Ollscoil Oxford
Is í Ollscoil Oxford, nó Ollscoil Átha na nDámh,[1] an ollscoil is sine i saol an Bhéarla.[2] Tá fianaise ann go raibh láthair oideachais ansin ón 11ú haois i leith agus is í ceann de na hollscoileanna is cáiliúla ar domhan í anois. Is i gcathair Oxford féin, i Sasana atá sí suite.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceapann cuid mhaith staraithe go raibh ollscoil in Oxford san aonú aois déag. D’éirigh an ollscoil níos mó sa bhliain 1167 nuair nach raibh mic léinn Sasanacha in ann staidéar a dhéanamh i bPáras, an Fhrainc tar éis dúnmharú Tomás Becket ag Rí Anraí II Shasana. Bhí troid ann idir na mic léinn in Oxford agus na daoine a bhí ina gcónaí ann i dtús an tríú haois déag. D’fhág roinnt mac léinn agus múinteoirí an ollscoil sa bhliain 1209 agus bhunaigh siad ollscoil nua i gCambridge.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Eoin P. Ó Murchú. "Logainmneacha Shasana i nGaeilge Díreach in am do Brexit!". NÓS. Dáta rochtana: 2021-02-14.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-04-11. Dáta rochtana: 2008-02-27.
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]

| Is síol faoi Shasana é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
