An Páirtí Coimeádach (An Ríocht Aontaithe)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Páirtí Coimeádach
(en) Conservative and Unionist Party Cuir in eagar ar Wikidata
Conservative Party UK Logo 2022.svg
Conservative Party conference 2011.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrCon agus المحافظين Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaCoimeádachas
aontachtas sa Ríocht Aontaithe
liobrálachas eacnamaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaar dheis ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh18 Nollaig 1834 (<19 Nollaig 1834), Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Robert Peel Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deEuropean Conservatives and Reformists Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht172,437 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtRishi Sunak (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ceannaire an Pháirtí Caomhaigh Cuir in eagar ar WikidataRishi Sunak Cuir in eagar ar Wikidata
Youth wingYoung Conservatives (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Le cuid
Maoiniú (Lubov Chernukhin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata)
Funder (en) AistrighLubov Chernukhin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinconservatives.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: conservatives Twitter: Conservatives Instagram: conservatives Youtube: UCXNSyuKeoiHOld1OS3kHuVg

An Páirtí Coimeádach (Leasainm: Na Tóraithe; Ainm Oifigiúil: An Páirtí Coimeádach agus Aontachtach) ar cheann de na páirtithe polaitiúla is sine agus is mó sa Ríocht Aontaithe. Glacann sé seasamh eite dheis ar cheisteanna eacnamaíochta, agus seasamh coimeádach ar cheisteanna sóisialta. Tá sé ar an bpáirtí is mó i Rialtas na Ríochta Aontaithe ó 2010, agus is eisean an t-aon pháirtí amháin sa rialtas ó 2015. In olltoghchán is déanaí na Ríochta Aontaithe, i Mí Nollag 2019, bhuaigh an páirtí 365 ceann de na 650 suíomh a bhí le fáil i dTeach na dTeachtaí, teach íochtarach Pharlaimint na Ríochta Aontaithe, agus 43.6% de na guthanna.

I rialtas na Ríochta Aontaithe 2010–2015[cuir in eagar | athraigh foinse]

David Cameron, a bhí ina cheannaire ar an bPáirtí Coimeádach idir 2006 agus 2016, agus ina Phríomh-Aire ar an Ríocht Aontaithe ó 2010 go dtí 2016

Caiteachtas rialtais[cuir in eagar | athraigh foinse]

In olltoghchán na bliana 2010, bhain na Coimeádaigh, faoi cheannas David Cameron, 306 de na 650 suíomh i Westminster amach, rud a chuir ar a gcumas comhrialtas a chur le chéile leis an bPáirtí Daonlathach Liobrálach. Chuaigh na Coimeádaigh isteach san olltoghchán ag gealladh easnamh bhúiste an rialtais a mhaolú agus ag gealladh 'stát níos lú': mar sin, chiorraigh an rialtas sin a lán caiteachas rialtais. Idir 2010 agus 2015, thit leibhéal caiteachas an rialtais 2.6% san iomlán. Bhí difríochtaí móra idir ranna difriúla – mar shampla, ardaíodh caiteachas ar shláinte 2.7% (cé gur ardaigh éileamh ar chúram sláinte níos tapaí fós), fad is gur gearraíodh an méid airgid a thugtaí do chomhairlí áitiúla timpeall ar 33%.[1]

Ag deireadh an téarma sin, i 2015, bhí an easnamh búiste tite ó £153.5 billiún sa bhliain go £88.0 billiún sa bhliain: maolú mór, cé nach raibh an t-easnamh seo imithe san iomlán mar ba aidhm i bhforógra na bliana 2010.[2][3] Ar an láimh eile, cáineadh an rialtas mar gheall ar thionchar neamhionann na ngearrthacha: sna chéad cheithre bliana, mhaolaigh athruithe i gcaitheamh an rialtais ioncam gach cinn de na cúig dheicheatán is boichte sa Ríocht Aontaithe – maolú beagnach 3%, an t-athrú is mó, don deicheatán is boiche ar fad – fad is gur mhéadaigh siad ioncam gach cinn de na cúig dheicheatán is saibhre ach amháin an deicheatán is saibhre ar fad.[1]

Cánacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2010, d'ardaigh an rialtas cáin bhreisluacha na Ríochta Aontaithe ó 17.5% go 20%.[4] Ar an taobh eile, ar feadh an téarma 2010-2015 ar fad, laghdaigh siad ráta na cánach corporáidí ó 28% go 20% (cé go ndearna athruithe eile ar fheidhmíocht na cánach seo cúiteamh ar an laghdú).[5][6][7] Sa bhliain 2012, mhaolaigh siad an ráta ar bhanda is airde na cánach ioncaim chomh maith, é ag dul ó 50% go 45%.[8]

Reifreann ar an Vótáil Chomórtais Dheabhaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar chuid den mhargadh comhrialtais idir an bPáirtí Coimeádach agus an bPáirtí Daonlathach Liobrálach, d'aontaigh an dá pháirtí sa chomhrialtas reifreann a dhéanamh ar córas olltoghchán na Ríochta Aontaithe a athrú ón córas 'First-Past-the-Post' go córas Vótála Chomórtais Dheabhaigh (Instant Runoff Voting (en)) – beart ar thacaigh na Daonlathaigh Liobrálacha leis, cé go raibh an Páirtí Coimeádach ina aghaidh. I rith feachtais an reifrinn, rinne an Páirtí Coimeádach feachtas ina aghaidh. I ndeireadh an scéil, theip ar an mbeart, 68% in aghaidh 32%.[9][10]

An pósadh comhghnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2011, d'fhógair an rialtas go mbeadh comhairliúchán ar dlí ar son an phósta chomhghnéis, comhairliúchán a leainseáladh ar 12ú Mhí Mhárta 2012.[11] Bhain an comhairliúchán seo ach amháin le Sasana agus an Bhreatain Bheag, toisc gurb iad Tionól Thuaisceart Éireann agus Parlaimint na hAlban atá freagrach ar reachtaíocht an phósta ina ndlínsí faoi seach. Sa bhliain 2013, tháinig bille chun aitheantas a thabhairt sa dlí don phósadh comhghnéis roimh Pharlaimint; vótáil 127 baill Choimeádacha (Cameron, a raibh ról suntasach aige san fheachtas ar son an bhille, ina measc) ar a shon, agus 137 ina aghaidh, ach tháinig an bille isteach sa dlí mar gheall ar thacaíocht ó na páirtithe eile.[12] In 2014 a chuir rialtas na hAlban bille roimh Pharlaimint na hAlban chun an pósadh comhghnéis a chur isteach sa dlí; ní raibh an Páirtí Coimeádach i rialtas na hAlban ag an am sin, ach sa vóta parlaiminte, vótáil 7 mball ar son an bhille, agus 8 ina aghaidh.[13]

Ceisteanna eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne na Coimeádaigh feachtas ar son 'Níl' i reifreann 2014 ar neamhspleáchas na hAlban.

Bhí ceisteanna éagsúla eile faoi chaibidil i rith na tréimhse seo chomh maith. Ina n-áireamh siúd bhí: ardú i dtáillí ollscoile Shasana i 2010; scannal na haiceálta gutháin i 2011; ceist na hinimirce ón Rómáin agus ón mBulgáir i 2013; gealltanas de chuid David Cameron ar reifreann ar bhallraíocht an Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach; idirghabháil mhilíteach sa Libia agus san Iaráic – ach ní sa tSiria, tar éis cliseadh don rialtas i vóta parlaiminte – sna blianta 2013 agus 2014; reifreann ar neamhspleáchas na hAlban, a socraíodh sa bhliain 2012 agus a tharla sa bhliain 2014, agus atheagrú ar an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte a rinneadh le linn roinnt blianta amach as 2010. Rinne nó thosaigh an rialtas athchóirithe ar na córais sláinte agus slándáil shóisialta freisin, athchóirithe a tháinig i bhfeidhm thar tréimhse roinnt blianta

Olltoghchán 2015[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi dheireadh, is breithiúnas maith a thug na vótóirí don pháirtí in olltoghchán na bliana 2015: d'ardaigh an páirtí a roinnt vóta ó 36.1% go 36.8%, agus a méid suíomhanna a bhí acu ó 306 go 331, fad is a chaill a bpairtnéirí, na Daonlathaigh Liobrálacha, beagnach dhá thrian a ranna vóta féin.[14] Tar a éis seo, tháinig an páirtí in ann dul i rialtas ina n-aonar, an socrú a chruthaigh rialtas na Breataine idir 2015 agus 2017.

I rialtas na Ríochta Aontaithe 2015-2017[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin: Breatimeacht

Póstaer ar son an fheachtais 'imeachta' sa reifreann ar an Aontas Eorpach. Tháinig an maíomh seo faoi airgead a thugann an Ríocht Aontaithe ar son buiséid institiúidí an Aontais faoi cháineadh áirithe ón taobh 'fanachta' ag baint lena chruinneas fíriciúil. Tá scríofa ar an bpostaer 'We send the EU £50 million a day. Let's spend it on our NHS instead' ('Seolaimid £50 milliún chuig an Aontas Eorpach gach lá. Seachas sin, caithimis é ar ár NHS')
Póstaer ar son an fheachtais 'imeachta' sa reifreann ar an Aontas Eorpach. Tháinig an maíomh seo i dtaobh an airgid a chuireadh an Ríocht Aontaithe isteach i mbuiséad Institiúidí an Aontais faoi cháineadh áirithe ón taobh 'fanacht' ag baint lena chruinneas fíriciúil.
Theresa May, a bhí ina ceannaire ar an bPáirtí Coimeádach agus ar an Ríocht Aontaithe ó Mhí Iúil 2016 go dtí Mí Iúil 2019

Tar éis Olltoghcháin 2015, ba é gealltanas an pháirtí reifreann ar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach (AE) a reáchtáil a d'éirigh ina phríomhfhócas don rialtas. Shocraigh David Cameron, a bhí ar son fanacht san AE, an reifreann a reáchtáil sa bhliain 2016, trí mhí déag go leith i ndiaidh an olltoghcháin. Tuairimítí go gcabhródh an feachtas gairid a bhí mar thoradh ar an rogha seo de dháta leis an taobh 'fanacht'. Chinn lucht an taoibh 'fanacht' sa pháirtí a bhfeachtas a dhíriú ar an damáiste eacnamaíochta arbh eagail a bheadh mar thoradh dá bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an Aontas, fad is a chinn lucht an taoibh 'imeacht' sa pháirtí a bhfeachtas-sa a dhíriú ar a gcreideamh go raibh easpa daonlathais ag baint leis an Aontas Eorpach, a gcuid maíomh féin go gcabhródh an 'Breatimeacht' leis an ngeilleagar, agus ar imnithe faoin inimirce ó thíortha eile san AE, ó thíortha iarrthóra don AE, agus ó thíortha lasmuigh den AE óna mbeadh daoine ag teacht trí thíortha an AE chun fáil go dtí an Ríocht Aontaithe.[15][16] Bhí scoilt mhór sa pháirtí le feiceáil i rith an reifrinn: sa pháirtí parlaiminteach, thacaigh 185 feisirí leis an taobh 'fanacht', i gcomórtas le 138 feisirí a thacaigh leis an taobh 'imeacht'[17]. Faoi dheireadh, b'é an taobh 'imeacht' a thug an reifreann leo, le 51.9% den vóta, agus 58% na ndaoine a vótáil ar son na gCoimeádach i 2015 agus a vótáil sa reifreann seo ag vótáil ar son imeacht den Aontas Eorpach.[18] Cé go ndúirt Cameron roimh an reifreann nach n-éireodh sé as mar Phríomh-Aire agus Ceannaire an Pháirtí dá gcaillfeadh sé, d'fhógair sé a éirí as mar Phríomh-Aire agus Ceannaire an Pháirtí an lá tar éis an reifrinn[19].Thosaigh comórtas ceannais ina dhiaidh seo, ach shocraigh feisirí Westminster an pháirtí gur Theresa May, Aire Gnóthaí Baile go dtí sin, a d'éireodh ina ceannaire páirtí agus ina Príomh-Aire sula raibh vótáil ag baill an pháirtí ar an gceist.

An samhradh díreach i ndiaidh an olltoghcháin, samhradh 2016, rinne an rialtas roinnt athruithe eacnamaíochta chomh maith. Ina measc sin, d'fhógair an Seansailéir, George Osborne, go n-ardódh siad an ráta pá íosta go dtí £7.20 san uair amach as Aibreán 2016, agus go dtí £9.00 faoin mbliain 2020.[20] D'fhógair siad roinnt gearrúchán don chóras creidmheasaí cánach ag an am céanna; i ndiaidh brú ó fheachtasóirí a dúirt go ndéanfadh an t-athrú sin barraíocht dochair do na daoine is boichte, áfach, lagaigh an rialtas na gearrúcháin seo. Ina theannta sin, d'fhógair siad ísliú breise i ráta cánach na gcomhlachtaí, ó 20% ag an am sin go dtí 18% faoi 2020.[5][20]

Olltoghchán 2017 go dtí deireadh cheannasaíocht May[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agóid laistigh de Sráid Downing in aghaidh an Pháirtí Aontachtach Daonlathach, dhá lá tar éis an olltoghcháin

I ndiaidh Olltoghchán 2017, shocraigh an Páirtí Coimeádach margadh muinín-agus-soláthar leis an bPáirtí Aontachtach Daonlathach (DUP) le tromlach a fháil i Westminster do na vótáilí eochracha, nós na mbuiséad. Mar chuid den mhargadh seo, fuair an DUP gealltanas ón bpáirtí £1 billiún breise caithimh a dhéanamh i dTuaisceart Éireann, in infheistíocht i gcúrsaí sláinte, oideachais agus infreastruchtúir.[21] Spreag an margadh seo cáineadh ó roinnt polaiteoirí sa Bhreatain Mhór, a bhí neamhshásta le seasaimh an DUP ar cheisteanna na bhfoircheannadh toirchis agus an phósta chomhghnéis. Mar thoradh air seo, d'aontaigh an rialtas an ginmhilleadh a chur ar fáil do mhná as Tuaisceart Éireann ar Sheirbhís Náisiúnta Sláinte Shasana gan a bheith orthu íoc as, tar éis gur mhol feisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, Stella Creasy, leasú ar an Queen's Speech (rún parlaiminte a léiríonn pleananna an rialtais don bhliain le teacht, agus a mheastar go ginearálta mar rún muiníne ar an rialtas) a chuirfeadh an rud díreach céanna sa dlí.[22][23][24]

Ar 13ú Samhain 2018, d'fhógair Theresa May go raibh margadh Breatimeachta socraithe idir í agus lucht idirbheartaí­ochta an Aontais Eorpaigh[25]: bhí vóta i bParlaimint na Ríochta Aontaithe (chomh maith le Parlaimint na hEorpa) de dhíth, áfach, len é a chur i bhfeidhm. Ar 14ú Samhain, shocraigh Caibinéad na Ríochta Aontaithe a dtacaí­ocht a thabhairt don mhargadh. D'éirigh an margadh seo ina ábhar mór conspóide laistigh den pháirtí, áfach, agus a lán ball ina aghaidh. I Mí na Nollag 2018, chuir roinnt feisirí parlaiminte ar an eite dheis, Eoraisceipteach den pháirtí rún neamhmhuiníne in Theresa May síos mar cheannaire den pháirtí Coimeádach, mar gheall ar a dtuairim siúd go raibh an margadh seo ró-Eoraifíleach. I Mí Eanáir, vótáil Teach na dTeachtaí i gcoinne an mhargaidh, agus níos mó ná trian d'fheisirí an pháirtí i measc na bhfeisirí a vótáil ina choinne. I Mí Feabhra, d'fhág triúr feisirí ar eite Eoraifíleach an pháirtí, Anna Soubry, Sarah Wollaston agus Heidi Allen, an páirtí mar gheall ar a neamhshástacht le tionchar na n-Eoraisceipteach laistigh den pháirtí. Chuaigh siad le hochtur feisirí a raibh Páirtí an Lucht Oibre fágtha acu chun grúpa polaitiúil nua a chur ar bun, ar ar baisteadh 'The Independent Group' ('An Grúpa Neamhspleách').

I Mí na Bealtaine 2019, i ndiaidh don pháirtí teacht sa chúigiú háit sa Ríocht Aontaithe i dtoghchán Eorpach 2019, agus gan ach 9% den vóta buaite acu, d'fhógair May go n-éireodh sí as mar cheannaire an pháirtí agus mar phríomh-aire ar an tír i Mí Meithimh. Roghnaigh an páirtí ceannaire nua i bpróiseas a mhair mí amháin ag tosú ar 10ú Mí Meithimh, iad ag roghnú Boris Johnson i ndeireadh an scéil. Mar sin, d'éirigh seisean ina phríomh-aire ar an Ríocht Aontaithe ag deireadh Mhí Iúil.

Ceannasaíocht Johnson agus Olltoghchán 2019[cuir in eagar | athraigh foinse]

Boris Johnson, ceannaire an pháirtí Coimeádaigh agus Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe ó Mhí Iúil 2019

I Mí Dheireadh Fómhair 2019, shocraigh rialtas na Ríochta Aontaithe agus lucht idirbheartaíochta an Aontais Eorpach margadh nua Breatimeachta. Chuir an rialtas bille chun ceadú leis an margadh seo isteach i dTeach na dTeachtaí, ach tar éis don Teach leasú a chur air chun tabhairt ar an rialtas síneadh ama eile a iarraidh ar an Aontas Eorpach mura socrófaí an Breatimeacht roimh 31ú Mí na Samhna, tharraing an rialtas an bille den Teach. Ina ionad sin, shocraigh an rialtas iarracht a dhéanamh olltoghchán a ghlao, beartú ar ghlac an dá thrian riachtanach de Theach na dTeachtaí leis. Mar sin, tharla olltoghchán sa Ríocht Aontaithe ar 12ú Nollaig na bliana sin.

San olltoghchán sin, b'é príomhmhana an pháirtí ná "Get Brexit Done. Unleash Britain's Potential", agus iad ag maíomh gurbh í an dóigh ab fhearr leis an Breatimeacht a fhíorú go tapa ná tromlach a thabhairt don Pháirtí Coimeádach i dTeach na dTeachtaí.[26] I ndeireadh an scéil, bhuaigh an páirtí tromlach i dTeach na dTeachtaí, iad ag baint amach 365 shuíomh as na 650 cinn a bhí le fáil, le 43.6% de na guthanna, agus mar sin fuair siad mandáid eile cúig bliana an tír a rialú.

An páirtí in Albain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Páirtí Coimeádach na hAlban ar an dara páirtí is mó i bParlaimint na hAlban. Cuireann an páirtí in Albain béim mhór ar a chuid creideamh aontachtach, agus meastar de réir a chéile go bhfuil an páirtí méid áirithe níos faide ar chlé ar cheisteanna eacnamaíochta in Albain ná mar atá i gcodanna eile na Ríochta Aontaithe. Fuair an páirtí 31 tsuíochán as 129 gcinn a bhí le fáil i bParlaimint na hAlban sa toghchán is déanaí, i 2021. Douglas Ross atá ina cheannaire ar an bpáirtí.

An páirtí sa Bhreatain Bheag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an páirtí sa dara háit sa toghchán is déanaí, sa bhliain 2021, do Sheanad na Breataine Bige. Tá dearcadh láidir aontachtach ag an bpáirtí sa Bhreatain Bheag chomh maith.

An páirtí i dTuaisceart Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagraíonn an páirtí i dTuaisceart Éireann fosta, cé nach ach páirtí an-bheag atá ann ansin. Tá dearcadh aontachtach acu. I dtoghchán Tionóil na bliana 2022, fuair an páirtí 254 vóta chéad rogha, nó 0.03% den iomlán. Matthew Robinson atá ina chathaoirleach ar an bpáirtí. I láthair na huaire, níl aon ionadaí tofa ag an bpáirtí ag leibhéal rialtais ar bith.

Pobalbhreitheanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pobalbhreitheanna don chéad olltoghchán eile. I ngorm atá an Páirtí Caomhach.

Ó tharla Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2019, is idir 14% agus 54% de dhaoine sa Bhreatain Mhór a deir go vótálfaidís ar son an pháirtí dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.[27][28]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 http://www.nuffieldfoundation.org/sites/default/files/files/RR04_SUMMARY.pdf
  2. https://www.economicshelp.org/blog/334/uk-economy/uk-national-debt/
  3. "Conservative Party Manifesto - General Election 2010". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-01-04.
  4. "Osborne increases VAT rate to 20%" (en-GB). BBC News (2010-06-22). Dáta rochtana: 2018-10-22.
  5. 5.0 5.1 Stuart Adam (2015). "Tax Measures" (Béarla). Institute for Fiscal Studies. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-10-11. Dáta rochtana: 28/11/2018.
  6. Holly Watt (2010-06-23). "Budget 2010: Corporation tax cut to record low" (en-GB). Dáta rochtana: 2018-10-22.
  7. "Have the Conservatives brought in £70 billion worth of tax cuts?". Full Fact. Dáta rochtana: 2018-10-22.
  8. "George Osborne slashes 50% top tax rate" (en-GB). The Independent. Dáta rochtana: 2018-10-22.
  9. Simon Rogers (2011-05-06). "AV referendum results, mapped and listed" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2018-10-20.
  10. "Electoral Commission | 2011 UK referendum on the voting system used to elect MPs - results" (en-GB). www.electoralcommission.org.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-01-20. Dáta rochtana: 2018-10-20.
  11. "Government proposes introducing gay marriage after Cameron intervention · PinkNews" (2016-03-04). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-04. Dáta rochtana: 2018-10-20.
  12. "Marriage (Same Sex Couples) Bill — Second Reading — 5 Feb 2013 at 18:52 — The Public Whip" (2016-03-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-23. Dáta rochtana: 2018-10-20.
  13. Parlaimint na hAlban (04/02/2014). "Official Report - Meeting of the Parliament, Tuesday 4th February 2014" (as Béarla): 27390-27391. 
  14. "2015 UK General election results, manifestos | UK Political Info" (en). www.ukpolitical.info. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-10. Dáta rochtana: 2018-10-20.
  15. "Britain Stronger In Europe" (en). Britain Stronger In Europe. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-21. Dáta rochtana: 2018-10-20.
  16. "ABOUT - Leave.EU" (en-GB). Leave.EU. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-07-11. Dáta rochtana: 2018-10-20.
  17. https://www.bbc.co.uk/news/uk-politics-eu-referendum-35616946
  18. http://lordashcroftpolls.com/2016/06/how-the-united-kingdom-voted-and-why/
  19. http://www.rte.ie/news/nuacht/2016/0628/798663-cameron-le-buaileadh-le-ceannairi-na-heorpa-inniu
  20. 20.0 20.1 Larry Elliott, Patrick Wintour (2015-07-09). "Budget 2015: Osborne hopes minimum wage increase will soften welfare cuts" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2018-11-28.
  21. "Margadh déanta idir an DUP agus an Páirtí Caomhach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2018-10-20.
  22. "Ginmhilleadh? Pósadh comhghnéis? Acht Gaeilge? Saol corrach i ndán don DUP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2018-10-20.
  23. "NI women to get free abortions in England" (en-GB). BBC News (2017-06-29). Dáta rochtana: 2018-10-20.
  24. Jessica Elgot, Henry McDonald (2017-06-29). "Northern Irish women win access to free abortions as May averts rebellion" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2018-10-20.
  25. "Cruinniú éigeandála ag Rialtas na Breataine agus a margadh Breatimeachta déanta ag May" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2018-11-29.
  26. "Vote Conservative | Get Brexit Done | Unleash Britain's Potential" (en-gb). vote.conservatives.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-23. Dáta rochtana: 2019-11-20.
  27. "2022 General Election Polls - Election Polling". www.electionpolling.co.uk. Dáta rochtana: 2019-02-23.
  28. "UK Polling Report". ukpollingreport.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-17. Dáta rochtana: 2018-10-20.