Arthur Wellesley, an chéad Diúc Wellington

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Arthur Wellesley
Arthur Wellesley, 1st Duke of Wellington by Robert Home cropped.jpg

Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe
I bhfeidhmeannas 22 Eanáir 182816 Samhain 1830
17 Samhain 18349 Nollaig 1834
Réamhtheachta(í) Goderich
Comharba(í) Grey
Dáta breithe 1 Bealtaine, 1769
Dáta báis: 14 Meán Fómhair, 1852
Áit bhreithe Éire (BÁCAn Mhí)
Áit bháis: Walmer, Kent
Páirtí polaitíochta Tory
Toghcheanta(i)r  
Síniú Arthur Wellesley, 1st Duke of Wellington Signature.svg

Bhí Arthur Wellesley, an chéad díuc Wellington (1 Bealtaine, 1769 - 14 Meán Fómhair, 1852) ar dhuine de na saighdiúirí agus státairí ba thábhachtaí sa mBreatain i rith na naoú haoise déag.

In Éirinn a rugadh é (ag 29 Sráid Mhuirfean Uachtarach i mBaile Átha Cliath, an óstán Merrion inniu), de mhuintir cháiliúil den Uaisle.

San arm, chaith sé tamall ina aide-de-camp do dhá Lord Lieutenant in Éirinn.

Toghadh é ina fheisire i bParlaimint na hÉireann.

Gníomhaíocht mhíleata[athraigh | athraigh vicithéacs]

Throid Wellesley san Ísiltír agus san Ind, i gCath Seringapatam sa gCeathrú Cogadh Anglo-Mysore. Déanadh gobharnóir ar Seringapatam agus ar Mysore de ina dhiaidh sin.

Tharraing Wellesley cáil air féin mar ghinearál i leithinis na Spáinne agus na Poirtingéile i rith chogaidh Napoleon.

Tugadh grád marascal machaire (field marshall) dhó tar éis buanna in aghaidh na Fraince ag Cath Vitoria in 1813.

Tar éis dhíbirt Napoleon in 1814, chaith sé tréimhse ina ambasadóir chun na Fraince. Déanadh Diúc de. Bhí sé i gceannas ar an arm a bhuail Napoleon ag Cath Waterloo sa bhliain 1815.

Príomh-aire[athraigh | athraigh vicithéacs]

Teach Mornington, i mBÁC, áit a rugadh Wellesley

Chaith Wellesley dhá thréimhse ina phríomh-aire leis na Tóraithe, ar dtús idir 1828-30 agus arís in 1834.

Ba ea Wellesley a bhí ina phríomh-aire le teacht Fuascailt na gCaitliceach i 1829.

Bhí Wellesley ina phríomh-cheannasaí ar arm na Breataine go dtí gur cailleadh é in 1852.

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]



Príomh-Airí na Ríochta Aontaithe

Walpole | Wilmington | Pelham | Newcastle | Devonshire | Newcastle | Bute | Grenville | Rockingham | Chatham | Grafton | North | Rockingham | Shelburne | Portland | Pitt the Younger | Sidmouth | Pitt the Younger | Grenville | Portland | Perceval | Liverpool | Canning | Goderich | Wellington | Grey | Melbourne | Peel | Melbourne | Peel | Russell | Derby | Aberdeen | Palmerston | Derby | Palmerston | Russell | Derby | Disraeli | Gladstone | Disraeli | Gladstone | Salisbury | Gladstone | Salisbury | Gladstone | Rosebery | Salisbury | Balfour | Campbell-Bannerman | Asquith | Lloyd George | Bonar Law | Baldwin | MacDonald | Baldwin | MacDonald | Baldwin | Chamberlain | Churchill | Attlee | Churchill | Eden | Macmillan | Douglas-Home | Wilson | Heath | Wilson | Callaghan | Thatcher | Major | Blair | Brown | Cameron | May