An Páirtí Coimeádach (An Ríocht Aontaithe)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An Páirtí Coimeádach
Lógó an Pháirtí Choimeádaigh sa Ríocht Aontaithe.png
Ceannasaíocht Theresa May
Bunaithe 1678 (Go Stairiúil)
1830 (Sa Nua-Aois)
Ceanncheathrú 30 Millbank, Londain SW1, An Ríocht Aontaithe
Idé-eolaíocht Coimeádachas
Coimeádachas Liobrálach
Tionól Thuaisceart Éireann
0 / 80
Cleamhnas International Democrat Union
Movement for European Reform
European Democrat Union
Dathanna Gorm, Glas
Gréasáin http://www.conservatives.com/

An Páirtí Coimeádach (Leasainm: Na Tóraithe; Ainm Oifigiúil: An Páirtí Coimeádach agus Aontachtach) ar cheann de na páirtithe polaitiúla is sine agus is mó sa Ríocht Aontaithe. Glacann sé seasamh eite deise ar cheisteanna eacnamaíochta, agus seasamh coimeádach, i méid níos lú, ar cheisteanna sóisialta. Go hoifigiúil, tá an páirtí i bhfabhar ar an mBreatimeacht. Tá an páirtí ar an páirtí is mór i Rialtas na Ríocht Aontaithe ó 2010, agus páirtí amháin an rialtais ó 2015. In olltoghchán is déanaí na Ríochta Aontaithe, i Meitheamh 2017, bhain an páirtí 318 de na 650 suíomh i dTeach Westminster, agus 42.3% de na guthanna.

I Rialtas na Ríochta Aontaithe 2010–2015[athraigh | athraigh vicithéacs]

David Cameron, a bhí ina cheannaire ar an bPáirtí Coimeádach idir 2006 agus 2016, agus ina Phríomh-Aire ar an Ríocht Aontaithe ó 2010 go dtí 2016

Caitheamh an Rialtais[athraigh | athraigh vicithéacs]

In olltoghchán na bliana 2010, bhain na Coimeádaigh, faoi cheannas David Cameron, 306 de na 650 suíomh i Westminster, a cheadaigh dóibh rialtas a dhéanamh i gcomhcheangal leis an bPáirtí Daonlathach Liobrálach. Chuaigh siad isteach san olltoghchán ag gealladh easnamh bhúiste an rialtais a mhaolú, agus ag gealladh 'stáit níos lú', agus leis na haidhmeanna seo, ghearr siad a lán caithimh rialtais. Idir 2010 agus 2015, thit leibhéal chaithimh an rialtais mar 2.6% san iomlán, cé go raibh difríochtaí móra idir achair difriúla – mar shampla, ardaigh caitheamh ar sláinte mar 2.7% (bíodh gur éirigh éileamh ar aire sláinte níos tapaí ná seo), fad a thit an méid airgid tugtha do chomhairlí áitiúla mar timpeall ar 33%.[1]

Ag deireadh an téarma sin, i 2015, bhí an easnamh búiste tite ó £153.5 billiún sa bhliain go £88.0 billiún sa bhliain: maolú, bíodh nach raibh an easnamh seo dulta ar ceal san iomlán mar ba aidhm san fhorógra 2010.[2][3] Ar an láimh eile, fuair an rialtas a lán beachtaíochta mar gheall ar tionchar neamhionann na ngearraidh: sna chéad cheithre bhliain, mhaolaigh athruithe caithimh an rialtais ioncam gach deicheatáin níos bochta sa Ríocht Aontaithe – mar beagnach 3%, an athrú is mó, don deicheatáin is bochta – fad is a mhéadaigh siad ioncam gach deicheatáin níos saibhre ach amháin an deicheatán is saibhre den iomlán.[1]

Ceisteanna Eile[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rinne na Coimeádaigh feachtas ar son 'Níl' i reifreann 2014 ar neamhspleáchas na hAlban.

Chomh maith leis na ceisteanna eacnamaíochta, bhí roinnt imeachtaí eile a bhí faoi chaibidil i rith na tréimhse seo. Bhí ina n-áireamh sin: reifrinn ar córas eile do na holltoghchán agus scannal na haiceálta gutháin ag roinnt grúpaí nuachtáin móra i 2011; ceist na hinimirce ón Rómáin agus ón mBulgáir i 2012; gealltanas ag an rialtas de reifrinn ar an Aontas Eorpach agus reachtú chun an phósta chomhghnéis a chur sa dlí (bíodh nár tháining sé seo i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann) i 2013; idirghabháil milíteach sa Libia agus san Iaráic – ach ní sa tSiria, tar éis vóta parlaiminte – sna bliana 2013 agus 2014, agus reifrinn ar neamhspleáchas na hAlban, a socraíodh sa bhliain 2012 agus a tharla sa bhliain 2014.

Reifrinn ar an Vótáil Chomórtais Dheabhaigh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ag tosú an rialtais i 2010, d'aontaigh an dá pháirtí sa chomhcheangal reifrinn a dhéanamh ar córas olltoghchán na Ríochta Aontaithe a athrú ón córas 'First-Past-the-Post' go córas Vótála Chomórtais Dheabhaigh (Instant Runoff Voting (en)) – beartú ar thacaigh na Daonlathaigh Liobrálaigh leis, bíodh go raibh an Páirtí Coimeádach ina aghaidh. I rith feachtais na reifrinne, rinne na Coimeádaigh feachtas ina aghaidh, agus faoi dheireadh, theip an beartú agus 32% den vóta bainte aige, agus 68% ina aghaidh.

Olltoghchán 2015

Faoi dheireadh, is breithiúnas maith a thug na vótóirí don pháirtí in olltoghchán na bliana 2015: d'ardaigh an páirtí a roinnt vóta ó 36.1% go 36.8%, agus a méid suíomhanna go dtí 331, fad is a chaill a bpairtnéirí, na Daonlathaigh Liobrálaigh, beagnach dhá thrian a ranna vóta féin. Tar a éis seo, tháinig an páirtí in ann dul ina rialtas ina n-aonar, rud a chruthaigh rialtas na Breataine idir 2015 agus 2017.

I Rialtas na Ríochta Aontaithe 2015-2017[athraigh | athraigh vicithéacs]

Féach freisin: Breatimeacht

Theresa May, atá ina ceannaire ar an bPáirtí Coimeádach agus ar an Ríocht Aontaithe ó 2016 go dtí an lá seo linn

Tar éis olltoghcháin 2015, ba é gealltanas reifrinne ar an Aontas Eorpach a d'éirigh ina phríomhfhócas don rialtas. Shocraigh David Cameron, a bhí ar son fanachta san Aontas, an reifrinn a dhéanamh sa bhliain 2016, de rogha ar tairiscintí eile go ndéanfaí í sa bhliain 2017, mar gur thuairimítí go gcabhródh feachtas gairid leis an taobh 'fanacht'. Rinne lucht fanachta sa pháirtí rogha leis an bhfeachtas a ghiollú bunaithe ar an damáiste eacnamaíochta b'eagla go ndéanfaí dá n-imreoidh an Ríocht Aontaithe an Aontas, fad is a roghnaigh lucht imeachta sa pháirtí a bhfeachtas-sa a bhunadh ar easpa airithe den daonlathas san Aontas, a gcuid éileamh féin go gcabhródh an 'Bhreatimeacht' leis an ngeilleagar, agus ar imnithe faoin inimirce de chuid eile an Aontais. Bhí an páirtí an-scoilte i rith an reifrinn: sa pháirtí parlaiminteach, thacaigh 185 feisire le 'fanacht', i gcomórtas le 138 don taobh 'imeacht'[4]. Faoi dheireadh, is an taobh 'imeacht' a bhain an reifreann, le 51.9% den vóta, agus 58% na ndaoine a vótáil ar son na gCoimeádach i 2015 agus a vótáil sa reifreann seo ag vótáil ar son imeachta.[5] Cé go ndúirt Cameron roimh an reifreann nach n-éireodh sé as mar Phríomh-Aire agus Ceannaire an Pháirtí dá gcaillfeadh sé, d'fhreagair sé a éirí as mar Phríomh-Aire agus Ceannaire an Pháirtí an lá tar éis an reifrinn[6]. Thosaigh comórtas ceannais ina dhiaidh seo, ach shocraigh feisirí Westminster an pháirtí gur Theresa May, Home Secretary go dtí sin, a éireodh ina ceannaire páirtí agus ina Príomh-Aire sula raibh vótáil ag baill an pháirtí ar an gceist.

Féach Freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Naisc Sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. 1.0 1.1 http://www.nuffieldfoundation.org/sites/default/files/files/RR04_SUMMARY.pdf
  2. https://www.economicshelp.org/blog/334/uk-economy/uk-national-debt/
  3. https://www.conservatives.com/~/media/Files/Manifesto2010
  4. https://www.bbc.co.uk/news/uk-politics-eu-referendum-35616946
  5. http://lordashcroftpolls.com/2016/06/how-the-united-kingdom-voted-and-why/
  6. http://www.rte.ie/news/nuacht/2016/0628/798663-cameron-le-buaileadh-le-ceannairi-na-heorpa-inniu