Na Piréiní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Piréiní)
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachNa Piréiní
Íomhá
CineálSliabhraon Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósPyrene (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCrios Ailpíd Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinNouvelle-Aquitaine, An Fhrainc, An Ocsatáin, An Fhrainc, Tír na mBascach Theas, An Spáinn, An Aragóin, An Spáinn, Navarra, An Spáinn agus an Chatalóin, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSouth-West Europe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 42°40′N 1°00′E / 42.67°N 1°E / 42.67; 1
Teorainneacha leValley of Ebro (en) Aistrigh
Aquitaine Basin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Tréithe
Airde os cionn na farraige3,404 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí491 (fad) km
Pointe is airdeAneto (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata  (3,404 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Trasnaíonnan Spáinn, an Fhrainc agus Andóra Cuir in eagar ar Wikidata
Déanta ascarraig mheiteamorfach Cuir in eagar ar Wikidata
Achar19,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Tréimhsí stairiúlaEoicéineach, Pailéasóch agus Méiseasóch Cuir in eagar ar Wikidata

Sliabhraon is ea na Piréiní atá suite idir an Fhrainc agus an Spáinn. Síneann na Piréiní timpeall is 430 ciliméadar ó Bhá na Bioscáine, ar cuid í den Aigéan Atlantach, go dtí an Mheánmhuir. Is é an sliabhraon seo an teorainn nádúrtha idir an Fhrainc agus an Spáinn, agus an teorainn pholaitiúil ag cloí leis na Piréiní an chuid is mó. Tá Andorra fáiscthe isteach idir an dá stát móra, áfach. Thairis sin, tá Val d'Aran, nó Gleann Aran, suite taobh thuaidh den tsliabhraon, cé gur cuid é den Spáinn go polaitiúil.

Tá na Piréiní níos sine ná na hAlpa. An dríodar ba tús don tsliabhraon, thosaigh sé á bhfosú in imchuacha an chósta sa ré Phailéasóch agus sa ré Mhéiseasóch. Timpeall is 100-150 milliún bliain ó sin, sa tréimhse Chailceach, leathnaigh grinneall Bhá na Bioscáine amach, agus fáisceadh an Spáinn in éadan na Fraince. D'ardaigh an brú seo oirthear an tsliabhraoin ar dtús, ach ansin, chuaigh sé ar aghaidh siar, go dtí go raibh an sliabhraon go léir ann, sa sealad Eoicéineach.

Carraigeacha eibheir agus naghais is mó atá in oirthear na bPiréiní. San iarthar, áfach, tá cuid mhaith aolchloiche ann freisin. Ní raibh mórán oighearshruthanna sna Piréiní riamh, rud a chuireann leis an gcuma chomhleanúnach, neamhchaite atá ar an sliabhraon seo, chomh maith leis an eibhear - tá an t-eibhear an-díonta ar an gcreimeadh.

Ceann de na difríochtaí is mó idir na Piréiní agus na hAlpa is ea nach bhfuil mórán lochanna móra sna Piréiní. Níl na Piréiní saibhir i mámanna ach an oiread. Rud eile ar fad é go mbíonn go leor sruthanna tulcacha agus easanna ann.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]