Ba pholaiteoir agus Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe é SirArthur James Balfour, 1st Earl of Balfour (a rugadh 25 Iúil1848 agus a d'éag 19 Márta1930), go mór i bhfách leis an eite dheas agus fear a tharraing conspóid lena bheo agus lena mharbh.
Príomh-Rúnaí na hÉIreann ba ea é, 1887-1891.[1] Sa bhliain 1891, bhunaigh sé Bord na gCeantar Cúng chun bochtaineacht agus coinníollacha maireachtála plódaithe in iarthar agus iarthuaisceart na hÉireann a mhaolú.
Rúnaí Gnóthaí Eachtracha sa Bhreatain ba ea Balfour idir 1916-1919.
Ar 2 Samhain1917 d'fhógair Balfour go mbunófaí stát Giúdach sa Phalaistín. Tugtar an "Balfour Declaration" nó Dearbhú Balfour, 1917 air, i gcroí na coimhlinte sa Mheánoirthear sa lá atá inniu ann. Mar sin gheall na Sasanaigh “tír dhúchais” do na Giúdaigh. Ní raibh á ofráil do na hArabaigh ach an moladh nach n-imreofaí leatrom orthu.
B'fhéidir nach raibh ach iarracht ann i bhforógra Balfour Giúdaigh an domhain a mhealladh chuig cúis na Comhghuaillíochta sa Chéad Chogadh Domhanda.[2] Ach bhí impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis.
Sa bhliain 2017, dúirt Príomh-Aire na Breataine, Theresa May go mbeadh sí ag comóradh an fhorógra “le bród”.[2]
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.