Reform UK
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
| Idé-eolaíocht pholaitíochta | pobalachas ar an eite dheas reformism coimeádachas náisiúnta Eoraisceipteach liobrálachas eacnamaíoch | ||||
| Ailíniú polaitíochta | eite dheis | ||||
| Foirm dlí | cuideachta phríobháideach faoi theorainn ráthaíochta | ||||
| Stair | |||||
| Scartha ó | Páirtí Neamhspleách na Ríochta Aontaithe | ||||
| Téann in áit | Brexit Party (2021) | ||||
| Dáta a bunaíodh | 20 Eanáir 2019 | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Ballraíocht | 260,000 (2025) | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Uachtaránacht | Nigel Farage | ||||
| Úinéir | Nigel Farage (53.3%). Richard Tice (33.3%). Paul Oakden (6.7%). Mehrtash A'zami (en) | ||||
| Codanna | |||||
| Teach Theachtaí na Ríochta Aontaithe (2024) | |||||
| Eile | |||||
| Dath | | ||||
Gradam a fuarthas
| |||||
| Suíomh gréasáin | reformparty.uk | ||||
Tá Reform UK, nó an Reform Party, nó Páirtí an Athchóirithe, ar a dtugtaí in 2019 ar cheann de na páirtithe polaitiúla sa Ríocht Aontaithe. Bunaíodh an páirtí sa bhliain 2019 faoin ainm The Brexit Party nó Páirtí an Bhreatimeachta , D'éirigh an pobalóir Nigel Farage ina cheannaire air.
Bunaíodh é chun feachtasaíocht a dhéanamh ar son imeacht láithreach na Ríochta Aontaithe den Aontas Eorpach, mar dheireadh don phróiseas Breatimeachta, agus b'í tuairim an pháirtí gur 'fealladh ar an daonlathas' é nár imigh an Ríocht Aontaithe den Aontas Eorpach ar spriocdháta bunaidh an phróisis, 30ú Aibreán 2019.[1]
Sheas an páirtí a chéad iarrthóirí polaitiúla sna toghcháin Eorpacha i Mí na Bealtaine 2019. Bhain sé amach 31% den vóta agus 29 de na 73 shuíochán a bhí le fáil sa Ríocht Aontaithe, é sin á chur ar an bpáirtí ba mhó sa toghchán sin. Fuair siad 2% de na vótaí in Olltoghchán 2019 na Ríochta Aontaithe, gan suíochán ar bith i dTeach na dTeachtaí a bhaint amach.
Ar 6ú Mí Eanáir 2021, athainmníodh an páirtí go hoifigiúil mar Reform UK, ó tharla gur éirigh leis an bpáirtí an Breatimeacht a bhaint amach ar bhealach a mheas siad a bheith sásúil. Bhí an páirtí ag feachtasaíocht ag an am in aghaidh na dianghlasála Cóivid-19 agus ar son athchóiriú a dhéanamh ar an BBC agus Teach na dTiarnaí na Ríochta Aontaithe.[2][3]
I mí na Márta 2021, tháinig Richard Tyce i gcomharba ar Farage mar cheannaire an pháirtí.[4]
Sheas Farage mar iarrthóir in Olltoghchán na Breataine 2024 i dtoghlach Clacton in oirthear Shasana. Ar dtús, dúirt sé nach mbeadh sé san iomaíocht sa toghchán.[5][6] Bhuaigh sé an suíochán gan stró i ndeireadh na dála.
Scannal na n-íocaíochtaí 2026
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghlac Farage le síntiús £5m (€5.8m) ó infheisteoir criptea-airgeadra, an fear gnó Christopher Harborne, in 2024 agus nár fhógair sé é. Thug Harborne £12m do Reform in 2025.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Josh Halliday (2019-01-20). "Nigel Farage to lead new pro-Brexit party if EU departure delayed" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-05-08.
- ↑ Clea Skopeliti (2020-11-02). "Reform UK: Brexit party to rebrand as anti-lockdown voice" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ "Nigel Farage: Brexit Party to focus on fighting lockdown" (en-GB). BBC News (2020-11-02). Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ "Nigel Farage: Brexit-backing politician to quit as leader of Reform UK" (en-GB). BBC News (2021-03-07). Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ "Nigel Farage to run as Reform UK candidate in Clacton" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-06-03.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-06-03). "Farage ag seasamh in Olltoghchán na Breataine" (as ga-IE).