Páirtí Neamhspleáchais na Ríochta Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Páirtí Neamhspleáchas na Ríochta Aontaithe
Ceannasaíocht Gerard Batten
Bunaithe 3 Meán Fómhair 1993
Ceanncheathrú Newton Abbot, Devon, An Ríocht Aontaithe
Idé-eolaíocht Eoraisceipteachas, liobraíochas
Cleamhnas Europe of Freedom and Democracy
Dathanna Corcra
Gréasáin UKIP.org
Nigel Farage, ceannaire an pháirtí i dtráth an reifrinn Bhreatimeachta

Páirtí Neamhspleáchas na Ríochta AontaithePNRA (Béarla: United Kingdom Independence PartyUKIP) ar cheann de na páirtithe polaitiúla sa Ríocht Aontaithe. Bunaíodh an páirtí sa bhliain 1993, tar éis gur shínigh rialtas na Ríochta Aontaithe Conradh Maastricht, chun glao ar son imeachta na Ríochta Aontaithe amach as an Aontas Eorpach. Go láithreach, níl suíomh ar bith acu i bParlaimint na Ríochta Aontaithe, ach dá ainneoin sin is iadsan atá go láithreach ar an gceathrú páirtí is mó roghnaithe i bpobalbhreitheanna olltoghcháin.[1] Go ginearálta, glacann an páirtí seasamh eite dheise ar cheisteanna eacnamaíochta agus sóisialta.

Tacaíonn an páirtí anois le Breatimeacht 'crua' agus láithreach, agus go mbeadh níos lú inimirce isteach sa Ríocht Aontaithe. D'imir an páirtí ról tábhachtach i socrú Pháirtí Coimeádach na Ríochta Aontaithe sa bhliain 2013 reifreann ar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach a ghealladh dá mbuafaidís an chéad olltoghchán eile, agus rinne siad feachtas ar son 'imeachta' sa reifreann seo.

Paul Nuttall, ceannaire tráthúil, agus Paul Oakley, iarrthóir do Pharlaimintcheantar Clacton, ag déanamh feachtais in Olltoghchán 2017

I Mí na Nollag 2018, d'imigh iar-cheannaire Nigel Farage den pháirtí, agus é ag scríobh sa nuachtán The Telegraph "nach é UKIP an páirtí Breatimeachta ar gá linn é", agus é ag cáineadh an pháirtí as a bheith frithioslamach agus róghafa le Tommy Robinson, duine mór ar an eite an-deis i Sasana.[2][3][4]. I Mí Eanáir 2019, cuireadh páirtí nua, an Brexit Party, ar bun, a bhfuil Farage ina cheannaire air, agus sciar vótaí UKIP tite go mór sna pobalbhreitheanna ó shin, fad is a bhfuil an Brexit Party anois i gcomórtas leis an bPáirtí Coimeádach mar an dara páirtí is mó roghnaithe sna pobalbhreitheanna céanna.

Meán gluaisteach 28-lá ag taispeáint torthaí na bpobalbhreitheanna. I gcorcra atá Páirtí Neamhspleáchais na Ríochta Aontaithe.

Idir mí Feabhra agus mí Aibreáin 2019, is idir 2% agus 11% de dhaoine ar fud na Ríochta Aontaithe a deir i bpobalbhreitheanna go vótálfaidís ar son an pháirtí dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.[1][5]

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Anthony Wells. "UK Polling Report". ukpollingreport.co.uk. Dáta rochtana: 2018-10-22.
  2. Nigel Farage (2018-12-04). "With a heavy heart, I am leaving Ukip. It is not the Brexit party our nation so badly needs" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2019-05-08.
  3. "Le partisan du Brexit Nigel Farage quitte l'Ukip, son parti europhobe" (fr). Le Huffington Post (2018-12-04). Dáta rochtana: 2019-05-08.
  4. Peter Walker Political correspondent (2018-12-04). "Nigel Farage quits Ukip over its anti-Muslim 'fixation'" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-05-08.
  5. "2022 General Election Polls - Election Polling". www.electionpolling.co.uk. Dáta rochtana: 2019-02-23.