Nigel Farage
Polaiteoir, craoltóir agus tráchtaire polaitíochta Sasanach is ea Nigel Farage (a rugadh ar an 13 Aibreán 1964), ar dhuine de na polaiteoirí i mo tionchair sa Bhreatain sna 2020idí.
Is Eoraisceipteach mór le rá é. Bhí baint mhór aige le feachtas an Bhreatimeachta sna 1990idí - 2010idí.





Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhág Farage an Páirtí Coimeádach i 1992 mar gheall ar Chonradh Maastricht. Bhí Farage mar dhuine de bhunaitheoirí Páirtí Neamhspleách na Ríochta Aontaithe (UKIP). Bhí sé mar cheannaire ar UKIP ó 2006 go dtí 2009 agus arís ó 2010 go dtí 2016.
Bhí sé mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa i gcomhair Oirdheisceart Shasana idir 2009 go 2020. I ndiaidh feachtais neamhthorthúil i dtoghcháin Pharlaiminte na hEorpa agus i Westminster i gcomhair UKIP in 1994, toghadh é don chéad uair i 1999. Atoghadh é i 2004, 2009, 2014 agus sa bhliain 2019.
Bhí cáil ar a óráidí conspóideacha i bParlaimint na hEorpa agus cháin sé an Euro srl go láidir. Bhí sé ina chathaoirleach ar an ngrúpa "Europe of Freedom and Direct Democracy".
D'fhág Farage UKIP i Mí na Nollag 2018, agus é ag scríobh sa nuachtán The Telegraph "nach é UKIP páirtí an Bhreatimeachta ar gá linn é", agus é ag cáineadh an pháirtí as a bheith fríth-Ioslamach agus róghafa le Tommy Robinson, duine mór ar an eite an-deis i Sasana.[1][2][3]
Idir Eanáir 2019-2020, bhí Farage ina cheannaire ar pháirtí polaitíochta nua, an Brexit Party ('Páirtí an Bhreatimeachta'), agus "Páirtí an Athchóirithe" inniu. Bhí sé ag stocaireacht le haghaidh imeacht láithreach den Aontas Eorpach. Sheas iarrthóirí den Pháirtí sna toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine 2019.[4][5]
Sheas sé mar iarrthóir in Olltoghchán na Breataine 2024 i dtoghlach Clacton in oirthear Shasana. Ar dtús, dúirt sé nach mbeadh sé san iomaíocht sa toghchán.[6][7] Bhuaigh sé an suíochán gan stró i ndeireadh na dála.
Scannal na n-íocaíochtaí 2026
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghlac Farage le síntiús £5m (€5.8m) ó infheisteoir criptea-airgeadra, an fear gnó Christopher Harborne, in 2024 agus nár fhógair sé é. Thug Harborne £12m do Reform in 2025. In 2026, chuir foras faire na gcaighdeán i bParlaimint Westminster fiosrúchán i mbun agus bhí gearán déanta leis an rialtóir chomh maith faoi maidir le líomhaintí faoi shíntúis eile.
Ar an 7 Iúil 2026, d'éirigh Farage as a shuíochán i bParlaimint Westminster. Ach bhí run daingean aige an fothoghchán i Clacton a throid agus a bhuachan, agus dúshlán tugtha ag Reform do pháirtithe fadbhunaithe an Lucht Oibre agus na gCaomhach.
Chuir Farage i leith na meán go raibh siad i mbun imeagla ar a theaghlach. Mhaígh sé go raibh tuairisceoirí ag ciapadh a theaghlaigh agus na meáin ag dul thar fóir lena gcuid fiosruithe.[8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nigel Farage (2018-12-04). "With a heavy heart, I am leaving Ukip. It is not the Brexit party our nation so badly needs" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2019-05-08.
- ↑ "Le partisan du Brexit Nigel Farage quitte l'Ukip, son parti europhobe" (fr). Le Huffington Post (2018-12-04). Dáta rochtana: 2019-05-08.
- ↑ Peter Walker Political correspondent (2018-12-04). "Nigel Farage quits Ukip over its anti-Muslim 'fixation'" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-05-08.
- ↑ Josh Halliday (2019-01-20). "Nigel Farage to lead new pro-Brexit party if EU departure delayed" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-05-08.
- ↑ "View registration - The Electoral Commission". search.electoralcommission.org.uk. Dáta rochtana: 2019-05-08.
- ↑ "Nigel Farage to run as Reform UK candidate in Clacton" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-06-03.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-06-03). "Farage ag seasamh in Olltoghchán na Breataine" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-07-07). "Ceannaire Reform Nigel Farage éirithe as a shuíochán Westminster" (as ga-IE).