An Caighdeán Oifigiúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is é an Caighdeán Oifigiúil an caighdeán scríbhneoireachta, cló, ceartlitrithe agus gramadaí a cuireadh ar bun don Nua-Ghaeilge de réir a chéile i rith na 20ú haoise.[1]

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Forbairt fhadaraíonach ab ea caighdeánú na Gaeilge comhaimseartha, agus is iomaí locht a fuarthas ar ghnéithe éagsúla an chaighdeáin nuair a tháinig sé ar an bhfód. Bítear ag cáineadh an chaighdeáin go rialta ó foilsíodh é den chéad uair. Is é an gearán is mó a bhíonn le clos ná nach dtugann an Caighdeán urraim do gach ceann de na canúintí.[2]

Stair agus forbairt an chaighdeáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tábhacht an chaighdeáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig deireadh le cumhacht na nGall in Éirinn, ní raibh taithí nó cleachtadh ag aon duine ar an nGaeilge mar theanga oifigiúil i gcúrsaí polaitíochta nó riaracháin. An cineál Gaeilge a bhí á saothrú, bhí focail agus téarmaíocht de dhíth uirthi, agus na daoine idir dhá chomhairle faoin gceartlitriú agus faoi cheart na Gaeilge ó thaobh na gramadaí de. Mar sin féin, bhí gradam nua le tabhairt don Ghaeilge agus í le hardú ar aon leibhéal le teangacha nua-aimseartha na hEorpa, cosúil leis an dóigh a raibh Éire le hardú ar aon leibhéal le tíortha neamhspleácha an domhain.

Bhí an Ghaeilge le hathbheochan mar shiombail lárnach do mhuintir na hÉireann agus do náisiúntacht na hÉireann. Cuid thábhachtach den athbheochan seo ab ea an Ghaeilge a shruthlíniú agus a chur in oiriúint do shaol an lae inniu - í a iompú ina gléas nua-aimseartha cumarsáide. Ós rud é, áfach, go raibh sí ina siombail chomh tábhachtach, is iomaí Gaeilgeoir a fuair riachtanach cur in aghaidh gach sórt athruithe a dhéanfaí ar an teanga, nó bhí eagla orthu nach mbeadh údaracht ag baint leis an nGaeilge leasaithe a thuilleadh. Sin é an tuige go raibh an caighdeánú chomh mall ag teacht i gcrann agus a bhí.

I dtús athbheochan na Gaeilge, bhítí, fiú, den bharúil nár chóir tarraingt ar thobar na teanga labhartha ar aon nós, ach gurbh í an t-aon Ghaeilge mhaith amháin an Ghaeilge a shaothraíodh Seathrún Céitinn i ndeireadh ré na Gaeilge Clasaicí. Cé nach scinnfeadh an Céitinneach ó chaighdeán na teanga Clasaicí (an Ceart, mar a thugtar air), bhíodh sé ag scríobh stíl a bhí soiléir soléite i gcomparáid le scríbhneoirí eile na linne, go háirithe leis na staraithe - nó bhí sé de nós ag scríbhneoirí na leabhar staire teanga a scríobh a bhí doléite ar fad ag lucht na comhaimsire féin.

Bhí luath-Ghaeilgeoirí ar nós Risteard de Hindeberg den tuairim gurbh í Gaeilge an Chéitinnigh an comhréiteach ab fhearr idir an Ghaeilge Chlasaiceach agus caint na ndaoine. Nuair a thaispeáin saothar Pheadair Uí Laoghaire, go háirithe Séadna, go raibh i bhfad níos mó sracadh sa teanga chomhaimseartha, caitheadh an Céitinneachas i dtraipisí agus tháinig Caint na nDaoine ina áit mar threoir d'fhorbairt na Gaeilge liteartha. Ós rud é, áfach, go raibh caint na ndaoine scoilte ina canúintí éagsúla, bhí sé deacair an teanga a chaighdeánú.

Ba iad na haistritheoirí agus na múinteoirí ba mhó a mhothaigh uathu an caighdeán. Go háirithe sa Ghalltacht, ní rabhthas ar aon tuairim faoin gcineál Gaeilge ba chóir a mhúineadh do na páistí. Má bhí canúint éigin á labhairt i gcóngar don áit, ní raibh an cinneadh sin chomh deacair céanna, nó d'fhéadfaí aithris a dhéanamh ar an gcanúint sin.

Sin é an fáth go mbítear go traidisiúnta ag múineadh Ghaeilge na Mumhan i gCorcaigh, Gaeilge Chonnacht i nGaillimh agus Gaeilge Thír Chonaill i nDoire nó i mBéal Feirste. In áiteanna cosúil le Baile Átha Cliath, áfach, níor tháinig sé go nádúrtha ag na múinteoirí aon chanúint ar leith a roghnú thar na cinn eile.

Ba é an chéad chéim a glacadh i dtreo na teanga caighdeánaí ná bunú Rannóg an Aistriúcháin le buanordú i Mí Mheán Fómhair 1922 le freastal ar riachtanaisí aistriúcháin na Dála. Bhí an Rannóg le páirt mhór a dhéanamh i gcaighdeánú na teanga.

Cath an dá chló[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí scéal an Chló Ghaelaigh fite fuaite le scéal an Chaighdeáin, nó go ginearálta, ba iad na daoine céanna a roghnaíodh an seanchló agus an seanlitriú.

Le fírinne, ní cló Gaelach é an cló Gaelach, nó b'fhearr an cló Éilíseach a thabhairt air. Nuair a bhí aistriúchán Gaeilge den Bhíobla agus litríocht Chríostaí Phrotastúnach eile le scaipeadh sa Ghaeltacht, chinn an Bhanríon Éilís a hAon ar chlófhoireann ar leith a ghearradh don Ghaeilge le go mbeifí ábalta ábhar clóbhuailte a chur ar fáil a bheadh ag breathnú cosúil le Gaeilge scríofa na lámhscríbhinní. An duine a bheadh i dtaithí na lámhscríbhinní sin, ní bheadh sé i bhfad ag baint céille as an teanga chlóbhuailte, mar sin.

Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann, bhí bunús seo an chló Ghaelaigh ligthe i ndearmad ag na Gaeilgeoirí, áfach, agus iad géarbharúlach, ina lán cásanna, gur dlúthchuid de dhúchas na teanga a bhí i gceist leis an seanchló. Ní raibh státseirbhís ná forais oifigiúla eile an stáit róshásta leis an gCló Gaelach, áfach, ós rud é go raibh sé costasach foireann iomlán de chlóscríobháin speisialta a cheannach le freastal ar an nGaeilge. Tír bhocht ab ea Éire san am, agus go leor oibre le déanamh chun í a atógáil i ndiaidh Chogadh na Saoirse agus Chogadh Cathartha na hÉireann, a rinne an-léirscrios ar fud na tíre.

Ar an 6 Feabhra 1923, d'ardaigh an Roinn Tionscail agus Tráchtála ceist an dá chló an chéad uair agus d'iarr ar an Ard-Chomhairle í a phlé, ach níor tháinig an Ard-Chomhairle ar aon chinneadh. Shuaith siad an cheist in athuair ar an 29 Iúil 1924, agus is é an tátal a bhain siad as an scéal gur chóir an cló Rómhánach a chur in úsáid feasta i scríbhinní na Státseirbhíse, le taobhshúil ar an gcostas a bhí ag baint leis an gcló Gaelach.

Ba í an t-aon eisceacht a cheadaigh siad ná na páipéir scrúdúcháin, nó bhí an chuid ba mhó de na leabhair scoile sa chló Gaelach, agus ní bheadh cothrom Féinne ann dá gcuirfí an cló contráilte os comhair daltaí scoile nach raibh ina thaithí. Ba é an cuspóir fadtéarmach, ar ndóigh, an cló Rómhánach a chur i bhfeidhm ar na leabhair scoile fosta an lá ab fhaide anonn.

I mí Lúnasa 1924, leasaigh an Ard-Chomhairle an cinneadh sin beagáinín, nó chuir siad in iúl nach dianchosc a bhí ann leis an gcló Gaelach. Is é sin, dá mbeadh clóscríobhán Gaelach faighte agat cheana féin, bheadh sé ceart go leor é a úsáid, agus ní bheadh sé toirmiscthe ort ach an oiread úsáid a bhaint as an gcló Gaelach le haghaidh maisiúcháin.

Ní raibh sé chomh furasta, áfach, fáil réitithe den chló Ghaelach. Bhí an chuid ba mhó de na scoileanna ag baint úsáide as, agus ba é an cló ba choitianta sna leabhair Ghaeilge a bhí foilsithe. Thairis sin, tháinig an pholaitíocht isteach chomh maith. Go bunúsach, ba é rialtas Chumann na nGaedheal a bhí ag fabhrú don chló Rómhánach, agus Fianna Fáil ag cur ina aghaidh.

Ar an 5 Aibreán 1927, chinn an Ard-Chomhairle ar an gcló Rómhánach a thabhairt isteach i rith an chéad bhliain eile. Ba é Earnán de Blaghd a mhol an t-athrú thar aon duine eile, nó bhí sé inbharúla nach raibh ach piseog agus seafóid i gceist leis an ngrá a bhí daoine áirithe a thabhairt don tseanchló.

Sa bhliain 1931, d'eisigh Earnán de Blaghd ordú oifigiúil le deireadh deifnídeach a chur le húsáid an chló Ghaelaigh i gcóras riaracháin an Stáit. Níor thaitin an iarracht seo le Conradh na Gaeilge, a chuaigh amach sna sráideanna le cur in aghaidh an ordaithe.

Dealraíonn sé go raibh rialtas Chumann na nGaedheal an-mheáite ar éirí as an seanchló, ach nuair a ghnóthaigh Eamon de Valera agus Fianna Fáil na toghcháin sa bhliain 1932, d'athraigh an port ar an toirt. Go bunúsach, héiríodh as an bhfeachtas leis an gcló Gaelach a ruaigeadh as an Státseirbhís, ach ní dhearna Fianna Fáil iarracht ar bith leis an gcló Gaelach a bhrú anuas orthu siúd a bhí ag úsáid an chló Rómhánaigh cheana féin.

Seacht mbliana ina dhiaidh sin (1939), d'ardaigh Seán Mac an tSaoi, an tAire Airgeadais, an cheist faoi chló na Gaeilge arís. Cosúil leo siúd a chardáil an cheist seo roimhe, bhí sé barúlach go raibh an cló Gaelach ag cosaint an iomarca airgid, agus go raibh costas an chló ag déanamh dochair d'athbheochan na teanga féin. Phléigh coiste éigin an cheist an uair sin, ach níor thángthas ar aon chinneadh ar leith.

Cosúil le Seán Mac an tSaoi, bhí an chéad Aire Airgeadais eile, Tomás Ó Deirg, den tuairim gur chóir an cló Rómhánach a thabhairt isteach. San am céanna, bhí a fhios aige go gcuirfeadh sé fearg ar na múinteoirí scoile, agus mar sin, bhí sé den bharúil gur chóir don Rialtas iomlán freagracht as an athrú a ghlacadh orthu féin. Tháinig an Rialtas le chéile ar an 14ú Feabhra 1939, ach ní raibh de mhisneach orthu cinneadh deifnídeach a ghlacadh faoi cheist an chló. Chinn siad ar fhoclóir nua téarmaíochta a fhoilsiú sa chló Rómhánach, áfach.

I rith na ndaichidí, tháinig an caighdeán nua ceartlitrithe go mór mór chun tosaigh, ach ní féidir a rá go gcuirfeadh sé mórán luais le hathrú an chló. Ar an 21ú Márta 1950, dúirt an Ginearál Risteard Ó Maolchatha, a bhí ina Aire Oideachais san am, nár theastaigh uaidhsean an cló Rómhánach a thabhairt in úsáid sna leabhair scoile, ó bhí an oiread sin deacrachtaí ag na páistí cheana féin an litriú nua caighdeánach a fhoghlaim. Ba é a thuairim freisin nach raibh fonn ar leith ar aon duine in earnáil an oideachais an cló Rómhánach a chur in áit an chló Ghaelaigh. Freagra ab ea na tuairimí seo an Ghinearáil ar cheist ón Teachta Dála Seán Ó Duinn, a bhí den bharúil go raibh sé de chlaonadh sna hiriseoirí an cló Rómhánach a roghnú thar an gcló Gaelach, agus é ag fiafraí den Aire Oideachais, nár mhithid an rud céanna a dhéanamh sna scoileanna freisin.

Bhí an chuma ag teacht ar an scéal, áfach, nach bhféadfaí an cló Gaelach a choinneáil beo mórán eile, agus nach raibh an Roinn Oideachais ach ag iarraidh an rud dosheachanta a choinneáil siar. Ar an 10ú Feabhra 1954, fuair an tAire Oideachais Seán Ó Maoláin ceist den chineál chéanna le freagairt ón Teachta Dála Breandán Mac Fheorais. Is é an rud a dúirt sé ná nach raibh sé de rún ag an Roinn Oideachais an cló Rómhánach a chur i bhfeidhm ar na leabhair scoile go léir, nó ní raibh na múinteoirí ródhoirte don smaoineamh, a d'áitigh sé.

Thit sé ar chrann Phádraig Uí Irghile, Aire Oideachais de chuid Fhianna Fáil, an cló nua a thabhairt isteach. Sa bhliain 1963, d'ordaigh sé go gcuirfí deireadh le húsáid an tseanchló sa chóras oideachais, agus go raibh an cló Rómhánach le tabhairt isteach de réir a chéile, bliain i ndiaidh bliana.

Caighdeánú an litrithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í Rannóg an Aistriúcháin ba thúisce a thosaigh ag simpliú litriú na Gaeilge, agus ba iad riachtanaisí nádúrtha an ghnó ba chúis leis. Bhí an seanlitriú - nó an sean=leitriughadh - cliotráilte le litreacha nach bhfuaimneofaí ar aon nós, agus ó ba rud é go raibh an Rannóg ag tacú leis an gcló Rómhánach, b'amhlaidh ba mheasa an fhadhb, nó sa chló Rómhánach, d'úsáidtí an litir h in áit an phonc shéimhithe, rud a chuirfeadh tuilleadh le fad na bhfocal. Chuir sé leis na deacrachtaí nach raibh dlí ar bith ann, agus gach duine sásta go raibh cead aige a chuid leasuithe féin a chur i bhfeidhm ar an litriú, mar ba dóigh le Myles Dillon sa bhliain 1929.

Bhí luí ag an Roinn Airgeadais leis an litriú nua agus leis an gcló Rómhánach. Sa bhliain 1931, d'eisigh an Roinn imlitir inar chuir siad leasuithe na Rannóige Aistriúcháin in aithne don Státseirbhís, i gcruth is go mbeifí ullamh ciall a bhaint as an nGaeilge a bheadh litrithe de réir chóras na Rannóige.

Ar an 4ú Bealtaine 1937 cheap Eamon de Valera coiste le leasuithe a mholadh do litriú na Gaeilge le haghaidh an Dréacht-Bhunreachta a bhí le heisiúint san am seo. Ba é Eoin Mac Néill a bhí i gceannas ar an gcoiste. Cuireadh na moltaí i bhfeidhm ar an chéad eagrán clóbhuailte den Dréacht-Bhunreacht, ach bhí de Valera den tuairim nach raibh iontu ach an chéad chéim ar aghaidh.

Ar an 10ú Bealtaine 1939 d'iarr Rúnaí an Rialtais ar shraith de scoláirí aithnidiúla Gaeilge súil a chaitheamh ar mheamraim faoi litriú na Gaeilge a bhí eisithe ag Rannóg an Aistriúcháin - ina measc Osborn Ó hAimhirgín, T.F. Ó Raithille, Tadhg Ó Donnchadha ("Tórna"), agus Séamus Ó Searcaigh, an cainteoir dúchais ó Thír Chonaill a bhí ina scoláire Gaeilge. Thairis sin, chuaigh de Valera go príobháideach i dteagmháil leis an Athair Pádraig de Brún lena bharúilsean a fháil.

Bhí an chuid ba mhó de na scoláirí seo ag tacú leis na leasuithe seo, ach ba leasc le Tórna a dhath a athrú i litriú na Gaeilge, ó bhí sé buartha faoin éagóir a dhéanfaí do lucht labhartha na canúna seo nó siúd dá gcuirfí litriú os a gcomhair nach bhféadfaidís fuaimniú a gcainte dúchasaí féin a bhaint as. Ón taobh eile de, bhí daoine de na scoláirí fabhrach do leasuithe ní ba radacaí ná na cinn a bhí á moladh ag an Rannóg ("bóhar" a dhéanamh de "bóthar", cuir i gcás).

Cuireadh tuairimí na scoláirí in iúl don Dáil ar an 5ú Meitheamh 1939, ach thóg sé bliain eile sula bhfuarthas freagra ar bith. Cuid mhaith de na leasuithe, thug an Dáil faomhadh dóibh, agus foilsíodh i meamram ar leith iad i bhfómhar na bliana 1940.

Ar an 27ú Márta 1941 a thug Scoil an Léinn Cheiltigh a thuairisc féin. Bhí fochoiste ceaptha ag an Scoil leis na cúrsaí seo a phlé, agus ní hamháin go raibh an fochoiste ag tacú le leasuithe na Rannóige, bhí siad, fiú, ag moladh tuilleadh athruithe.

Maidir leis an Rannóg féin, chuir siadsan a mbarúil ar pár ar an 20ú Bealtaine 1941, agus iad ag moladh measarthacht sna cúrsaí seo. Roimh aon rud eile, ba chóir féachaint chuige go bhféadfadh gach duine an litriú a fhuaimniú de réir a chanúna féin.

Ní raibh gluaiseacht na Gaeilge róshásta leis na hathruithe a bhí á moladh. Ar an 19ú Meitheamh 1941, d'fhógair Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge nach dtréigfidís litriú an Duinnínigh choíche. Fuair siad tacaíocht ó Choiste Gnó an Chomhchaidrimh, a dúirt go raibh sé ró-mhoch aon cheartlitriú caighdeánach amháin a fhorbairt don Ghaeilge. Thairis sin, bhí an Coiste Gnó ag cáineadh an Chaighdeáin toisc nár thug sé aon urraim cheart do thraidisiún liteartha na Gaeilge ná do chanúintí Chonnacht agus Uladh.

Ar an 11ú Samhain 1941 bunaíodh an Coiste Litrithe leis an litriú a ghiorrú is a shimpliú, ionas go mbeadh an Ghaeilge oiriúnach mar ghléas don chumarsáid chomhchoiteann. Ba é Tomás Ó Rahile an Cathaoirleach, agus Séamus Mac Úgo ó fhoireann aistriúcháin na Dála ina rúnaí don choiste. Ba iad na baill eile ná Proinsias Ó Tighearnaigh ón Roinn Oideachais, Liam Ó Rinn agus Sean Ó Cathasaigh ó Rannóg an Aistriúcháin, Domhnall Mac Grianna ó Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus Máirtín Ó Flaithbheartaigh ó Roinn na nGnóthaí Eachtracha. Bhí Comhaltas Uladh míshásta le roghnú na mball, ó nach raibh Ultach ar bith ina measc.

Bhí Tomás Ó Rahile den bharúil nach mbeadh gá le haon fhoirm inghlactha amháin a bheith ag gach aon fhocal. D'fhéadfaí glacadh le "madadh" chomh maith le "madra", nó bhí dúblóga den tsaghas sin coitianta go leor sna teangacha cultúrtha, dar leis. Ba é an rud ba tábhachtaí ná féachaint chuige go mbeadh an litriú nua ag teacht leis féin agus ag leanúint prionsabail agus rialacha loighciúla, ionas nach rachadh an phraiseach tuilleadh chun donais.

Níor éirigh leis an gCoiste, áfach, teacht ar aon chineál aontais. Bhí cuid de bhaill an choiste go fíochmhar in éadan gach sórt iarrachtaí leis an litriú a shimpliú, agus duine acu ag bagairt go dtarraingeodh sé na seantithe anuas ar an gcoiste go poiblí dá nglacfaí le haon leasú nach dtaitneodh leis féin.

Is é an tátal a bhain Eamon de Valera as obair an choiste gurbh fhearr gan an iomarca daoine a tharraingt isteach sa ghnó, agus ar an 20ú hAibreán 1942, d'fhág sé faoi Liam Ó Rinn ina aonar é. Bhí Liam Ó Rinn ina phríomhaistritheoir don Dáil, rud a chiallaigh, dar le de Valera, go mbeadh sé ábalta an tasc a chur i gcrích le neart a thaithí oibre féin. Chaithfeadh Tomás Ó Rahile ó Scoil an Léinn Cheiltigh spléachadh ar thorthaí obair Uí Rinn ina dhiaidh sin.

Chuir Liam Ó Rinn a chuid moltaí faoi bhráid an Rathailligh ar an 15ú hEanáir 1943. Bhí an moladh ní ba radacaí ná an dóigh a scríobhaimid an Ghaeilge inniu, nó, mar shampla, bhí an focal eile le scríobh mar ele. Cuid de na moltaí seo, áfach, chuaigh siad in úsáid idir an dá linn. Ar an 22 hAibreán 1943, d'fhógair de Valera go raibh sé measartha sásta leis na moltaí, ach san am céanna, chuir sé féin mionleasuithe leo, agus glacadh leis an gcuid ba mhó acu. Chuaigh de Valera i dteagmháil phearsanta le Liam Ó Rinn ar an 30 hIúil 1943, agus thosaigh an cruth deifnídeach ag teacht ar an litriú.

Ina dhiaidh sin, d'iarr de Valera ar fhoireann aistriúcháin na Dála a mbreithiúnas féin a thabhairt ar mholtaí Uí Rinn, agus ar an 19ú Meán Fómhair 1943, fuair Rúnaí an Rialtais moltaí na n-aistritheoirí. Bhí Tomás Page, a bhí le teacht i gcomharbas ar Liam Ó Rinn mar phríomhaistritheoir ar an Rannóg i ndiaidh a bháis siúd, barúlach gur chóir srónaíl an ghuta i bhfocail cosúil le comhalta, comhar, comhairle agus romham a chur in iúl ar bhealach éigin, agus ba é an moladh a bhí aige ná an cuairín (accente circonflexe na Fraincise). Mar sin, litreofaí na focail thuasluaite mar côlta, côr, côirle, agus rôm. Bhí an chuid ba mhó de na haistritheoirí ina aghaidh, áfach, agus iad ag moladh cólta, cór, cóirle, róm. Ar an 5ú Meitheamh 1944, shocraigh de Valera an scéal. Bheadh sé ródheacair comhartha nua a thabhairt isteach i litriú na Gaeilge, dar leis, ach ba chóir an tsrónaíl a chur in iúl ar bhealach éigin, agus roghnaigh sé an seanlitriú a choinneáil i bhfeidhm i bhfocail den tsórt seo. (Uaireanta, áfach, úsáidtear an cuairín i bhfoilseacháin bhéaloidis ina bhfuiltear ag iarraidh cur síos cruinn a thabhairt ar fhuaimeanna na canúna. Sampla maith de sin is ea an leabhar Seanachas ó Chairbre 1, a d'fhoilsigh Donncha Ó Cróinín sa bhliain 1985.)

Ar an 14ú Meitheamh 1944, d'fhógair de Valera go raibh sé sásta leis an gcomhréiteach a bhí sroichte, agus chuaigh an litriú nua in úsáid an chéad uair sa leagan Gaeilge de bhunreacht na bliana 1945. Sa bhliain chéanna, foilsíodh an chéad eagrán de Litriú na Gaeilge: an Caighdeán Oifigiúil. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, tháinig eagrán leasaithe, Litriú na Gaeilge, Lámhleabhar an Chaighdeáin Oifigiúil, i gcló, agus i bhFeabhra na bliana a bhí chugainn, d'eisigh an tAire Oideachais Risteard Ó Maolchatha imlitir faoi úsáid an litrithe nua in obair na scoileanna. Bhí an litriú caighdeánaithe le tabhairt isteach sna scoileanna de réir amchlár céimnithe, ionas go n-éireofaí as an seanlitriú go hiomlán sa bhliain 1952.

Caighdeánú na gramadaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí de Valera ag labhairt leis an gCoiste Liteartha agus, ina dhiaidh sin, le Liam Ó Rinn agus leis an Rathailleach faoi chúrsaí an litrithe, ní dhearna sé dearmad trácht ar an riachtanas a bhí le gramadach chaighdeánaithe chomh maith. Níor lig na deacrachtaí praiticiúla tús ceart a chur leis an obair seo i gceart roimh mhí Iúil 1953, nuair a foilsíodh Gramadach na Gaeilge: Caighdeán Rannóg an Aistriúcháin. Ní raibh ann ach moladh, ar dtús.

Phléigh an Dáil an ghramadach seo ar an 10ú Feabhra 1954. B'fhollasach nach bhféadfaí an caighdeán deifnídeach a chruthú thar oíche, agus bhí na Teachtaí Dála den bharúil gurbh fhearr gan aon driopás a dhéanamh, ionas go bhféadfadh an chosmhuintir dul i dtaithí na moltaí agus a mbreithiúnas féin a thabhairt orthu.

I mí Iúil 1958, foilsíodh an ghramadach chaighdeánaithe agus an litriú nua faoi chlúdach aon leabhair amháin, Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil. Ba é sin an chéad "Caighdeán" mar is aithin dúinn inniu é. Cé gur deineadh leasú ar an gCaighdeán go rialta, ní raibh ach leasuithe beaga i gceist go dtí gur foilsíodh An Caighdeán Athbhreithnithe sa bhliain 2012. Thug an Caighdeán Athbhreithnithe aitheantas d'fhoirmeacha nár cuireadh san áireamh sa chéad Caighdeán - m.sh., foirmeacha táite den bhriathar as a mbaintear úsáid i gcanúint na Mumhan (m.sh. dhúnas, mholadar, táid) agus an fhoirm scartha den chéad pearsa iolra (.i. dhún muid, mhol muid, tá muid) ata in úsáid i gcanúint Uladh, chomh maith leis an mír dhiúltach cha a úsáidtear i gcanúint Uladh in áit ní. Níor ceadaíodh an mhír dhiúltach atá in úsáid i gcanúint na Mumhan in áit , áfach.

Ba sa bhliain 2016 a foilsíodh an leagan is déanaí den Chaighdeán Oifigiúil. Mar a tharla roimhe seo, deineadh cáineadh ar an leagan seo den Chaighdeán de bharr easpa cothroime ó thaobh an roghnachais a cheadaíonn sé agus an roghnachais nach gceadaíonn sé de. Is é an ceann a foilsíodh sa bhliain 2016 atá i bhfeidhm faoi láthair.

Tháinig cúpla athrú suntasach ar an gCaighdeán idir fhoilsiú an leagain ar a dtugtar An Caighdeán Athbhreithnithe agus fhoilsiú an chinn is déanaí. Baineann formhór de na hathruithe seo leis na bunuimhreacha agus leis an gcóras briathra ach go háirithe: Ó thaobh na mbunuimhreacha de, aithníonn an Caighdeán a foilsíodh sa bhliain 2016 dá chóras maidir leis na bunuimhreacha os cionn 20. Ó thaobh an chórais bhriathartha de, ní thugann an Caighdeán nua aitheantas do na foirmeacha táite a bhí ceadaithe de réir an Caighdeáin Athbhreithnithe (táid, dhúnas, mholadar, srl.) - tá an fhoirm scartha den chéad pearsa iolra ceadaithe fós, áfach. Níl an mhír dhiúltach cha ceadaithe a thuilleadh ach oiread.

Na foirmeacha caighdeánacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad na príomhrialacha a bhí ag lucht pleanála an Chaighdeán ná foirmeacha a roghnú a mbeadh údarás maith acu i gcaint bheo na Gaeltachta, fabhrú do na leaganacha ba choitianta sa Ghaeltacht, cuimhneamh ar an traidisiún liteartha agus stairiúil, agus an teanga a dhéanamh chomh rialta agus chomh simplí agus ab fhéidir. Ar ndóigh, ba mhinic a chaithfí comhréiteach a lorg idir na prionsabail seo, ó nach bhféadfaí iad uile a shásamh san am céanna.

Na hainmfhocail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidir leis na hainmfhocail a chríochnaíonn ar -úir/úr, -éir/éar, -aeir/aer, ba í an bhunriail lenar chloígh ligeadóirí agus casadóirí an Chaighdeáin ná an focal a chur sa tríú díochlaonadh má's ainm ar chineál éigin duine a bhí i gceist (abair, táilliúir, ginideach táilliúra; siúinéir, ginideach siúinéara, druncaeir, ginideach druncaera). Muna raibh an focal ag tagairt do dhuine, cuireadh sa chéad díochlaonadh é (dintiúr, séasúr, rásúr, nádúr agus araile). Eisceacht é an focal gasúr, ar ndóigh - is dócha nach raibh an leagan *gasúir ar fáil go forleathan i gcaint na Gaeltachta.

Uaireanta, glacadh le foirm stairiúil an tuisil ainmnigh, i gcás roinnt ainmfhocal bainiscneach, mar fhoirm oifigiúil an tuisil ainmnigh; mar shampla, bos, bróg, cíor, cluas, cnámh, cos, croch, fréamh, lámh, leac, mias, chomh maith leis na focail uile dar críoch -óg, -eog: fuinneog, mar shampla. Uaireanta eile, glacadh le foirm stairiúil an tuisil tabharthaigh, i gcás roinnt ainmfhocal bainiscneach den dara díochlaonadh, mar fhoirm oifigiúil an tuisil ainmnigh; mar shampla, aimsir in áit aimsear, binn in áit beann, cill in áit ceall, creig in áit creag, deoir in áit deor, maidin in áit maidean, muintir in áit muintear. Is é is cúis leis an neamhréir seo i roghnú foirme ná meascán foirmeacha bheith i n-úsáid insna canúintí éagsúla. Glacadh leis an meascán seo mar chuid den Chaighdeán Oifigiúil seachas glacadh leis an bhfoirm stairiúil i ngach aon chás.

Ainmfhocail áirithe a chríochnaíonn ar ghuta sa teanga Chlasaiceach, agus iad aicmithe sa chúigiú díochlaonach (nach bhfuil ann ach cineál buicéad truflaise do na hainmfhocail neamhrialta), cuireadh sa dara díochlaonadh iad, agus foirm stairiúil an tuisil thabharthaigh mar fhoirm an tuisil ainmnigh acu: bachlainn, gin. bachlainne (in áit bachla, tabh. bachlainn, gin. bachlann), ealaín, gin. ealaíne (in áit ealadha, tabh. ealadhain, gin. ealadhan), gualainn, gin. guaille (seanlitriú guailne; in áit guala, tabh. gualainn, gin. gualann), uillinn, gin. uillinne (in áit uille, tabh. uillinn, gin. uilleann, ach coinnigh cuimhne ar an mbuanteilgean cainte feadóga uilleann, cuir i gcás), ursain, gin. ursaine (in áit ursa, tabh. ursain, gin. ursan).

In uimhir iolra an chéad díochlaonadh, ba rogha le lucht pleanála an Chaighdeáin an ceann de na foirmeacha iolra a roghnú a chríochnaíonn ar chonsan caol (lagiolraí), is é sin, ba rogha leo boinn in áit bonnaí, bonnaíochabonnúchaí a bhí le cloisteáil sna canúintí (mar iolraí don ainmfhocal bonn), capaill in áit caiple atá forleathan go maith sna canúintí (capall), cuntais in áit cuntaisí (cuntas), páipéir in áit páipéirí, tairbh in áit taraí (tarbh; ach féach nach raibh de rogha acu ach glacadh le leanaí mar iolra don fhocal leanbh).

Nuair nach raibh aon bhealach éalaithe eile ar fáil, áfach, glacadh leis an tréaniolra: ceolta (ón ainmfhocal ceol), bealaí (ón ainmfhocal bealach), cuirí (cuireadh), cásanna (cás), bóithre (bóthar), cineálacha (cineál), ollúna (ollamh). Cé go mbíonn sé de nós sna canúintí dhá iarmhír iolra, nó níos mó fós, a chur leis na hainmfhocail leis an iolra a dhéanamh chomh soiléir neamhdhébhríoch agus is féidir (bealtaí, cásannaí, cuiríochaí, paróistíochaí, léintíochaí agus a leithéid), níor tugadh aitheantas ar bith sa Chaighdeán don nós seo.

An briathar[cuir in eagar | athraigh foinse]

An aimsir láithreach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidir leis na briathra, ní thugann an Caighdeán Oifigiúil aitheantas do na foirmeacha táite ach i gcuid de na cásanna. Is iad foirmeacha caighdeánacha na haimsire láithrí ná:

uimhir uatha:
dúnaim, osclaím, péinteálaim
dúnann tú, osclaíonn tú, péinteálann tú
dúnann sé/sí, osclaíonn sé/sí, péinteálann sé/sí
uimhir iolra:
dúnaimid, osclaímid, péinteálaimid [nó dúnann muid, osclaíonn muid, péinteálann muid]
dúnann sibh, osclaíonn sibh, péinteálann sibh
dúnann siad, osclaíonn siad, péinteálann siad
saorbhriathar:
dúntar, osclaítear, péinteáiltear

I nGaeilge na Mumhan, is í an fhoirm tháite dúnaid, osclaíd, péinteálaid (nó fiú dúnaid siad, osclaíd siad, péinteálaid siad, a bhfuil idir fhoirceann agus fhorainm iontu), a chloistear go minic in áit an fhoirm scartha dúnann siad, osclaíonn siad, péinteálann siad. Ní ghlacann an Caighdeán leis an bhfoirm tháite sa tríu pearsa iolra áfach.

Ní hí sin an t-aon leagan amháin den fhoirm tháite atá beo sa chaint san Aimsir Láithreach agus nach bhfuil ceadaithe de réir an Caighdeáin áfach. Ní thugann an Caighdeán aitheantas don fhoirm tháite den dara pearsa uatha (m.sh. dúnair, osclaír, péinteálair in áit dúnann tú, osclaíonn tú, péinteálann tú) ach oiread, cé go bhfuil sí an-choiteann i scríbhinní ó phinn Mhuimhneacha.

Go stairiúil, bhí foirm tháite den dara pearsa iolra (m.sh. dúntaoi in áit dúnann sibh), chuaigh an fhoirm seo in éag sa chaint bheo le fada an lá áfach - ní fheictear i litríocht an lae inniu í, fiú - agus ní thugann an Caighdeán aon aitheantas di dá bhrí sin.

Ina lán briathra neamhrialta, déantar idirdhealú idir foirmeacha spleácha agus foirmeacha neamhspleácha an bhriathair - is iad na foirmeacha spleácha na foirmeacha nach n-úsáidtear ach ar lorg na míreanna , nach, go, an agus a leithéid. Uaireanta, feictear an t-idirdhealú seo an chorruair ag na briathra rialta féin sa litríocht: dúnaidh sé, osclaídh sé, péinteálaidh sé (an fhoirm neamhspleách) in áit dúnann sé, osclaíonn sé, péinteálann sé, mura bhfuil mír ar bith ag teacht roimhe (ach má tá, níl ach na foirmeacha ar -ann ceadaithe). Ní thugann an Caighdeán aitheantas ar bith do dúnaidh sé ná a leithéid, agus is léir go bhfuil na foirmeacha seo dulta in éag sa ghnáthchaint.

Bhí "na ligeadóirí agus na casadóirí" doicheallach go leor roimh fhoirmeacha neamhspleácha na mbriathar neamhrialta chomh maith, sa chuid is mó de na cásanna. Mar shampla, ní cheadaítear ach feiceann sa Chaighdeán, cé go ndéanann Gaeilge Uladh idirdhealú idir tchíchí (leagan stairiúil: do-chí), arb é an fhoirm neamhspleách é, agus feiceann, arb é an fhoirm spleách é (ní fheiceann, go bhfeiceann, nach bhfeiceann, an bhfeiceann). Ón taobh eile de, rinneadh ginearálú ar an bhfoirm neamhspleách chí i nGaeilge na Mumhan, ionas go n-úsáidtear go gcíonn, ní chíonn, ná cíonn, an gcíonn ansin. Ní thugtar aitheantas oifigiúil don fhorbairt seo ach an oiread. Is don úsáid Chonnachtach is cóngaraí atá an Caighdeán sa phointe seo.

Cosúil leis sin, is é faigheann an t-aon fhoirm chaighdeánach amháin, spleách nó neamhspleách. Aithníonn Gaeilge Uladh an t-idirdhealú idir fhoirm neamhspleách (gheibh) agus foirm spleách (an bhfaigheann, ní fhaigheann, nach bhfaigheann), ach cé go bhfuil an t-idirdhealú ceart ó thaobh stair na teanga de, ní ghlactar leis sa Chaighdeán. Ón taobh eile de, chuir muintir na Mumhan an t-ann leis an bhfoirm neamhspleách agus ghinearálaigh siad í: an ngeibheann, ná geibheann, go ngeibheann, ní gheibheann. Ní thugtar aitheantas don fhorbairt seo sa Chaighdeán, ar ndóigh.

Níl glacadh le bheir (= "tugann") ach an oiread. Tugann a úsáidtear sa Chaighdeán mar fhoirm spleách agus neamhspleách.

An aimsir fháistineach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na foirmeacha a cheadaíonn an Caighdeán san aimsir fháistineach ná:

  • dúnfaidh mé, osclóidh mé, péinteálfaidh mé
  • dúnfaidh tú, osclóidh tú, péinteálfaidh tú
  • dúnfaidh sé/sí, osclóidh sé/sí, péinteálfaidh sé/sí
  • dúnfaimid, osclóimid, péinteálfaimid [nó dúnfaidh muid, osclóidh muid, péinteálfaidh muid]
  • dúnfaidh sibh, osclóidh sibh, péinteálfaidh sibh
  • dúnfaidh siad, osclóidh siad, péinteálfaidh siad
  • dúnfar, osclófar, péinteálfar

I nGaeilge Uladh, úsáidtear foirmeacha sáiteacha den aimsir fháistineach sa dara réimniú: foscólfaidh [faskalhi] in áit osclóidh (cuid den chanúint é an f- tosaigh anseo), agus nuair nach n-úsáidtear an fhoirm sháiteach, fuaimnítear an iarmhír go déshiollach, rud a thugann spreagadh do scríbhneoirí na canúna -cha- breise a shá isteach ansin sa litriú: fosclóchaidh [fasklahi]. Ní cuid den chaighdeán scríofa é seo, ar ndóigh.

Nuair a chloiseann an tUltach an fhoirm péinteálfaidh [p'ent'alhi]], aithníonn a chluas mar fhoirm sháiteach é: péinteólfaidh. Mar sin, tá sé de chlaonadh sna briathra ar -áil i nGaeilge Uladh foirmeacha fáistineacha ar nós péintleochaidh a fháil, agus na cainteoirí ag caitheamh leis na briathra seo cosúil le briathra an dara réimnithe ar nós oscail!freastail!. Ar ndóigh, ní thugann an Caighdeán aitheantas ar bith don fhorbairt shain-Ultach seo.

Ní thugtar aitheantas oifigiúil do na foirmeacha dúnfad, osclód, péinteálfad (= dúnfaidh mé, osclóidh mé, péinteálfaidh mé), a bhíonn an-choitianta ag cainteoirí Muimhneacha ár linne féin agus a bhíonn in úsáid in Ultaibh agus i gConnachtaibh chun ceisteanna a fhreagairt. Ní ghlacann an Caighdeán le foirmeacha de nós dúnfair, osclóir, péinteálfair (= dúnfaidh tú, osclóidh tú, péinteálfaidh tú) ach oiread, foirmeacha as a mbaintear úsáid i nGaeilge na Mumhan. Chomh maith leis na foirmeacha atá luaite cheana féin, ní thugann an Caighdeán aitheantas don bhfoirm dúnfaid (siad), osclóid (siad), péinteálaid (siad) atá le fáil i nGaeilge na Mumhan in áit na foirme caighdeánaí dúnfaidh siad, osclóidh siad, péinteálfaidh siad.

Maidir leis na briathra neamhrialta, níor tugadh aitheantas don difríocht idir foirmeacha spleácha agus foirmeacha neamhspleácha ach i gcuid de na cásanna:

  • Maidir le tabhair!/tabhairt, aithníonn canúintí áirithe an difríocht idir an fhoirm neamhspleách bhéarfaidh agus an fhoirm spleách tabharfaidh (go dtabharfaidh, ní thabharfaidh...). Níor thug an caighdeán aitheantas ach don leagan tabharfaid. Ar ndóigh, tá bhéarfaidh cosúil le béarfaidh (< beir), agus tá sé intuigthe go raibh na pleanálaithe teanga buartha faoi shoiléireacht agus faoi neamh-dhébhríocht na teanga.
  • Maidir le feic!/feiceáil, ní bhfuair an tamhan tchí-, chí- aitheantas sa Chaighdeán 2016, cé go raibh sé ceadaithe de réir an Caighdeáin Athbhreithnithe. I nGaeilge Uladh, aithnítear tchífidhchífidh mar leagan neamhspleách, agus ní úsáidtear feicfidh ach mar leagan spleách. Ón taobh eile de, tá an fhoirm chífidh ginearálaithe i nGaeilge na Mumhan, ionas go mbaintear úsáid as fiú in áit an leagain spleách: go gcífidh, mar shampla; agus is minic a ligtear an buanséimhiú ar lár: cífidh in áit chífidh. Ní thugtar aitheantas ach do leaganacha ar nós feicfidh, go bhfeicfidh, an bhfeicfidh, ní fheicfidh.
  • Maidir le faigh!/fáil, fuair an difríocht idir gheobhaidh agus go bhfaighidh, ní bhfaighidh, nach bhfaighidh aitheantas sa Chaighdeán. Glactar, fiú, leis an nós an f- a urú, in áit é a shéimhiú, ar lorg an , cleachtas atá bunaithe ar shainfhorbairt an fhuaimnithe.

An aimsir chaite[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní thugann an Caighdeán Oifigiúil aitheantas don bhfoirm tháite ach i mbeagán pearsana. Is iad na foirmeacha caighdeánacha de réir an Chaighdeáin ná:

  • dhún mé, d'oscail mé, phéinteáil mé
  • dhún tú, d'oscail tú, phéinteáil tú
  • dhún sé, d'oscail sé, phéinteáil sé
  • dhúnamar, d'osclaíomar, phéinteálamar [nó dhún muid, d'oscail muid, phéinteáil muid]
  • dhún sibh, d'oscail sibh, phéinteáil sibh
  • dhún siad, d'oscail siad, phéinteáil siad
  • dúnadh, osclaíodh, péinteáladh

I nGaeilge na Mumhan, tá an fhoirm tháite den bhriathar beo bríomhar i gcónaí: do dhúnas in áit dhún mé, do dhúnais in áit dhún tú, do dhúnabhair in áit dhún sibh, do dhúnadar in áit dhún siad. (Ní hé an tamhan -amar a chloistear i gCiarraí áfach, toisc gurb é mar -amair a fhuaimnítear an deireadh atá ag an gcéad phearsa iolra i nGaeilge Chiarraí.) Cé nach dtugann an caighdeán is déanaí aitheantas dóibh, tá na foirmeacha seo in úsáid go forleathan i nGaeilge Chonnacht agus i nGaeilge Uladh mar fhreagraí ar cheisteanna: Ar dhún tú an doras? Dhúnas./Níor dhúnas. (Nó: Dhún./Níor dhún. Tabhair faoi deara nach mbeadh sé nádúrtha an cheist seo a fhreagairt le Dhún mé/Níor dhún mé.)

I nGaeilge na Rinne, is gnách an saorbhriathar a shéimhiú san aimsir chaite: dhúnadh, phéinteáladh. Sa Chaighdeán, áfach, caitear leis seo mar bhotún gramadaí. Go prionsabálta, tá saorbhriathar na haimsire caite díonta ar an séimhiú go hiomlán: na himeachtaí ar tráchtadh orthu, chuala mé gur péinteáladh na ballaí faoi dheoidh, an fear óg a cailleadh sa timpiste, níor dúnadh an doras, mar shampla.

Maidir leis an saorbhriathar a thosaíonn le guta, tá sé de nós ina lán canúintí h- a chur leis: hosclaíodh, haistríodh, héiríodh. Cé nach dtugann an Caighdeán aitheantas don chleachtas seo, tá sé an-fhairsing, agus is deacair a rá an bhfuil an nós caighdeánach níos coitianta ná é, fiú i dtéacsanna atá ag iarraidh cloí leis an gCaighdeán.

I nGaeilge na Mumhan, go háirithe i gCiarraí, tá ar, níor, gur ag dul in éag sa chaint, agus an, ní, go ag teacht ina n-áit: an gcaitheas in áit "ar chaith mé", ní chaithis in áit "níor chaith tú", agus araile. Ní thugtar aitheantas don fhorbairt seo sa chaighdeán, nó bheadh sé dodhéanta i nGaeilge Chois Fharraige, abair, go gcaith sé (= "gur chaith sé") agus go gcaithfidh sé a aithint thar a chéile de réir an fhuaimnithe, ós rud é go bhfuil an [h] idir gutaí imithe sa chanúint sin agus iarmhír na haimsire fáistiní an-lag freisin. Is léir go bhfuil fuaimniú an dá rud seo an-difriúil i nGaeilge na Mumhan, ós rud é go bhfuil an [h] an-soiléir idir gutaí ansin, agus an iarmhír á fuaimniú le [g] caol so-aitheanta.

Maidir leis na briathra neamhrialta:

  • Is é an t-aon tamhan a cheadaítear don bhriathar beir!/breithrug san aimsir chaite. Úsáidtear ar, níor, gur. Sna canúintí, úsáidtear beireadh (ar rud)rugthas, rugús (ar rud) ó am go ham sa chiall "gabhadh seilbh (ar rud)", agus an fhoirm rugadh curtha in áirithe don chiall "saolaíodh". Ní aithníonn an Caighdeán ach an fhoirm rugadh sa dá chiall. I nGaeilge Uladh, d'fheicfeá bheir in áit rug freisin, foirm eile nach dtugann an Caighdeán aitheantas di.
  • Úsáidtear níor, ar, gur in aimsir chaite an bhriathair tabhair!/tabhairt: thug mé, ar thug tú?, níor thug sé, léigh mé ar an nuachtán gur tugadh bata agus bóthar do bhainisteoir an mhórghnólachta sin. Ní cheadaíonn an Caighdeán foirmeacha Ultacha cosúil le ní thug, cha dtug, an dtug, go dtug (tabhair faoi deara gurbh iad níor/char, ar, gur a chuirtear leis an saorbhriathar in Ultaibh féin: níor tugadh/char tugadh, ar tugadh, gur tugadh).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó Háinle, Cathal: Ó Chaint na nDaoine go dtí an Caighdeán Oifigiúil. Lgh. 745-794 i: Stair na Gaeilge in ómós do Pádraig Ó Fiannachta. In eagar ag: Kim McCone et al., Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Pádraig, Maigh Nuad, 1994
  • Ó Riain, Seán: Pleanáil Teanga in Éirinn 1919-1985. Carbad, Baile Átha Cliath 1994.


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Gnéithe dár nDúchas - The Irish Language, Máirtín Ó Murchú, Bord na Gaeilge (1985). ISBN 0-906404-20-7
  2. "‘Ní Gaolainn den dara grád í Gaolainn na Mumhan’ – ‘feall’ déanta ar chanúint na Mumhan sa Chaighdeán Nua" - alt a foilsíodh ar an suíomh Tuairisc.ie faoin gCaighdeán 2016.