Peter Sutherland
Peter Sutherland | |
![]() | |
Peter Sutherland 1946-2018 | |
Ard-Aighne na hÉireann
| |
In oifig 30 Meitheamh 1981 - 9 Márta 1982 | |
Réamhtheachtaí: | Anthony J. Hederman |
Comharba: | Patrick Connolly |
In oifig 15 Nollaig 1982 - 12 Nollaig 1984 | |
Réamhtheachtaí: | John L. Murray |
Comharba: | John Rogers |
Coimisinéir Eorpach
| |
In oifig 1985–1989 | |
Réamhtheachtaí: | Richard Burke |
Comharba: | Réamann Mac Searraigh |
Dáta breithe | 25 Aibreán 1946 |
Áit bhreithe | Carraig an tSionnaigh, Baile Átha Cliath, Éire |
Dáta báis | 7 Eanáir 2018 |
Baile Átha Cliath, Éire | |
Páirtí | Fine Gael |
Gairm | Abhcóide |
Polaiteoir agus Ard Aighne de chuid na hÉireann agus fear gnó idirnáisiúnta ab ea Peter Denis Sutherland, KCMG (onórach) (25 Aibreán 1946 – 7 Eanáir 2018). Rugadh i mBaile Átha Cliath) é. Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Gonzaga, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus in Óstaí an Rí. Ba abhcóide é. Ba chomhalta den pháirtí polaitíochta Éireannach Fine Gael é. Fográíodh a bháis ar an 7 Eanáir 2018 i mBaile Átha Cliath.
Gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí sé ina Ard-Aighne na hÉireann i gcomhrialtais i dtréimhsí 1981-1982 agus 1982-1984. Ba iad mórcheisteanna a thréimhsí ná cás fada eiseachadta agus dianchosc bunreachtúil ar ghinmhilleadh, ar chomhairligh sé don rialtas an fhoclaíocht a bhain leis a eiteach toisc a dhoiléir agus a bhí.
Tar éis tréimhse mar chomhalta den Coimisiún Eorpach, bhí sé ina stiúrthóir do roinnt cuideachtaí móra. Mar ard-stiúrthóir an Comhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (an Eagraíocht Dhomhanda Trádála anois), rinne sé maoirseacht ar chomhaontú trádála nua idir na Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Aontas Eorpach.
Bhí sé ina chomhchathaoirleach BP agus cathaoirleach Eorpach an Coimisiúin Tríthaobaigh.
Bhronn sé €4 mhilliún de dheontas ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath le scoil dlí nua a thógáil in áit an tseanchinn, Caisleán Ruabhoic. Scoil Dlí COBÁC Peter Sutherland a thugtar ar an scoil.
Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Brian Lalor, The Encyclopaedia of Ireland, Gill & Macmillan (Ireland 2003), ISBN 0-7171-3000-2
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |