Jump to content

Cath na Bóinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCath na Bóinne
Cogadh an Dá Rí

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcath
Dáta11 Iúil 1690 agus 1 Iúil 1690 (Iúlach)
Comhordanáidí53° 43′ 23″ N, 6° 25′ 25″ O / 53.7231°N,6.4236°W / 53.7231; -6.4236
ÁitDroichead Átha, Contae na Mí
TírRíoghacht Éireann agus Éire
RannpháirtitheWilliamite (en) Aistrigh, Seacaibíteachas, Ríocht na hAlban, Ríocht na Fraince agus Poblacht na Seacht nDúiche Aontaithe

Troideadh Cath na Bóinne sa bhliain 1690, agus tá sé ar na cathanna is mó a troideadh riamh in Éirinn.

Sa bhliain 1660 tháinig Rí Séarlas II Shasana i gcoróin, tar éis ré Chromail. Bhíothas i ndiaidh an chuid is mó d'Éirinn a chur i seilbh tiarnaí talún Protastúnacha faoin am seo. Tháinig an Rí Séamas II Shasana i réimeas i 1685, rí a raibh cáil an Chaitliceachais air, ach trí bliana dár gcionn tháinig Liam Oráiste i dtír i Sasana, tar éis dó cuireadh a fháil ón bParlaimint (ó na "Seacht Neamhbhásmhara" (Immortal Seven), grúpa tiarnaí Sasanacha) chun glacadh le coróin Shasana. I 1689 tháinig an Rí Séamas go hÉirinn.

Geopholaitíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhéadfadh sé gurb é an cath seo an ceann is cáiliúla i stair na hÉireann ach ba é ba chúis leis ná dhá rud a tharla lasmuigh d’Éirinn.[1]

Sa bhliain 1669, chuir Séamas an pharlaimint agus na huaisle ina aghaidh nuair a thiontaigh sé ina Chaitliceach.[2][3]

Sa bhliain 1672, rinne Rí Louis na Fraince ionradh ar an Ísiltír (Cogadh na Fraince-Ísiltíre, 1672).[4] Tharla ionradh na Fraince ar Phalaitíneacht na Réine in 1688, nuair a thosaigh Cogadh na Naoi mBliana — is é sin díreach an t-ionradh a spreag an Chomhghuaillíocht Mhór (League of Augsburg). Tháinig Liam Oráiste chun cinn mar phearsa thábhachtach sa chomhghuaillíocht leathan a tháinig chun cinn in aghaidh na Fraince mar thoradh ar an ionradh sin.

Snaidhmeadh an dá shaincheist sin le chéile mar aon ábhar amháin nuair a tháinig Liam Oráiste (nó Liam III), ar nia agus cliamhain Shéamais é, go Sasana i mí na Samhna 1688 agus 15,000 saighdiúir in éineacht leis. Corónaíodh é féin agus a bhean chéile, Máire, iníon Shéamais, mar rí agus mar bhanríon.

Dhearbhaigh Séamas II cearta iomlána na monarcachta ach cuireadh as cumhacht é i Sasana.[1]

le Jan van Huchtenburgh, 1733 sa Rijksmuseum
an suíomh
Donore: lárionad inniu
Oldbridge House: lárionad inniu
Tá lasadh tinte cnámh ar cheann de na traidisiúin ar an 12 Iúil. An tine chnámh ollmhór anseo i mBéal Feirste.

Feachtas in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí an Mhárta 1689, tháinig Séamas le hoifigigh Fhrancacha, le hairgead agus le harmas, ach ní arm saighdiúirí rialta a bhí ann. Níor tháinig 6,500 saighdiúir Francach (faoi cheannas an Chunta de Lauzun) go hÉirinn go dtí mí an Mhárta 1690, mar mhalartú ar na saighdiúirí Éireannacha a seoladh chun na Fraince faoi cheannas Thiarna Mountcashel.[5]

I ndiaidh "Bhriseadh Dhroim Mór" (14 Márta 1689), d'éirigh go hiomlán leis na Seacaibítigh Béal Feirste a ghabháil agus a chur faoina smacht sular ghluaiseadar i dtreo Dhoire.

Cé gur ionsaigh na Seacaibítigh Caisleán na Croime, tharla mórchath inar cloíodh iad in aice láimhe ag Cath an Ghallbhaile (Newtownbutler) ar an 31 Iúil 1689. Ar an 28 Iúil, áfach, briseadh an léigear ar Dhoire.

Go deimhin, ba é cath na Bóinne, a raibh 36,000 saighdiúir ar thaobh Liam agus 25,000 saighdiúir ar thaobh Shéamais páirteach ann, an cath ba mhó a troideadh riamh roimhe sin ar thalamh na hÉireann.[1]

Cath pan-Eorpach a bhí ann mar go raibh saighdiúirí as an Ísiltír, as an Danmhairg, as an nGearmáin, as an Iorua agus as an bPolainn páirteach ann, gan trácht ar na saighdiúirí as an mBreatain agus as Éirinn.

Bhí Francaigh ag troid ar an dá thaobh, is é sin, roinnt Protastúnach Úgónach ag troid ar son Liam agus arm 6,500 saighdiúir a chuir Louis ar fáil chun tacú le Séamas.

Ar deireadh bhuail Liam fórsaí Shéamuis ag Cath na Bóinne, a troideadh ar an 1 Iúil nó – san fhéilire nua – ar an 11 Iúil 1690.[6] Is é an 12ú an lá comórtha traidisiúnta (a tháinig chun bheith ceangailte i ndiaidh dó a bheith curtha in aon dháta le Cath Eachroma sa 18ú haois).

'Séamas an chaca' a tugadh ar an Rí Séamas II nuair a 'rith sé' as Cath na Bóinne.[7]

Ní raibh Cath na Bóinne cinntitheach: bhí Cath Eachroma, a tharla i mí Iúil 1691, i bhfad níos fuiltí agus níos tábhachtaí.[1]

Príomhalt: Cath Eachroma

Ní raibh i gCath na Bóinne ach bua simplí a bhfuil cáil (seicteach) air ó shin: ba Chaitlicigh iad trúpaí ruathair Liam, is é sin, an Garda Gorm Dúitseach, agus i measc a chuid comhghuaillithe áiríodh an Vatacáin agus Vín, inar canadh Te Deum chun bua na Bóinne a cheiliúradh. Os a choinne sin, d’fhan cuid mhór den ordlathas Protastúnach dílis do Shéamas.

Dá ainneoin sin, ós rud é go raibh an dá rí i láthair, tugadh cumhacht mhiotasach do Chath na Bóinne agus, sa deireadh, ba é sin ba chúis le toradh an chatha a thiontú ina bhua Protastúnach. Chinntigh bua na nUilliamaíteach in Éirinn go mbeadh an lámh in uachtar ag an mBreatain agus ag Protastúnaigh ar Éirinn.

Tar éis an chogaidh, tharla forghabháil talún ar scála mór ar thailte na dtiarnaí a thacaigh le Séamas II (na Seacaibítigh). I gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan is mó a cuireadh an forghabháil seo i bhfeidhm (agus cailleadh an beagán talún a bhí fágtha ag na seantiarnaí Caitliceacha i gCúige Uladh chomh maith).

Le linn na 1690idí, bhuail gorta mór Albain (tréimhse ar a dtugtar The Seven Ill Years). Ag an am céanna, bhí talamh le fáil i gCúige Uladh tar éis an chogaidh. Meastar gur tháinig idir 50,000 agus 80,000 Albanach (Preispitéirigh den chuid is mó) go hUltaibh laistigh de dheich mbliana. D'athraigh an t-athrú daonra seo struchtúr sóisialta agus reiligiúnach an chúige go buan, go háirithe in Aontroim, sa Dún, agus i nDoire, níos mó ná mar a d'athraigh an phlandáil in 1609.

Ba é seo an phlandáil ba threise riamh a rinneadh in Éirinn, agus féachann a síol siúd, Aontachtaithe agus Protastúnaigh, siar ar Chath na Bóinne le lúcháir, mar gurbh é bua an Rí Liam ar an Rí Séamas a thug tús áite don Phrotastúnachas i Sasana agus in Éirinn ón lá sin i leith.

Bíonn an pobal Aontachtach ag máirseáil ar fud Chúige Uladh i mí Iúil, go háirithe ar an 12ú lá, le comóradh a dhéanamh ar Chath na Bóinne.

Cheannaigh rialtas Phoblacht na hÉireann suíomh an chatha in 1999[8] chun é a fhorbairt mar shuíomh turasóireachta staire, éacht a leanann as Comhaontú Aoine an Chéasta.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 4 100 (2019-05-27). "Lámhainní Fada an Rí Liam" (ga-IE). 100 Objects. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-06-16. Dáta rochtana: 2022-09-16.
  2. connie.fisher (2016-02-26). "James II (r.1685-1688)" (en). The Royal Family. Dáta rochtana: 2022-09-16.
  3. 100 (2019-05-27). "Lámhainní Fada an Rí Liam" (en). 100 Objects. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-06-16. Dáta rochtana: 2022-09-16.
  4. "Dutch War | 1672–1678 | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2022-09-16.
  5. pleanala.ie. "Cath na Bóinne". Dáta rochtana: 2022.
  6. battleoftheboyne.ie. "Battle of the Boyne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-02-21. Dáta rochtana: 2022.
  7. "Nach gránna é? Ní raibh sé míle ó chac bó ariamh…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-16.
  8. RTÉ news (1999-12-05). "Government to buy the site of the Battle of the Boyne" (as en).

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]