An Páirtí Daonlathach Liobrálach
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | Lib Dem |
Cineál | páirtí polaitíochta |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | liobrálachas sóisialta Eorpachas liobrálachas |
Ailíniú polaitíochta | ar chlé ón lár lárnachas |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 3 Márta 1988, Londain |
Gníomhaíocht | |
Ball de | Alliance of Liberals and Democrats for Europe Party (en) Liberal International (en) |
Ballraíocht | 98,247 (2020) |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Nick Clegg (2007–2015) Tim Farron (2011–2014) Sal Brinton (2015–2020) Tim Farron (2015–2017) Vince Cable (2017–2019) Jo Swinson (2019–2019) luach ar iarraidh (2019–2020) Mark Pack (2020–) Ed Davey (2020–) |
Ógeagraíocht | Liberal Youth (en) |
Codanna | |
Teach Theachtaí na Ríochta Aontaithe (2024) | |
Eile | |
Dath | |
Suíomh gréasáin | https://www.libdems.org.uk/ |
Páirtí polaitiúil sa Ríocht Aontaithe is ea an Páirtí Daonlathach Liobrálach. Tá 14 tsuíochán acu as na 650 ceann atá i dTeach na dTeachtaí, teach tofa Pharlaimint na Breataine. Is é Ed Davey atá ina cheannaire ar an bpáirtí i láthair na huaire. Tá comhaontas idir an bpáirtí agus Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann.
Thacaigh an páirtí go láidir le ballraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach le linn feachtas an reifrinn Bhreatimeachta agus ina ndiaidh an reifrinn sin. Tacaíonn an páirtí le níos mó caithimh ar an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte agus ar an oideachas, le hardú ar an gcáin ioncaim chun íoc as sin, agus le cur i bhfeidhm na hionadaíochta cionmhaire i ngach toghchán náisiúnta agus áitiúil sa Ríocht Aontaithe.[1]
I rialtas na Breataine Bige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an Páirtí Daonlathach Liobrálach páirteach i Rialtas na Breataine Bige, feidhmeannacht díláraithe laistigh den Ríocht Aontaithe, i gcomhrialtas le Páirtí an Lucht Oibre idir 2016 agus 2021. Bhí ceannaire an pháirtí sa Bhreatain Bheag, Kirsty Williams, ina haire oideachais le linn an trátha seo. I measc na ndlithe nua a thug an rialtas sin isteach, tá cosc ar phollaidh dlúthphearsanta do dhaoine faoi bhun 18 mbliana[2]; cosc ar chaitheamh tobac taobh amuigh de scoileanna agus ospidéil[3]; leathnú cearta vótála, vótaí do dhaoine 16 bliana sna toghcháin áitiúla ina measc sin[4]; agus rialacha chun tacú le saoirse agus inscne-neodracht na gculath scoile[5].
Pobalbhreitheanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó tharla Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2019, is idir 6% agus 15% d'fhreagarthóirí i bpobalbhreitheanna sa Bhreatain a deir go vótálfaidís ar son an pháirtí dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.[6][7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Liobrálachas
- Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann
- Páirtí Coimeádach (Ríocht Aontaithe)
- Páirtí an Lucht Oibre (Ríocht Aontaithe)
- Páirtí Neamhspleáchais na Ríochta Aontaithe
- Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige
- Páirtí Náisiúnta na hAlban
- Plaid Cymru
- Breatimeacht
- An tAontas Eorpach
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ http://www.libdems.org.uk/.+"Our at-a-glance manifesto" (en). Liberal Democrats. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-09-05. Dáta rochtana: 2018-09-21.
- ↑ Steven Morris (2018-02-02). "'It’s stupid': young people on Wales' intimate piercing ban" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
- ↑ Steven Morris (2018-05-24). "Wales to ban smoking outside hospitals and schools in UK first" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
- ↑ Steven Morris (2018-01-28). "Over-16s to get voting rights in some Welsh elections" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
- ↑ Richard Adams Education editor (2019-07-10). "Welsh schools to offer cheaper uniforms with gender-neutral options" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
- ↑ "2022 General Election Polls - Election Polling". www.electionpolling.co.uk. Dáta rochtana: 2019-02-23.
- ↑ "UK Polling Report". ukpollingreport.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-17. Dáta rochtana: 2018-10-20.