An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálollscoil phoiblí
ollscoil taighde Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1854
Gníomhaíocht
Ball deDigital Preservation Coalition (en) Aistrigh
ORCID
Cumann Eorpach na nOllscoileanna
Coalition for Advancing Research Assessment (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon scoláirí33,321 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
MáthaireagraíochtOllscoil na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinucd.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: universitycollegedublin Twitter: ucddublin Instagram: universitycollegedublin LinkedIn: 8462 Youtube: UCFNm26OW87Dm3fZ1txX1vGA Cuir in eagar ar Wikidata

Ollscoil Éireannach is ea An Coláiste Ollscoile, Baile Átha CliathCOBÁC (Béarla: University College Dublin (UCD)), (nó Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath mar a ghlaoitear uirthi go minic), (University College Dublin - National University of Ireland, Dublin tráth), atá suite i mBelfield i ndeisceart na príomhchathrach, Baile Átha Cliath. Is an ollscoil is mó in Éirinn í le breis agus 20,000 mac léinn cláraithe inti. Is comhcholáiste de chuid Ollscoil na hÉireann í.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'í an chéad ollscoil Chaitliceach in Éirinn í. Tagann an ollscoil ó bhforas, The Catholic University of Ireland, a raibh lámh ag John Henry Newman ina bunú agus is é a bhí mar an chéad reachtaire uirthi sa bhliain 1854. Rinneadh athmhúnlú air sa bhliain 1880 agus a fuair a cairt féin faoi 1908.

Foirgnimh san Ollscoil agus cinn atá nasctha léi[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainmníodh foirgneamh sa Choláiste i gcuimhne ar Gerard Manley Hopkins sa bhliain 2011, tar éis a thréimhse ann mar Ollamh Gréigise.

Bhronn Peter Sutherland €4 mhilliún de dheontas ar an gColáiste Ollscoile, le scoil dlí nua a thógáil in áit an tseanchinn, Caisleán Ruabhoic. Scoil Dlí COBÁC Peter Sutherland a thugtar ar an scoil.

Scoil an Leighis agus Eolaíocht an Leighis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cúrsaí ollscoile a bhaineann le heolaíochtaí an duine lonnaithe in Ionad na nEolaíochtaí Sláinte (Foirgneamh na n-Eolaíochtaí Sláinte chomh maith) ar champas Belfield. B'é scoil an leighis agus na hinnealtóireachta an dá dháimh dheirneacha a bhog amach ó Ardán Phort an Iarla go Belfield.

Tá Scoil an Leighis nasctha le hOspidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus é mar phríomhospidéal oiliúna acu.

Cumainn agus Meáin na Mac Léinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Cumann Liteartha agus Stairiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an Cumann Liteartha agus Stairiúil an cumann díospóireachta is mó ar an gColáiste agus ceann de na cinn is mó, is sine agus is aitheanta sa tír ar fad chomh maith. Cuireann an cumann díospóireachtaí agus comórtais rialta ar siúl.

An Cumann Gaelach (COBÁC)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cumann mór mac léinn é an Cumann Gaelach a eagraíonn réimse leathan imeachtaí gach bliain. Le tamall de bhlianta anuas bhí os cionn 1,000 ball ag an gCumann. Sa bhliain 2011 bhí os cionn 2,000 ball acu.

Na Meáin Chlóite[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá phríomhnuachtán mac léinn sa choláiste. Is nuachtán mórbhileoige é an University Observer a fhoilsítear gach coicís. Is nuachtán tablóide é an College Tribune a bhunaigh an t-iriseoir Vincent Browne.

Raidió[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is stáisiún raidió mac léinn é Belfield FM a chraolann as An Coláiste Ollscoile, ar líne agus ar FM ar feadh tréimhsí áirithe gach bliain.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí spórt a imrítear ar champas agus is ann do mhórán áiseanna éagsúla cé nach bhfuil raon reatha ag an gColáiste a thuilleadh. Osclaíodh ionad úr spóirt sa bhliain 2012 a bhfuil linn snámha, giomnáisiam agus áiseanna eile mac léinn ann.

Sacar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ann a imríonn Cumann Peile Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]