Tomás Mac Donnchadha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTomás Mac Donnchadha
Beathaisnéis
Breith1 Feabhra 1878
146 bliana d'aois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
BásPríosún Chill Mhaighneann Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Gníomhaíocht
Gairmdrámadóir, An Eagnaíocht, file, réabhlóidí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Gairm mhíleata
GéillsineÓglaigh na hÉireann
Céim mhíleatamaor Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtÉirí Amach na Cásca
Tomás Mac Donnchadha gléasta ina éide chomhraic

Náisiúnaí Éireannach ab ea Tomás Mac Donnchadha (1 Feabhra, 18783 Bealtaine, 1916), a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca. Múinteoir agus scíbhneoir a bhí ann agus duine de seachtar sínitheoirí Fhorógra na Poblachta.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba as Cloch Shiurdáin, Tiobraid Árann ó dhúchas é Mac Donnchadha, agus chaith sé an chéad chuid dá shaol ag múineadh. Bhog sé go Baile Átha Cliath le staidéar a dhéanamh agus ba é an chéad mhúinteoir é ar fhoireann Scoil Éanna, an scoil ar thug sé cúnamh lena bunú in éineacht le Pádraig Mac Piarais. Bhí eolas maith ag Mac Donnchadha ar an litríocht, agus bhain a chuid dúthrachta agus léinn áit amach dó i roinn an Bhéarla i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. Léiríodh an dráma a scríobh sé When the Dawn is Come in Amharclann na Mainistreach.

Ceapadh é ina stiúrthóir oiliúna ar Óglaigh na hÉireann in 1914, agus chuaigh sé isteach san IRB ina dhiaidh sin. Ceapadh Mac Donnchadha ar Chomhairle Mhíleata an IRB in 1916. Ba é a bhí mar cheannasaí ar an Dara Cathlán de Dhrong Bhaile Átha Cliath a thóg seilbh ar mhonarcha brioscaí Jacob agus na tithe thart san áit sin le linn an Éirí Amach.

Cuireadh chun báis é an 3 Bealtaine 1916.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rogha óna chuid saothar:

  • April and May
  • When the Dawn is Come
  • Songs of Myself
  • Lyrical Poems
  • Thomas Campion and the Art of English Poetry
  • Literature in Ireland

Seo mar a scríobh sé:

Mise Gael
Agus ní heol dom cúis ach bróid
gur mhair mo náisiún beo
in ainneoin feall na nGall anseo.
Diúltaíonn sé géilleadh
fiú amháin don díomá.
Agus éiríonn sé tréan inniu
le neart nua ina ghéag
agus amhrán nua ar a liopaí.
i bhfocail an teanga nua
a bhfuil ina teanga aosta
ag glaoch go fóill
ó haois go haois.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]