Rishi Sunak

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rishi Sunak
PM Rishi Sunak (cropped 2).jpg
Ball den 56ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Bealtaine 7, 2015 - Bealtaine 3, 2017
Dúiche: Richmond (Yorks) (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2015
Ball den 57ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Meitheamh 8, 2017 - Samhain 6, 2019
Dúiche: Richmond (Yorks) (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríocht Aontaithe, 2017
Parliamentary Under-Secretary of State for Local Government (en) Aistrigh

Eanáir 9, 2018 - Iúil 24, 2019
Marcus Jones - Luke Hall (en) Aistrigh
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe

2019 -
Príomh-Rúnaí an Státchiste

Iúil 24, 2019 - Feabhra 13, 2020
Liz Truss - Stephen Barclay
Ball den 58ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 12, 2019 -
Dúiche: Richmond (Yorks) (en) Aistrigh
Toghchán: An chéad olltoghchán eile sa Ríocht Aontaithe
Seansailéir an Státchiste

Feabhra 13, 2020 - Iúil 5, 2022
Sajid Javid - Nadhim Zahawi (en) Aistrigh
Ceannaire an Pháirtí Caomhaigh

Deireadh Fómhair 24, 2022 -
Liz Truss
Aire an Aontais

Deireadh Fómhair 25, 2022 -
Liz Truss
Aire na Státseirbhíse

Deireadh Fómhair 25, 2022 -
Liz Truss
Céad Tiarna an Státchiste

Deireadh Fómhair 25, 2022 -
Liz Truss
79. Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe

Deireadh Fómhair 25, 2022 -
Liz Truss
Saol
Eolas breitheSouthampton, 12 Bealtaine 1980, Nollaig 1980 (42 bliain d’aois)
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
Grúpa eitneachBritish Punjabis (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Béarla
Muintir
AthairYashvir Sunak
MáthairUsha Sunak
Céile/CéilíAkshata Murty  (Lúnasa 2009 -
Teaghlach
Oideachas
Alma materOllscoil Stanford 2006)
Stanford Graduate School of Business (en) Aistrigh
Lincoln College (en) Aistrigh 2001) : Fealsúnacht, Polaitíocht, agus Eacnamaíocht
Winchester College (en) Aistrigh
Leibhéal oideachaisMaster of Business Administration (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
An Hiondúis
An Phuinseáibis
Gairm
Gairmpolaiteoir, financial analyst (en) Aistrigh agus státaire
Airde170 cm
Áit oibreLondain
FostóiríThe Children's Investment Fund Management (en) Aistrigh
Goldman Sachs  (2001 -  2004)
Duaiseanna
Cleamhnú
ReiligiúinAn Hiondúchas
Páirtithe polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach
IMDbnm7320103
rishisunak.com
Instagramrishisunakmp
TwitterRishiSunak

Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, de chuid an Pháirtí Choimeádaigh agus ilmhilliúnaí is ea Rishi Sunak (Hiondúis: ऋषि सुनक). (a rugadh i Southampton, Hampshire ar an 12 Bealtaine 1980). Is é Sunak an chéad phríomhaire ar an Ríocht Aontaithe den chreideamh Hiondúch, an chéad duine de bhunú na hÁise, agus an fear is óige san oifig ó 1812.[1][2][3]

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 12 Bealtaine 1980 a rugadh Sunak in Southampton. De shliocht Puinseábach a thuismitheoirí. Dochtúir teaghlaigh ab ea a athair agus bhí cógaslann ag a mháthair, gnó a thug cleachtadh don mhac ar an leabharchoimeád ina óige.

Chuaigh Sunak ar scoil phríobháideach, Winchester College, áit a raibh sé ina phríomhcheannaire.

Fealsúnacht, polaitíocht agus eacnamaíocht (PPE) an chéim a fuair sé in Ollscoil Oxford. Chuaigh sé ansin go hOllscoil Stanford in California mar ar bhain sé céim MBA amach. Is i Stanford freisin a bhuail sé lena bhean chéile, Akshata Murty, iníon le Narayana Murthy, an séú duine is saibhre san India.

Rinne Sunak go maith i gcúrsaí airgeadais, chaith sé le tamall le Goldman Sachs agus tamall ina bhainisteoir ar chistí fálaithe. Bhí a shaibhreas déanta aige agus gan é ach sna luath-thríochaidí nuair a shocraigh sé tabhairt faoi chúrsaí polaitíochta.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2014 roghnaíodh Sunak mar iarrthóir do shuíochán Caomhach an-sábháilte i Richmond i Yorkshire Thuaidh. Toghadh é sa suíochán sin in 2015, in ionad William Hague, iarcheannaire ar an bpáirtí Caomhach.[4]

Sa reifreann ar an mBreatimeacht in 2016, vótáil Sunak ar son imeacht as an Aontas Eorpach.

Fómhair 2021

Seansailéir na Státchiste[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceapadh Sunak mar an Seansailéir na Státchiste sa bhliain 2020 i rialtas Boris Johnson.

Ba é Sunak a bhí ar an stiúir sa lag trá eacnamaíochta a spreag paindéim an choróinvíris. Caomhach den seandéanamh é Sunak, cáin íseal agus an státchóras agus a fhreagrachtaí a choinneáil beag. Ach b’éigean an port sin a leasú le linn na paindéime agus na billiúin punt a chur ar fáil ón státchiste le teacht i gcabhair ar ghnóthaí agus oibrithe a bhí buailte go dona ag Covid-19.

Níos déanaí cáineadh go géar Sunak agus é á chur ina leith gur támáilte go maith a bhí sé ag déileáil leis an ngéarchéim costas maireachtála sa mBreatain le linn 2021-2022.[4]

Chuir na póilíní fíneáil ar Sunak mar gur fhreastail sé ar chóisir i Sráid Downing Meitheamh 2020, tráth a raibh an dianghlasáil curtha i bhfeidhm ag an rialtas.

Sa bhliain 2021/2022, cáineadh Sunak nuair a tháinig sé chun solais gur sheachain a bhean, Akshata Murthy, cáin a íoc ar an ioncam a shaothraigh sí thar lear.

Samhradh 2022ː Sa bhfeachtas in aghaidh Truss, chuir Sunak é féin in iúl mar iarrthóir nach ngabhfadh anonn ná anall leis an bhfírinne faoin drochbhail atá ar chúrsaí airgeadais na Breataine.

Rás ceannaireachta na dTóraithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 5 Iúil 2022, thug Sunak agus an Rúnaí Sláinte Sajid Javid le tuiscint go raibh siad ag éirí as; ní raibh muinín acu a thuilleadh as Boris Johnson.[5] Bhí cáineadh go leor orthu ina bpáirtí féin ag an am. Ach ag an am céanna, lean plód feisirí eile sampla Sunak, rud nár fhág aon rogha ag Boris Johnson ach géilleadh do na héilimh ar fad go n-éireodh sé as a phost.

I mí Lúnasa 2022, le linn an rása cheannaireachta in aghaidh Liz Truss, dúirt Sunak nach raibh sna geallúintí a bhí ag Truss agus iarrthóirí eile, go laghdóidís cánacha ar an toirt, ach “finscéalta”.

Chruthaigh an chaoi ar thit an tóin as sterling chomh luath agus a thug Truss agus Kwarteng isteach an mionbhuiséad inar gearradh cánacha gan aon mhaoiniú do na ciorruithe sin a bheith á lua, go raibh an ceart ag Sunak. Chruthaigh polasaithe Truss cíor thuathail láithreach sna margaí.[6]

Ar 24 Deireadh Fómhair 2022, fuair Sunak an ceann is fearr a fháil ar Boris Johnson[7] agus Penny Mordaunt le theacht i gcomharbacht ar Liz Truss in Uimhir a 10 Sráid Downing. D’éirigh Johnson agus Mordaunt as an rás roimh an vóta.

Fograíodh ceannaireacht Sunak ar lá féile mhór na Hiondúch, Díbheálaí,[8] nó Féile na Soilse.[4] B'iontach an t-athrú é i scéal Sunak a chaill rás ceannaireachta na dTóraithe in aghaidh Liz Truss i mí Mheán Fómhair 2022.[9] Sa bhfeachtas seo, chuir Sunak é féin in iúl mar iarrthóir nach ngabhfadh anonn ná anall leis an bhfírinne faoin drochbhail atá ar chúrsaí airgeadais na Breataine.

Príomh-aire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Sunak ceaptha ina Phríomh-Aire ar an mBreatain ar 25 Deireadh Fómhair 2022. Chuir Sunak tús lena thréimhse ceannaireachta tráth a raibh an saol in Westminster sách corrach agus cúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta ina gcíor thuathail.[4] D’áitigh sé gurb é an chéad rud a bhí le déanamh ná an boilsciú a chur faoi smacht. Thug sé le fios go mbeadh air "cinntí míthaitneamhacha" a dhéanamh chun "dul i ngleic leis an ngéarchéim mhór eacnamaíochta" agus go gcuirfeadh sé ina gceart na botúin a rinne a réamhtheachtaí Liz Truss.[10]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "List of prime ministers of the United Kingdom by age" (as en) (2022-10-24). Wikipedia. 
  2. Nuacht RTÉ (2022-10-24). "Rishi Sunak príomhaire nua na Breataine" (as ga-IE). 
  3. "5 Facts About Rishi Sunak, Britain's Youngest, First Hindu PM". NDTV.com. Dáta rochtana: 2022-10-24.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 "Rishi Sunak a bheidh ina Phríomh-Aire ar an mBreatain agus rás na dTóraithe buaite aige" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-24.
  5. RTÉ Nuacht (2022-07-05). "Seansailéir, Rúnaí Sláinte éirithe as Rialtas na Breataine" (as ga). 
  6. "‘Cuirfidh mé na botúin ina gceart’ – Rishi Sunak ceaptha ina Phríomh-Aire ar an mBreatain" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-25.
  7. Nuacht RTÉ (2022-10-23). "Sunak láidir ach Johnson ag troid ar son ainmniúchán" (as ga-IE). 
  8. Dewali
  9. Bhí Sunak sa dara háit i dtoghchán na ceannaireachta sa samhradh 2022 nuair a vótáil baill an pháirtí Chaomhaigh. 81,326 vóta a bhí ag Truss sa toghchán sin agus 60,399 ag Sunak.
  10. Nuacht RTÉ (2022-10-25). ""Cinntí míthaitneamhacha le déanamh agam" - Rishi Sunak" (as ga-IE).