Jump to content

Na Péindlíthe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
"Antidote against the infectious contagion of popery and tyranny", 1745, Dún Éideann. Cheap an Bhunaíocht ag an am go raibh an pápaireacht    ó smacht ar fad, in Éirinn agus thar lear

Ón 17ú haois go deireadh an 18ú haois a bhí na Péindlíthe i bhfeidhm in Éirinn.[1] Rinne siad leatrom ar Ghaeil agus ar Chaitlicigh. ach rinneadh géarleanúint ar na hEasaontóirí Protastúnacha chomh maith.

Bhí dlús curtha leis na Péindlíthe i ndiaidh Chath na Bóinne sa bhliain 1690. Bhí eagla ann go háirithe go rachadh na Caitlicigh in Éirinn dul i gcomhghuaillíocht leis na Spáinnigh.

Níos déanaí bhí deacrachtaí ag muintir na hÉireann freastal ar Aifreannscoil. As seo a d'eascair na scoileanna scairte nó na scoileanna cois claí. Deirtí an tAifreann amuigh faoin aer. Cé gur thit cuid mhaith de na dlíthe seo as feidhm faoi dheireadh na 18ú haoise, d'fhan a rian i bhfad sa mhéid is go raibh na Gaeil i bhfad ar gcúl ina dhiaidh sin i gcúrsaí oideachais, rialtais agus geilleagair.

Tugtar Fuascailt na gCaitliceach ar an iarracht a rinne polaiteoirí ar nós Dónall Ó Conaill chun dul i ngleic leis na dlíthe seo.

In 2025, bhí sé dearbhaithe ag Hilary Benn go ndéanfaidh sé aisghairm ar an Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737. Go dtí 2025, cuireadh cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó Thuaidh. Cé nach raibh an dlí seo in úsáid ar feadh na gcéadta bliain agus nár tugadh aird ar bith air ó d’imigh an fheidhm uaidh, léirigh a leithéid an cineál sochaí choilíneach ghéarleanúnach sheicteach chiníoch a chuir an Bhreatain i bhfeidhm in Éirinn go stairiúil.[2][3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. nó, go hannamh, na Dlíthe Peannaideacha
  2. Cathal Ó Murchú – An Páipéar (2025-02-28). "Péindlí Aisghairmthe faoi Dheireadh" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-03-02.
  3. Conradh na Gaeilge (Feabhra 2025). "‘Clochmhíle stairiúil’ eile agus Acht 1737 ó aimsir na bPéindlithe a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh le haisghairm - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge". cnag.ie. Dáta rochtana: 2025-03-02.