meathas Troim ar an 22ú Bealtaine, 1849[3].
Bhun Cumann Gaeilge na nUladh i 1830 agus níor fhoilsigh iad ach leabhar amháin, aistriúcháin go Gaeilge de dhá scéal Maria Edgeworth[15]. D'aistrigh Tomás Ó Fiannachtaigh Forgive and Forget go Gaeilge sna 1830di[16].
Sna 1970ídi, bhronn Christina Colvin (sin-garneacht Maria) bailiúchán bunlitir príobháideach Maria ar Leabharlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath, agus ar Leabharlann Bodleian in Oxford[17].
I 2020, thángthas The Cotswolds Auction Company ar bhailiúchán litir agus dialann Maria Edgeworth i mbaile beag sna Cotswolds. Díoladh é ar ceant ar €200,000[18][19].
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Maria Edgeworth". Encyclopedia Britannica Online. 19 Nollaig 2009.
- ↑ Broderick, Marian, author.. "Wild Irish Women : Extraordinary Lives from History". OCLC 1100921976.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 "Edgeworth, Maria (1768–1849), novelist and educationist | Oxford Dictionary of National Biography" (en). www.oxforddnb.com. doi:10.1093/ref:odnb/9780198614128.001.0001/odnb-9780198614128-e-8476. Dáta rochtana: 2020-02-23.
- ↑ 4.0 4.1 "Rhetorical theory by women before 1900 : an anthology" (2002): 130-131. Lanham, Md.: Rowman & Littlefield. OCLC 47989958.
- ↑ "Navan Historical Society - Blackcastle House". www.navanhistory.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-12. Dáta rochtana: 2020-02-24.
- ↑ 6.0 6.1 6.2 C. J. Woods (1979-09). "A Dictionary of Irish Biography. By Henry Boylan. Pp xi, 385. Dublin: Gill & Macmillan. 1978. £11.00.". Irish Historical Studies 21 (84): 120. doi: . ISSN 0021-1214.
- ↑ Deane, Seamus, 1940- Carpenter, Andrew. Williams, Jonathan, 1943- (1991-2002). "The Field Day anthology of Irish writing". Field Day Publications. OCLC 24789891.
- ↑ "Maria Edgeworth and the Public Scene: Intellect, Fine Feeling and Landlordism in the Age of Reform. By <italic>Michael Hurst</italic>. (Coral Gables, Fla.: University of Miami Press. 1969. Pp. 206. $7.95.)" (1970-10). The American Historical Review: 94. doi: . ISSN 1937-5239.
- ↑ Barbara M Fraumeni (2011-05). "Report of the Committee on the Status of Women in the Economics Profession 2010". American Economic Review 101 (3): 731–736. doi: . ISSN 0002-8282.
- ↑ Barbara M Fraumeni (2011-05). "Report of the Committee on the Status of Women in the Economics Profession 2010". American Economic Review 101 (3): 731–736. doi: . ISSN 0002-8282.
- ↑ Murphy, Sharon (Sharon Jude) (2004). "Maria Edgeworth and romance". Dublin: Four Courts. OCLC 56888512.
- ↑ Maria Edgeworth (1867-01-01). "To Mrs. Edgeworth, 11 May 1822". Maria Edgeworth: Letters from England 1813–1844. Oxford University Press.
- ↑ "Maria Edgeworth and the Public Scene: Intellect, Fine Feeling and Landlordism in the Age of Reform. By <italic>Michael Hurst</italic>. (Coral Gables, Fla.: University of Miami Press. 1969. Pp. 206. $7.95.)" (1970-10). The American Historical Review: 94. doi: . ISSN 1937-5239.
- ↑ "Books by Edgeworth, Maria (sorted by popularity)" (ga). Project Gutenberg. Dáta rochtana: 2020-03-14.
- ↑ Eric P. Hamp, Brian Ó. Cuív, Brian O. Cuiv (1953-10). "Irish Dialects and Irish-Speaking Districts: Three Lectures". Language 29 (4): 512. doi: . ISSN 0097-8507.
- ↑ Welch, Robert, 1947-2013. (1988). "A history of verse translation from the Irish, 1789-1897": 90-. Gerrards Cross, Bucks.: C. Smythe. OCLC 17547581.
- ↑ Valerie Pakenham. "Maria Edgeworth’s letters: a window onto nearly 70 years of Irish history" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-03-14.
- ↑ "Longford's Maria Edgeworth notebooks and letters sell for an incredible €200,000 at auction". www.longfordleader.ie. Dáta rochtana: 2020-03-14.
- ↑ "ANGLO-IRISH AUTHOR MARIA EDGEWORTH – STUNNING COLLECTION UNEARTHED". www.cotswoldauction.co.uk. Dáta rochtana: 2020-03-14.[nasc briste go buan]