Eoin Mac Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEoin Mac Néill

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Eoin MacNeill
15 Bealtaine 1867
Gleann Arma, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Deireadh Fómhair 1945
78 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
19 Meán Fómhair 1923 – 20 Bealtaine 1927 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 4ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Teachta Dála
9 Meán Fómhair 1922 – 9 Lúnasa 1923 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 3ú Dáil


An tAire Oideachais agus Scileanna
30 Lúnasa 1922 – 24 Samhain 1925
← Fionán Ó LoingsighJohn M. O'Sullivan →
Ceann Comhairle
16 Lúnasa 1921 – 9 Meán Fómhair 1922
← Seán Tomás Ó CeallaighMichael Hayes →
Teachta Dála
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 2ú Dáil


Ball de Pharlaimint Thuaisceart Éireann
1921 – 1925
Toghcheantar: Londonderry (en) Aistrigh
Minister for Industries (en) Aistrigh
1 Aibreán 1919 – 26 Lúnasa 1921
← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist →
An tAire Airgeadais
22 Eanáir 1919 – 1 Aibreán 1919 – Mícheál Ó Coileáin →
Teachta Dála
21 Eanáir 1919 – 10 Bealtaine 1921 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 1ú Dáil

Toghcheantar: Cathair Dhoire

Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 26 Deireadh Fómhair 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Cathair Dhoire

Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 26 Deireadh Fómhair 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: National University of Ireland (en) Aistrigh

Uachtarán Conradh na Gaeilge
1916 – 1919
← Dubhghlas de hÍdeSeán Ó Ceallaigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste
Coláiste Naomh Maolmhaodhóg
Ollscoil Ríoga na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Ealaíon
Gníomhaíocht
Réimse oibreStair na Poblachta Éireannaí
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmstátseirbhíseach (1888–), staraí, scríbhneoir, múinteoir ollscoile, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Teaghlach
SiblínSéamus Mac Néill
Gradam a fuarthas

Ba scoláire Gaelach, náisiúnaí agus réabhlóidí é Eoin Mac Néill (15 Bealtaine 1867 - 15 Deireadh Fómhair 1945).[1] Chabhraigh sé le Conradh na Gaeilge a bhunú, ba cheannaire é ar Óglaigh na hÉireann nár chuaigh le Seán Mac Réamainn le troid sa Chéad Chogadh Domhanda, agus bhí sé gníomhach sna heachtraí a chuir tús le Saorstát Éireann.

A Óige agus an tÉirí Amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é i nGleann Airm, Contae Aontroma agus fuair sé oideachas i nOllscoil na Banríona, Béal Feirste. Bhí suim mhór aige i Stair na hÉireann agus rinne sé a lán staidéir air. Sa bhliain 1893 bhunaigh sé Conradh na Gaeilge in éineacht le Dubhghlas de hÍde. Bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán "Irisleabhar na Gaeilge". Sa bhliain 1908 ceapadh é mar ollamh le seanstair na hÉireann in Ollscoil Bhaile Átha Cliath.

Ó bhí sé ag obair i gConradh na Gaeilge, casadh baill de Shinn Féin air, agus chuaigh sé féin le Náisiúnachas. Ceapadh é mar chathaoirleach ar an gComhairle a bhunaigh Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1913; níos déanaí rinne siad ceann foirne de. Bhí Mac Néill go hiomlán i gcoinne na láimhe láidre agus na ceannairce armtha. Ní cheadódh sé a leithéid, ach amháin dá mbeadh na Sasanaigh ag ionsaí na nÓglach nó ag iarraidh fáil réitithe leo. Ní raibh sé dóchasach as an ngleic armtha in aghaidh Impireacht na Breataine. Thosaigh Bráithreachas na Poblachta (IRB) agus na ceannairí eile (Pádraig Mac Piarais ina measc) ag pleanáil éirí amach, mar sin féin, go háirithe toisc go raibh na Sasanaigh sáite i gcogadh san Eoraip, rud a d'fhág a seans féin ag na hÉireannaigh. Fuair siad cabhair ó Shéamus Ó Conghaile agus Arm Cathartha na hÉireann, nó bhí siadsan ag pleanáil éirí amach dá gcuid féin, faoi bhratach an tSóisialachais.

25 Samhain 1913

Chuir Pádraig Mac Piarais ina luí ar Eoin Mac Néill le litir bhréagach go raibh na Sasanaigh meáite ar na hÓglaigh go léir a chimiú go luath agus dúirt sé leis go raibh trealamh cogaidh ag teacht i dtír ón nGearmáin i gceann cúpla lá.

Socraíodh an t-éirí amach ar Dhomhnach na Cásca, ach fuair Mac Néill amach gur litir bhréagach a bhí ann agus go raibh Ruairí Mac Easmainn agus na hairm go léir gafa. Ghlac sé air féin an t-éirí amach a chur ar ceal. Le cabhair ó Mhícheál Seosamh Ó Rathaille (a bhí ar aon bharúil leis faoin Éirí Amach, cé gur ghlac sé páirt sna cathanna agus go bhfuair sé bás i bpáirc an áir i ndiaidh an iomláin) chuir sé a chuid orduithe timpeall na tíre ag rá go raibh sé ar curtha ar ceal. D'fhoilsigh sé fógraí móra ar na nuachtáin freisin leis an Éirí Amach a stopadh, nó, mar a bhí le léamh ar na fógraí, "na paráidí ar Dhomhnach na Cásca" a chosc.

Chinn Pádraig Mac Piarais, Séamus Ó Conghaile agus na ceannairí eile go rachfadh an t-éirí amach ar aghaidh an lá dár gcionn. De bharr orduithe Mhic Néill, ní raibh na hÓglaigh go léir róshiúráilte cé acu a bhí an tÉirí Amach le teacht nó nach raibh, agus staon an chuid ba mhó acu ón troid, ar eagla na heagla. Thosaigh na cathanna ar Luan na Cásca, 24ú Aibreáin 1916, ach theip ar an Éirí Amach agus ghéill na hÉireannaigh ar deireadh. Ghabh na Sasanaigh mac Néill, agus gearradh príosúnacht saoil dó, cé go raibh sé ag iarraidh an cheannairc armtha a chosc.

Tar Éis an Éirí Amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scaoileadh saor le hEoin Mac Néill sa bhliain 1917 agus toghadh é mar bhall parlaiminte Ollscoil Náisiúnta na hÉireann i dtoghchán na bliana 1918. Cosúil leis na Sinn Féinigh eile, dhiúltaigh sé dá shuíochán i bparlaimint na Breataine Móire, ach ghlac sé ceann ina áit i nDáil Éireann, parlaimint neamhspleách na nÉireannach. Sa bhliain 1921, thacaigh sé leis an gConradh Angla-Éireannach. Ina dhiaidh seo ceapadh é mar Aire Oideachais ar chéad rialtas Shaorstát Éireann. Chuaigh a mhac in aghaidh an Chonartha, áfach, agus fuair sé bás i bpáirc an áir le linn an Chogaidh Chathartha. Mharaigh arm an tSaorstáit é i gContae Shligigh i Meán Fómhair 1922.

É féin sa Saorstát[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1924 bunaíodh Coimisiún na Teorann leis an teorainn a shocrú idir an Saorstát agus an Tuaisceart. Bhí Eoin Mac Néill ina bhall den Choimisiún, ach d'éirigh sé as, nuair a d'fhoilsigh na nuachtáin tuairisc ar na hathruithe beaga a bhí le déanamh ar an teorainn.

I mí na Nollag 1925 ghéill rialtas an tSaorstáit do na Sasanaigh go bhfágfaí an teorainn mar a bhí. Chuir seo fearg ar a lán náisiúnaithe agus iad ag cur an lochta ar Eoin Mac Néill. B'éigean dó a shuíochán sa Dáil a fhágáil sa bhliain 1927.

Deireadh a Shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh sé as an bpolaitíocht go hiomláin ar deireadh agus rinneadh cathaoirleach de ar Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann. D'fhoilsigh sé cúpla leabhar faoi Stair na hÉireann freisin, agus é ag obair go dian ina scoláire i mblianta deireanacha a shaoil. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath ar chúiseanna nádúrtha nuair a bhí sé ocht mbliana déag is trí scór d'aois. Bhí a gharmhac Mícheál Mac Dubhghaill ina Thánaiste idir 2006 agus 2007.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]