Óglaigh na hÉireann (1913-1919)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dealbh Óglach
Féach freisin: Óglaigh na hÉireann (idirdhealú)

Eagraíocht mhíleata ba ea Óglaigh na hÉireann bhunaithe i 1913 ag na naisiunaithe Eireannach.

Cúlra[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nuair a d'fhógair Rialtas impiriúil na Breataine go dtabharfaí Rialtas Dúchais d'Éirinn sa bhliain 1912, d'eagraigh na hAontachtóirí feachtas láidir ina choinne le cabhair ón bPáirtí Coimeádach. Tugadh airm agus armlón i dtír i Latharna agus bhagair Óglaigh Uladh cogadh fuilteach dá leanfaí ar aghaidh leis an Rialtas Dúchais.

1913[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nuair a chonaic náisiúnaithe na hÉireann an bhagairt seo, cuireadh Óglaigh na hÉireann ar bun.

11-25 Samhain 1913, tharla bunú Óglaigh na hÉireann. Tar éis cruinnithe in Óstán Wynn ar Shráid na Mainistreach, BÁC, seoladh gluaiseacht Óglaigh na hÉireann ag cruinniú poiblí sa Rotunda[1].

Asgard, ar muir in aice le Baile Átha Cliath.

Tabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Féach: Tabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair

Bheartaigh Erskine Childers cabhrú leo roinnt gunnaí a fháil mar fhreagra ar an mbagairt ó na dílseoirí. Ar an 26 Iúil 1914, tugadh airm i dtír ar an luamh Asgard i mBinn Éadair. Níos déanaí an lá sin, rinne rinne arm na Breataine iarracht na hairm sin a ghabháil agus maraíodh triúr sa scliúchas, ar Siúlán Bhaitsiléir, i mBaile Átha Cliath (níor cuireadh in éadan Óglaigh Uladh ar an mbealach céanna).

Níos déanaí, thosaigh Óglaigh na hÉireann ag earcú agus ag druileáil agus níorbh fhada go raibh na scórtha míle ball acu.

Cogadh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Seán Mac Réamainn (John Redmond), 1917

Nuair a bhris an chéad chogadh domhanda, amach d'fhógair ceannaire na Náisiúnaithe Parlaiminteacha, Seán Mac Réamainn, go mbeadh na hÓglaigh sásta troid in aghaidh na Gearmáine, 'ar son saoirse na náisiún beag'. Lean formhór na mball a chomhairle ach bhí dream eile ann, faoi cheannas Eoin Mhic Néill agus Phádraig Mhic Phiarais a d'fhógair nach dtroidfidís ach ar son na hÉireann. Tugadh na hÓglaigh Náisiúnta orthu siúd a lean Redmond, agus Óglaigh na hÉireann ar an gcuid eile.

1916[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí na hÓglaigh seo páirteach in Éirí Amach na Cásca, 1916, agus throid siad i gCogadh na Saoirse.

1919[athraigh | athraigh vicithéacs]

De réir a chéile, tar éis fhógairt na Poblachta sa bhliain 1919, tugadh "Arm Poblachtánach na hÉireann" (Irish Republican Army as Béarla, nó an tIRA) orthu chomh maith. I ndiaidh bhunú an tSaorstáit, mhair an tIRA mar arm mídhlíthiúil. De réir mar a ghlac cuid den IRA leis an stát Éireannach, agus iad ag dul le polaitíocht shíochánta, tháinig scoilt i ndiaidh scoilte ar an IRA, agus drong nua ag teacht ar an saol le leanúint leis an gcath, go háirithe in aghaidh chríochdheighilt na hÉireann.

Téarmaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Inniu, tugann arm an Stáit "Óglaigh na hÉireann" air féin, ach baineann an tIRA úsáid as chomh maith, ag tagairt dó féin, go háirithe ina chuid preasráiteas agus cáipéisí polasaí eile.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf De réir tuairisc nuachtáin, “a large body of students – 350 of them – marched into the meeting in processional order from the National University and attracted a good deal of attention”.