Úgónaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaÚgónaigh

Cineálgrúpa eitnireiligiúnach
CreideamhCailvíneachas
EapainmBesançon Hugues
Tíreolaíocht
StáitRíocht na Fraince
An cros Úgóineach
Ár Lá Fhéile Bairtliméid, 1572,pictiúir de chuid François Dubois

Is éard is Úgónach (nó Úgóineach) ann ná duine atá ina bhall d'aicme creidimh Protastúnach Francach a tháinig ar an saol sa Fhrainc sa 16ú haois, faoi anáil Eoin Cailvín. Tír Chaitliceach ab ea an Fhrainc agus thosaigh an rí ag déanamh géarleanúna orthu. Tar éis tamaill theith siad ón tír. Tugadh Úgónaigh ar lucht leanúna Calvin sa bhFrainc.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh géarleanúint ina gcoinne ag tosnú sa 16ú haois.[1] Bhí Ár Lá Fhéile Bairtliméid (1572) an sléacht ba chlúití a rinne orthu. D'ainneoin sin, bhí suas le dhá mhilliún Úgóineach sa Fhrainc faoin 17ú haois, an t-ochtú cuid de dhaonra na tíre, i lár, deisceart agus oirthear na tíre go príomha.

Thug Forógra Nantes (1598)[2] aitheantas ar an chuid is mó dá gceart.

Sa bhliain 1685, d'eisigh an rí Caitliceach na Fraince, Louis XIV, Forógra Fontainebleau a bhain a saoirse creidimh díobh agus cuireadh tús le géarleanúint fhíochmhar orthu. D'éirigh le leathmhilliún Úgóineach éalú ón tír. Fuair an chuid eile díobh bás nó ghlac siad leis an gCaitliceachas.

Imeacht na nÚgónach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í an imirce an t-aon bhealach éalaithe atá ag na hÚgónaigh agus chuir siad fúthu áit ar bith a raibh cead acu. D'éirigh go maith leo mar lucht gnó, dhochtúirí, intleachtóirí agus a leithéid ina lán tíortha ón Afraic Theas go Meiriceá Thuaidh. Ba i dtíortha Protastúnacha na hEorpa a chuaigh an chuid ba mhó díobh a chónaí.

Na hÚgónaigh in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig pobal beag Úgónach go hÉirinn ón Fhrainc, i ndiaidh do Louis XIV a gcearta a bhaint díobh.[3] Chuir roinnt acu fúthu i mBaile Átha Cliath agus in áiteann eile i gCúige Laighean ar nós Chúil an tSúdaire i gContae Laoise. Ar chósta oirdheisceart na Mumhan bunaíodh pobail Úgónacha i gCorcaigh, i bPort Láirge agus in Eochaill, agus tá áit i gCathair Chorcaí a dtugtar Ceantar Úgónach air fós.[4]

I gCúige Uladh lonnaíodar pobail úra i mbaile mór Lios na gCearrbhach agus sa mhórcheantar maguáird i ndeisceart Chontae Aontroma, i gContae an Dúin agus oirthuaisceart Chontae Ard Mhacha;

  • Contae Aontroma: i nDoire Achaidh, i Lann Bheag, i Machaire Gall, i mBaile an Doire, i mbaile Aontroma, i gCarraig Fhearghais agus i mBéal Feirste féin.
  • Contae an Dúin: i gCnoc mBréadach, i mBláras, i Maigh Rátha, in Eanach Eillte, i nDroim Bó, i Droim mBearach, i mBaile na hInse, i Ráth Fraoileann, i gCill Chaoil, i mBaile an Bhairínigh, Tulach Ard (gar do Mhachaire Lainne), ar an Droim Mhór agus i Láithreach Deirce.
  • Contae Ard Mhacha: ar an Lorgain, i mBaile an Mhuilinn (in aice le Machaire ar bhruach Loch nEathach) agus i gcathar Ard Mhacha féin.

Chuireadar fúthu fosta i mBaile Eachaidh i gContae Dhoire, i Muineachán agus i gCill na Seanrátha i gContae an Chabháin.

Thugtaí 'strainséirí Protastúnacha' nó 'Protastúnaigh eachtranacha' ar na hÚgónaigh as siocair nach as na hOileáin Bhriotanacha dóibh. Bhí tionchar díréireach acu ar an tír. Mar shampla, deirtear gur thug na hÚgónaigh an blaa isteach sa 17ú haois. Deirtear freisin go dtagann an focal ón bhFraincis (blanc nó bán) de thoradh ar an bplúr. I bhfianaise an Chailvíneachais ar fealsúnacht diagachta é a bhí go mór i bhfeidhm i measc Phreisbitéirigh na hAlban agus Úgónaigh na Fraince araon, chuaigh lear mór de na hÚgónaigh leis an Phreisbitéireachas tamall gairid i ndiaidh dóibh teacht go hUltaibh. É sin ráite, is léir go ndeachaigh cuid an-mhór acu isteach in Eaglais (Anglacánach) na hÉireann fosta.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Reifirméisean" (en). prezi.com. Dáta rochtana: 2021-10-31.
  2. "Edict of Nantes" (as en) (2021-10-09). Wikipedia. 
  3. Liz Curtis (2001). "An doicheall roimh na Sínigh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-31.
  4. "An reifirméisean timpeall NA hEorpa Flashcards | Chegg.com". www.chegg.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-04-05. Dáta rochtana: 2021-10-31.