Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba
Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba Scottish National Party Scottis Naitional Pairtie | |
Ceannasaíocht | Nicola Sturgeon |
Bunaithe | 1934 |
Ceanncheathrú | Dún Éideann |
Idé-eolaíocht | Ar chlé ón lár, neamhspleáchas |
Cleamhnas | European Free Alliance |
Dathanna | Buí |
Gréasáin | www.snp.org |
Is páirtí polaitíochta Albanach é Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba (Gaeilge: Páirtí Náisiúnta na hAlban, Béarla: The Scottish National Party nó SNP; Albainis: Scottis Naitional Pairtie) atá lonnaithe sa lár-chlé ar speictream na polaitíochta, chomh maith le bheith sóisialta-daonlathach ón taobh eacnamaíochta, agus stocaireacht a dhéanamh ar son neamhspleáchas na hAlban ón Ríocht Aontaithe.

Tá an páirtí faoi láthair ar an aon pháirtí amháin i rialtas na hAlban, é ag rialú mar rialtas mionlach le tacaíocht ón bPáirtí Glas, agus 62 suíochán aige as na 129 ceann atá i bParlaimint na hAlban. Ina 11 bliana i rialtas ó 2007, tá taifead ag an bpáirtí de mhaoiniú poiblí a chosaint agus a ardú[1], fad is go bhfuil roinnt gearracháin chánacha a thug rialtas na Ríochta Aontaithe isteach sa chuid eile den Ríocht a roghnaigh an páirtí gan a thabhairt isteach in Albain. I ndiaidh dóibh tromlach a bhaint amach i bParlaimint na hAlban sa bhliain 2011, d'iarr siad ar rialtas na Ríocht Aontaithe reifreann ar neamhspleáchas na hAlban a rith, reifreann a ritheadh i 2014. Ghiollaigh an páirtí an feachtas ar son an neamhspleáchais; faoi dheireadh, chaill siad an reifreann agus 44.7% den vóta buaite acu. Ar 28ú Márta 2017, vótáil Parlaimint na hAlban (Páirtí Neamhspleáchas na hAlban agus Páirtí Glas na hAlban i bhfabhar ar an mbille) cead a iarraidh ó rialtas na Ríochta Aontaithe reifreann eile a reáchtáil ar an gceist chéanna.[2][3]
Chomh maith leis sin, tá 48 mball de Theach na dTeachtaí (teach íochtarach Pharlaimint na Ríochta Aontaithe) ag an bpáirtí, as na 59 gcinn is féidir a fháil in Albain, é sin á chur ar an triú páirtí is mó sa seomra sin.
Rinne an páirtí feachtas ar son 'fanachta' i reifreann Breatimeachta na bliana 2016, agus is é polasaí oifigiúil an páirtí gur cheart go mbeadh Albain neamhspleách ina ball den Aontas Eorpach.[4]
Pobalbhreitheanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Taispeánann na táblaí seo thíos meán gluaiseach 28-lá de na pobalbhreitheanna don chéad toghchán eile do Pharlaimint na hAlban. Taispeánann an chéad cheann ag taispeáint torthaí do na vótaí réigiúnda (ina vótálann daoine ar son páirtí áirithe ina réigiún), agus taispeánann an dara ceann torthaí do na vótaí sna toghcheantair (ina vótálann daoine ar son duine áirithe i dtoghcheantar, limistéar atá níos lú ná réigiún). Tá Páirtí Náisiúnta na hAlban i mbuí:
Vóta Réigiúnda[cuir in eagar | athraigh foinse]
Vóta Toghcheantair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Náisiúnachas
- Eite chlé
- Plaid Cymru
- Mebyon Kernow
- Páirtí Shír Eabhraic
- An Páirtí Coimeádach (Ríocht Aontaithe)
- Páirtí an Lucht Oibre (Ríocht Aontaithe)
- An Páirtí Liobrálach Daonlathach
- Páirtí Neamhspleáchais na Ríochta Aontaithe
Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Fact check: All 19 claims in the SNP's latest party political broadcast" (en-GB). The Ferret (2018-01-31). Dáta rochtana: 2018-10-25.
- ↑ "Scottish independence referendum: final results in full" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2018-10-26.
- ↑ "Scottish Parliament backs referendum call" (en-GB). BBC News (2017-03-28). Dáta rochtana: 2018-10-26.
- ↑ "What is the SNP’s position on the EU? — Scottish National Party" (en-US). Scottish National Party (2015-11-25). Dáta rochtana: 2018-10-26.