An Páirtí Daonlathach Liobrálach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Páirtí polaitiúil sa Ríocht Aontaithe is ea an Páirtí Daonlathach Liobrálach. Tá 13 shuíomh acu as 650 cinn i dTeach na dTeachtaí, teach tofa Pharlaimint na Breataine. Is í Jo Swinson atá ina ceannaire ar an bpáirtí. Tá comhaontas eatarthu agus Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann.

An Páirtí Daonlathach Liobrálach
Ceannasaíocht Jo Swinson
Bunaithe 1988
Ceanncheathrú 8-10 Great George Street, Londain, An Ríocht Aontaithe
Idé-eolaíocht Liobrálachas
Cleamhnas Liberal International
Dathanna Buí
Gréasáin libdems.org.uk
Jo Swinson, ceannaire an pháirtí

Ó tharla reifreann ar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach sa bhliain 2016, is é tacaíocht go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san Aontas Eorpach, tríd an meán go mbeadh reifreann ar na beartais deireanacha don Bhreatimeacht, agus an rogha fanacht san Aontas ar cheann de na roghanna, an polasaí is cáiliúla atá ag an bpáirtí. Tacaíonn an páirtí le níos mó caithimh ar an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte agus ar an oideachas, go mbeadh ardú sa cháin ioncaim le híoc as seo, agus go n-úsáidfí an ionadaíocht chionmhar i dtoghcháin náisiúnta agus áitiúla ar fad na Ríochta Aontaithe.[1]

I rialtas na Breataine Bige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Páirtí Daonlathach Liobrálach páirteach i Rialtas na Breataine Bige, feidhmeannacht díláraithe laistigh den Ríocht Aontaithe, i gcomhrialtas le Páirtí an Lucht Oibre. Is í Kirsty Williams ceannaire an pháirtí sa Bhreatain Bheag, agus í anois ina haire oideachais. I measc na ndlithe nua atá curtha isteach ag an rialtas ó 2016, tá cosc ar phollaidh dlúthphearsanta do dhaoine faoi bhun 18 mbliana[2]; cosc ar chaitheamh tobac taobh amuigh de scoileanna agus ospidéil[3]; leathnú ceartaí vótála, vótaí do dhaoine 16 bliana sna toghcháin áitiúla ina measc sin[4]; agus rialacha chun tacú le saoirse agus inscne-neodracht na gculath scoile[5].

Pobalbhreitheanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meán gluaisteach 28-lá ag taispeáint torthaí na bpobalbhreitheanna. I bhflannbhuí atá an Páirtí Daonlathach Liobrálach.

Idir Mí Mheithimh agus Mí Lúnasa 2019, is idir 15% agus 23% d'fhreagarthóirí i bpobalbhreitheanna sa Ríocht Aontaithe a deir go vótálfaidís ar son an pháirtí dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.[6][7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.libdems.org.uk/.+"Our at-a-glance manifesto" (en). Liberal Democrats. Dáta rochtana: 2018-09-21.
  2. Steven Morris (2018-02-02). "'It’s stupid': young people on Wales' intimate piercing ban" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  3. Steven Morris (2018-05-24). "Wales to ban smoking outside hospitals and schools in UK first" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  4. Steven Morris (2018-01-28). "Over-16s to get voting rights in some Welsh elections" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  5. Richard Adams Education editor (2019-07-10). "Welsh schools to offer cheaper uniforms with gender-neutral options" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  6. "2022 General Election Polls - Election Polling". www.electionpolling.co.uk. Dáta rochtana: 2019-02-23.
  7. "UK Polling Report". ukpollingreport.co.uk. Dáta rochtana: 2018-10-20.