Gerard Manley Hopkins
Jump to navigation
Jump to search
Gerard Manley Hopkins | |
![]() | |
Dáta breithe | 28 Iúil, 1844 |
Stratford, Londain | |
Dáta báis | 8 Meitheamh, 1889 |
Baile Átha Cliath | |
Náisiúntacht | Sasanach |
Gairm | File, sagart, ollamh |
Ba fhile Sasanach é Gerard Manley Hopkins, C.Í. (28 Iúil, 1844 – 8 Meitheamh, 1889) a d'iompaigh ar an gCaitliceachas, is a bhí ina shagart de chuid Chumann Íosa a bhain cáil amach san fhichiú haois tar éis a bháis agus aithnítear anois é mar dhuine de mhórfhilí na ré Victeoirí. Tugtar cuid mhaith aitheantais dó de bharr a chuid filíochta turgnamhaí sa phrosóid (ach go háirithe rithim ghéilleach) agus an úsáid a bhain sé as íomhánna, agus braitear go raibh sé ar thús cadhnaíochta i ré a bhí lán leis an véarsaíocht thraidisiúnta. Ainmníodh foirgneamh sa COBÁC i gcuimhne air, sa bhliain 2011, tar éis a thréimhse ann mar Ollamh Gréigise.