Olltoghchán na hÉireann, 1923
Cineál | olltoghchán in Éirinn ![]() |
---|---|
Dáta na bliana | Lúnasa 27, 1923 ![]() |
← 1922
![]() | |
Tír | Éire ![]() |
Oifig le buachan | Teachta Dála ![]() |
Iarrthóir ar éirigh leis/léi | Liam Tomás Mac Cosgair ![]() |
Reáchtáladh Olltoghchán na hÉireann, 1923 ar an 27 Lúnasa 1923. Tús nua do Shaorstát Éireann a bhí ann i dToghchán 1923 tar éis na deich mbliana suaite roimhe sin. Léirígh formhór na ndaoine a dtacaíocht don Chonradh trí vóta a chaitheamh ar son Chumann na nGaedheal.[1]
Torthaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhuaigh Cumann na nGaedheal (nó "na nGael" de réir litriú inniu) an chéad olltoghchán i Saorstát Éireann.
Ghnóthaigh Liam T Mac Cosgair 63 shuíochán vs Éamon de Valéra (Sinn Féin) 44.
Ba é an tOllamh Eoin Mac Néill an chéad Aire Oideachais sa Saorstát. Bhí Caoimhín Ó hUigínn ina Aire Dlí agus Cirt agus ina Leas-Uachtarán agus tá Patrick Hogan ina Aire Tailte agus Talmhaíochta; Ceaptar Hugh Kennedy, mar chéad Phríomh-Bhreitheamh ar an Saorstát; ba é a bhí mar chéad Ard-Aighne ar an Saorstát chomh maith.
Dhiúltaigh na 44 'Poblachtach' glacadh leis an Saorstát agus dhiúltaigh siad freisin suí sa Dáil. Ós rud é gurbh iad Cumann na nGael an páirtí ba mhó, bhunaigh siad rialtas agus dearbhaíodh a gceannaire, Liam Tomás Mac Cosgair, mar Uachtarán ar Dháil Éireann.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Bhí an páirtí sásta glacadh leis an gConradh Angla-Éireannach.