Arm Cathartha na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An Camchéachta, an bhratach shóisialach, Arm Cathartha na hÉireann

Sa bhliain 1913, bhunaigh James Larkin, Jeaic de Faoite, Séamus Ó Conghaile agus daoine eile Arm Cathartha na hÉireann (Irish Citizen ArmyICA) mar fhórsa cosanta na n-oibrithe ar lámh láidir Phóilíní Chathair Bhaile Átha Cliath.[1] Eagraíocht mhíleata a bhí ann, a bunaíodh ar an 19 Samhain 1913,[2] le linn an Fhrithdhúnta.

Baill de chuid Airm Cathartha na hÉireann
Grúpa d'Arm Cathartha na hÉireann, Halla na Saoirse, Baile Átha Cliath 1914

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí thart faoi 350 ball, a raibh a bhformhór díobhsan ina mbaill de cheardchumann éigin. Ba é a mhana: 'Ní don Rí ná don Kaiser a thugaimid dílseacht, ach d'Éirinn'. Bhí éide suaithinseach dá chuid féin ag an bhfórsa agus rinne siad a gcuid traenála go hoscailte. Mhaígh An Captaen Jack White, a bhí i bhfeighil ar dhruileáil na bhfear, go mbeadh meas acu orthu féin mar phobal.[3]

Ba é an céachta a úsáideadh ar bhrat Arm Cathartha na hÉireann.[4] Siombail ar shóisialachas Éireannach de chuid James Connolly a bhí ann.

Bhí roinnt gunnaí faighte faoi rún acu, a coimeádadh i gceanncheathrú an ITGWU (Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann) i Halla na Saoirse, gar do Theach an Chustaim.

1914-1916[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Larkin go dtí na Stáit Aontaithe go luath sa bhliain 1914.

Chuaigh Séamas Ó Conghaile[5] i gceannas ar an Arm Chathartha sa bhliain 1914 agus rinne é a atheagrú le heagraíocht mhíleata réabhlóideach a dhéanamh de. Bhí an tArm Cathartha, faoin Chonghaileach, ina eagraíocht shóisialach phoblachtach a thacaigh le smaoineamh an éirí amach armtha agus bhí siad ag easaontú leis na daoine a bhí ag iarraidh moill a chur ar an Éirí Amach.[6]

Bhí Michael Mallin ina Cheann Foirne i gceannas ar an Arm níos déanaí. Ba é a bhí i gceannas le linn Éirí Amach 1916. Bhí an tArm Cathartha go mór i bhfách le gníomh armtha sa bhliain 1916.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. National Library of Ireland - 1916 Exhibition (2016). "Iad Siúd a Raibh Pleananna Eile Acu: Páirtí an Lucht Oibre: Jim Larkin agus Arm Cathartha na hÉireann". www.nli.ie. Dáta rochtana: 2021-11-19.
  2. nó an 23 Samhain uaireanta
  3. ucd.ie (2016). "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2021.
  4. Cathal de Paor. "Tá ceacht le foghlaim againn ón chéachta" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-11-19.
  5. Bhí dearcadh láidir sóisialach ag an gConghaileach, ach ba thírghráthóir é freisin agus chuaigh sé i bpáirt le hÓglaigh na hÉireann in Éirí Amach na Cásca.
  6. 6.0 6.1 ccea.org.uk. "ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA: AIDHMEANNA AGUS IDÉIL NA REIBILIÚNACH". Dáta rochtana: 2021.