Cogadh na Saoirse (An Spáinn)

Bhí Cogadh Saoirse na Spáinne nó Cogadh na Leithinse (Guerra de la Independencia Española[1]), cogadh sa Spáinn i rith Cogaidh Napoleon. Bhí muintir na Spáinne ag troid leis an bPoirtingéil agus Sasana in aghaidh Impireacht na Fraince. Lean an cogadh ó forghabháil na Spáinne sa bhliain 1808 go dtí ghéilleadh Napoleon sa bhliain 1814.
Bhí an cogadh seo, cheann de na chéad cogaidh i gcomhair saoirse náisiúnta agus an chéad treallchogadh. Lean an cogadh chomh fada sin toisc nach raibh airm mór Napoleon in ann muintir na Spáinne a chuir faoi chois. Chuir na "guerrilleros", nó an treallchogaíocht, brú ar saighdiúirí na Fraince.
Ghabh saighdiúirí Napoleón, cathracha éagsúla agus rinne siad iarracht ansin an Phortaingéil a thógáil. Nuair a fuair siad réidh leis an rí, spreag seo éirí amach ar fud na tíre, glaotar go minic "El Dos de mayo de 1808" sé sin 2 Bealtaine, 1808.
Fad is a bhí na guerrilleros ag troid taobh thiar de línte na naimhde, bhí airm na Sasanaigh agus na Portaingéile ag ionsaí fórsaí na Fraince, ag déanamh iarracht atreorú a dhéanamh orthu.
I ndeireadh na cogadh bhí fórsaí na Fraince an-lag. Bhí naimhde na Fraince in ann ionradh a dhéanamh ar an Spáinne. Cuireadh ar na Franciah cúlú go dtí sléibhte na Piréiní.
An cogadh sna healaíona[cuir in eagar | athraigh foinse]
Léirigh Francisco Goya radharcanna uafáis sna pictiúir sa tsraith Los Desastres de la Guerra a thaispéain radharcanna doshamhlaithe a tharla le linn Chogadh na Leithinse.[2]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Guerra de la Independencia Española" (in es) (2022-04-11). Wikipedia, la enciclopedia libre.
- ↑ Ciara Nic Gabhann (DF 2010). "Ealaín Uafás na Cogaíochta" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-04-16.