Bord na gCeantar Cúng

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBord na gCeantar Cúng
Sonraí
Cineálcoiste Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1891
Bunaitheoir(í)Arthur Balfour Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1923 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Bratach Bhord na gCeantar Cúng, 1907–1916
Bratach Bhord na gCeantar Cúng, 1893–1907

Sa bhliain 1891, bhunaigh Arthur Balfour, an Príomh-Rúnaí ag an am, Bord na gCeantar Cúng chun bochtaineacht agus coinníollacha maireachtála plódaithe in iarthar agus iarthuaisceart na hÉireann a mhaolú.

D’oibrigh William Lawson Micks le Bord na gCeantar Cúng fad a mhair an bord, mar Rúnaí i dtús báire, ansin ó 1909 mar bhall.[1] Díscaoil rialtas nua Shaorstát na hÉireann an bord sa bhliain 1923, agus ghlac a fhoireann isteach i gCoimisiún Talún na hÉireann.[2]

Gné amháin de pholasaí aontachtach de chuid na dTóraithe chun ‘Rialtas Dúchais a mharú le cineáltas’ a bhí ann.[3] An cuspóir a bhí leis an mbord ná an bhochtaineacht a mhaolú trí íoc as oibreacha poiblí, mar shampla céanna a thógáil do chalafoirt bheaga ar an gcósta thiar, cabhrú le hiascaireacht, modhanna feirmeoireachta nua-aimseartha a thabhairt isteach, nó urraíocht a dhéanamh ar mhonarchana áitiúla chun fostaíocht a thabhairt agus stop a chur leis an eisimirce ó Éirinn. Sna hOileáin Árann, bunaíodh tionscal éadaí cniotáilte a sholáthraíonn éadaí cniotáilte Árann ar bhonn tráchtála ag baint úsáide as cniotálaithe agus dearthóirí oilte áitiúla. Is iad na limistéir ina raibh an luacháil inrátaithe níos lú ná 30 scilling na réigiúin a bhí faoi údarás an Bhoird. Ba é sin 3,500,000 acra (14,000 km2) ag an am, le daonra thart ar 550,000 duine. 

Maoiníodh an Bord le hairgead a tháinig ó Eaglais na hÉireann, ach faoi 1912 bhí airgead eile ar fáil agus ba é iomlán a shócmhainní £530,000 (is é sin £40 milliún de réir luachanna 2010).

Tar éis an Achta Talamh-Cheannaigh (Éire) 1903, tugadh údarás don bhord talamh breise a cheannach ó eastáit mhóra chun gabháltais bheaga na dtionóntaí a mhéadú. Sa bhliain 1909, bronnadh cumhachtaí éigeantacha ceannaigh air, agus thosaigh sé ag athdháileadh breis is 1000 eastát a raibh timpeall is dhá mhilliún acra (8100 km2) iontu.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Micks, W. L. (1925) An Account of the Constitution, Administration and Dissolution of the Congested Districts Board for Ireland from 1891 to 1923. Baile Átha Cliath: Eason & Son, lch. 2
  2. ACHT DLÍ THALMHAN (COIMISIÚN), 1923, roinn 5
  3. 3.0 3.1 A Dictionary of Irish History, D.J. Hickey & J.E. Doherty, Gill and Macmillan, Baile Átha Cliath, 1980. lch 87. ISBN 0-7171-1567-4