Tomás de Bhaldraithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTomás de Bhaldraithe
Beathaisnéis
Breith14 Nollaig 1916
Baile na Cora, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Aibreán 1996
79 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfoclóirí, teangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Síniú

Scoláire aithnidiúil Gaeilge ba ea Tomás de Bhaldraithe (1916–1996).[1] Rugadh i Luimneach é, ach d'aistrigh a mhuintir go Baile Átha Cliath nuair a bhí sé cúig bliana déag. Is é an t-ainm a baisteadh air ó thús ná Thomas McDonagh Waldron, i ndilchuimhne ar Thomás Mac Donncha a básaíodh i ndiaidh dó Forógra na Cásca a shíniú, ach is faoin leagan Gaeilge dá ainm is fearr a aithnítear é.

Is é an foclóir Béarla-Gaeilge is mó a thuill clú dó, agus é ar ceann de na clocha míle is mó i bpleanáil, i bhforbairt agus i gcaighdeánú na Gaeilge. Bhí an-tionchar ag an bhfoclóir seo ar an gcineál Gaeilge a chleachtann foghlaimeoirí na teanga. Fuair sé tacaíocht ó Éamon de Valera dá pholasaí i leith an cheartlitrithe, agus mar sin, d'éirigh leis buille mór a bhualadh in aghaidh an tseanlitrithe.

Sa bhliain 1960, rinneadh Ollamh le Nua-Ghaeilge de i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, agus chuir sé i dtoll le chéile cartlann mhór ábhair i gcanúintí na Gaeilge. Baineadh an-úsáid as an ábhar seo nuair a cuireadh an Foclóir Gaeilge-Béarla in eagar. Is le Niall Ó Dónaill a luaitear an foclóir sin, ach bhí an-lámh ag de Bhaldraithe san obair sin, mar eagarthóir comhairleach.

Bhunaigh de Bhaldraithe an chéad teanglann ollscoile in Éirinn, agus ní raibh a leithéid le fáil sa Bhreatain Mhór ach an oiread san am.

Bhí sé ina shaineolaí mór ar chanúintí Chonamara, agus d'fhoilsigh sé monagraf faoi Ghaeilge Cois Fharraige, arbh í teanga dhúchais Mháirtín Uí Chadhain í: Gaeilge Chois Fhairrge: Deilbhíocht. Déanta na fírinne, is féidir a fheiceáil ar a fhoclóir go raibh an chanúint sin aige thar aon chineál Gaeilge eile, nó i gcúpla áit, deir sé ar rinneníor rinne, in áit an ndearnaní dhearna an Chaighdeáin. Réitigh sé don chló leabhair ar nós Seanchas Thomáis Laighléis, ar leabhar dírbheathaisnéisiúil í le cainteoir dúchais ó Oirthear na Gaillimhe, nó Cín Lae Amhlaoibh, leagan giorraithe de dhialann cháiliúil Amhlaoibh Uí Shúilleabháin, atá oiriúnach do na gnáthléitheoirí.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tomás de Bhaldraithe: Cuimhní Cairde, Proinsias Mac Aonghusa a chuir in eagar (An Clóchomhar, 1997)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]