Pàrlamaid na h-Alba

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Párlamaid na h-Alba)
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Pàrlamaid na h-Alba
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(en) Scottish Parliament
(gd) Pàrlamaid na h-Alba
(sco) Scots Pairlament
Sonraí
CineálReachtas comhstáit, córas an aon seomra reachtaigh agus teach reachtaíochta tofa
Foirgníocht12 Bealtaine 1999 Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Pharlaimint na hAlban
Map
 55°57′N 3°11′W / 55.95°N 3.18°W / 55.95; -3.18
Suíomh gréasáin oifigiúilparliament.scot
Facebook: scottishparliament Twitter: scotparl Instagram: scotparl Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard atá i gceist le Pàrlamaid na h-Alba, nó Parlaimint na hAlban as Gaeilge na hÉireann, ná comhdháil reachtúil na hAlban. Tá sí lonnaithe i bhFoirgneamh na Parlaiminte, i gceantar Theach an Róid i nDún Éideann, príomhchathair na hAlban, agus is minic a thugtar 'Teach an Róid' uirthi go neamhfhoirmeálta. Tá an pharlaimint déanta de 129 ball tofa, ar a dtugtar 'Baill Pharlaimint na hAlban', nó BPAanna.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí parlaimint ag Albain roimh 1707, ach cuireadh as di le hAcht an Aontais na bliana sin, a d'aontaigh Albain le Sasana isteach sa Ríocht Aontaithe. I ndiaidh méid mhór chaibidle i rith na 20ú haoise ar cheist logánú cumhachtaí go hAlban, chuir Acht na hAlban 1998, acht de chuid Pharlaimint na Ríochta Aontaithe, parlaimint nua logánta ar bun. Tharla an chéad toghchán chun Pharlaimint na hAlban i Mí na Bealtaine 1999, agus thosaigh sí ag obair Mí Iúil na bliana céanna.

Cumhachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nicola Sturgeon, Céad-Aire reatha na hAlban

Roghnaíonn an pharlaimint Céad-Aire na hAlban, a stiúrann siansan Rialtas na hAlban.

Tig le Parlaimint na hAlban dlíthe a dhéanamh in iomaí réimsí a bhaineann le gnóthaí na tíre, agus tig léi céim bhunúsach na gcánach tuarastail a ardú nó a ísliú go dtí trí phingin sa phunt ón ráta a shocraíonn rialtas na Ríochta Aontaithe don chuid eile den ríocht. Thug Acht na hAlban 2012 agus Acht na hAlban 2016, achtanna de chuid Pharlaimint na Ríochta Aontaithe, chumhachtaí leasaithe cánach do Pharlaimint na hAlban, agus tháinig siad seo i bhfeidhm go hiomlán sa bhliain 2017.

Tá cumhacht ag Parlaimint na hAlban dlíthe a dhéanamh ar raon ghnóthaí ar a dtugtar “cúrsaí tiomnaithe”. Ina n-áireamh seo, tá:


Socraítear cuid de na cúrsaí a bhaineann le hAlbain ach a bhfuil tionchar acu ar an Ríocht Aontaithe, nó tionchar idirnáisiúnta, i bParlaimint na Ríochta Aontaithe i Westminster seachas i dTeach an Róid. Is é “cúrsaí in áirithe” a thugtar ar na rudaí seo, ina n-áireamh siúd:

Toghcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is gnáth do thoghcháin do Pharlaimint na hAlban a tharlú gach cúig bliana. An córas vótála, is é cineál d'ionadú cionmhar atá ann ar a dtugtar an t-ainm Córas Ball Breise. Tá dhá vóta ag gach vótálaí: ceann amháin ar son feisire sa toghcheantair, agus an ceann eile ar son liosta iarrthóirí sa réigiún. Tá gach duine in Albain á ionadú le BPA áitiúil amháin agus seacht BPA réigiúnacha. Tá stádas comhionann ag gach BPA sa Pharlaimint agus is féidir le toghthóirí fios a chur chuig duine ar bith den ochtar atá á ionadú.

Lena vóta toghcheantair, déanann an vótálaí rogha idir na hiarrthóirí atá ag seasamh sa toghcheantar ina bhfuil sian. Is é an t-iarrthóir leis an uimhir is mó vótaí a bhaineann an suíochán amach. Tá 73 BPA toghcheantair go léir ann.

An vóta eile, an vóta réigiúnach, is ar son páirtí polaitiúil atá sin, nó ar son duine a sheasann go neamhspleách sa réigiún. Tá ocht réigiún toghchánacha ann do Pharlaimint na hAlban agus seacht suíochán sa Pharlaimint ag gach ceann acu, 56 suíochán uile go léir. I ngach réigiún, roinntear na suíocháin ionas gurb ionann sciar an vóta a fuair páirtí áirithe agus an méid suíochán atá acu, idir shuíocháin toghcheantair agus shuíocháin réigiúnda araon. Mar shampla, má fuair Páirtí A 50% den vóta agus gach ceann de na naoi suíochán toghcheantair a bhí le fáil sa réigiún, agus a fuair Páirtí B 30% den vóta ach suíochán toghcheantair ar bith, tabharfar b'fhéidir cúig shuíochán réigiúnda do Pháirtí B, ionas go mbeadh timpeall ar 50% de na suíocháin ar fad ag Páirtí A, agus timpeall ar 30% díobh ag Páirtí B.

Comhdhéanamh reatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is éard a leanas ná tábla a thaispeánann comhdhéanamh reatha na Parlaiminte, de réir páirtithe. I láthair na huaire, is comhrialtas idir Páirtí Náisiúnta na hAlban agus an Páirtí Glas atá i mbun rialtais.

Páirtithe polaitíochta i bParlaimint na hAlban
Páirtí Suíocháin
Páirtí Náisiúnta na hAlban 64
Páirtí Coimeádach 31
Páirtí an Lucht Oibre 22
Páirtí Glas 8
Páirtí Daonlathach Liobrálach 4
Iomlán 129

Pobalbhreitheanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Taispeánann na táblaí seo thíos torthaí na bpobalbhreitheanna idir toghchán 2016 agus toghchán 2021, an chéad cheann ag taispeáint torthaí do na vótaí réigiúnda, agus an dara ceann ag taispeáint torthaí do na vótaí sna toghcheantair:

Vóta Réigiúnda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Vóta Toghcheantair[cuir in eagar | athraigh foinse]