Cath Waterloo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCath Waterloo
Cogaí Napoléon
Die Schlacht bei La Belle-Alliance am 18ten Juny 1815.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Battle of Waterloo 1815.PNG
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcath
Ainmnithe in ómósWaterloo
Dáta18 Meitheamh 1815
Comhordanáidí50°40′48″N 4°24′43″E / 50.68°N 4.412°E / 50.68; 4.412
ÁitMont-Saint-Jean (en) Aistrigh, Braine-l'Alleud
TírAn Bheilg
RannpháirtitheCéad Impireacht na Fraince, An Phrúis, Hannover, Ríocht Aontaithe na hÍsiltíre, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann agus Principality of Brunswick-Wolfenbüttel (en) Aistrigh
Cath Waterloo

Áirítear go bhfuil Cath Waterloo, a tharla ar an Domhnach, 18 Meitheamh 1815, in aice le Waterloo sa Bheilg i measc na gcathanna is mó tábhacht dar troideadh riamh.[1] Maítear gur mhúnlaigh an cath sin todhchaí na hEorpa ar feadh céad bliain; go deimhin, ní raibh aon mhórchogadh ar an Mór-Roinn i gcaitheamh an ama sin.[2]

cuirassier

Ar an lá úd thug fórsaí na Fraince faoi stiúir Napoleon Bonaparte aghaidh ar chomhghuaillíocht Shasnach, Prúiseach (faoin ordú Gebhard Leberecht von Blücher, Prionsa Wahlstatt) srl. a bhí faoi stiúir an Mharascal Machaire Arthur Wellesley, nó Díuc Wellington mar ab fhearr aithne air in dhiaidh sin.

Ról na nÉireannach[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'Éireannach é Wellington féin nach raibh iomlán ar a shuaimhneas lena fhéiniúlacht. “Because a man is born in a stable, that does not make him a horse”, ráiteas a leagtar air.

Coill Hougoumont

Measadh gur Éireannaigh iad 30%-40̤̤% dá shaighdiúirí Wellington.[3] Mar gur tharla an choimhlint seo i bhfad roimh an athrú mór teanga a bhain leis an nGorta Mór, is cinnte go raibh Gaeilge le clos ar pháirc an áir (b’fhiú leis na húdaráis ‘Rialacha agus Orduithe’ a chur i gcló i nGaeilge sa bhliain 1806 maidir le téarmaí seirbhíse agus pá).[4]

Bhí plandaí de phórtha uaisle agus sliocht na cosmhuintire ann:

  • an Ciarraíoch Maruice O’Shea,
  • Peter McMullen a chaill dhá ghéag,
  • William Ponsonby a bhí i gceannas ar mharcshlua,
  • Jenny Griffith a chaith trí lá ag cuartú a fir tar éis na cogaíochta
  • James Graham, a thuill clú agus gradam de bharr a ghaiscí.
Battle of Waterloo - Robinson.jpg
Battle of Waterloo map.png

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Feasta - alt 5". www.feasta.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-09-08. Dáta rochtana: 2019-06-17.
  2. "Waterloo na nGael – léiriú snasta, machnamhach ar eachtra mhór" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-06-17.
  3. Frank McNally. "Irish blood, English brass neck – An Irishman’s Diary about who really won Waterloo" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-10-07.
  4. gaeilge.org.au (8 Lúnasa 2015). "An Lúibín". Dáta rochtana: 2020.