Fuascailt na gCaitliceach
Cineál | Fuascailt | ||
---|---|---|---|
Tréimhse | 18 haois - 19 haois | ||
Tír | Ríocht na Breataine Móire agus Ríoghacht Éireann | ||
Gluaiseacht pholaitiúil in Éirinn agus an Ríocht Aontaithe ag deireadh an 18ú haois agus tús an 19ú haois ab ea Fuascailt na gCaitliceach. An cuspóir a bhí ann ná na srianta a bhí ar na gCaitlicigh a laghdú nó a scriosadh, mar shampla na Péindlíthe.
Ba é ceannaire na gluaiseachta an polaiteoir Caitliceach Dónall Ó Conaill.
Sheas an Conallach i bhfothoghchán i gContae an Chláir sa bhliain 1828. Bhuaigh sé, cé go raibh cosc air a shuíochán a thógáil suas i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe mar gheall ar an Mionn Ceannais. Ba é sin ba chúis leis an ngéarchéim ar tháinig Fuascailt na gCaitliceach ina diaidh.[1]
Cuireadh dlí nua i bhfeidhm i dtreo go mbeadh cead ag an gConallach a shuíochán a ghlacadh mar bhí eagla ar an rialtas go mbeadh éirí amach eile ann in Éirinn.[2]
Ritheadh an tAcht Faoisimh do Chaitlicigh sa bhliain 1829 nuair a bhí Arthur Wellesley (an chéad Diúc Wellington) ina phríomh-aire. Tugadh aontú an rí ar an 13 Aibreán 1829. Thug an t-Acht cead d'fhir Chaitliceacha a bhí ábalta vótáil dul isteach i bParlaimint Shasana agus post a bheith acu i seirbhís an stáit nó sna fórsaí armtha.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-04-13.
- ↑ Oliver MacDonagh (1991). "O'Connell: The Life of Daniel O'Connell, 1775-1847" (as en). Weidenfeld and Nicolson.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |