University Observer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is nuachtán Béarla mórbhileoige ollscoile é The University Observer a fhoilsítear gach coicís sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bíonn ailt rialta i nGaeilge ann. Nuachtán é a fhaigheann bunmhaoiniú ón táille clárúcháin coláiste, mar sin tá dualgas áirithe orthu éilimh na mac léinn a chomhlíonadh.