Clement Attlee
Príomh-aire na Ríochta Aontaithe ab ea Clement Richard Attlee, an chéad Iarla Atlee (3 Eanáir 1883 - 8 Deireadh Fómhair 1967), idir 1945 agus 1951, agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre idir 1935 agus 1955. Bhí sé i gceannas ar an gcéad rialtas a bhí ag an bpáirtí ina raibh tromlach acu, tar éis bua as cuimse ganfhiosaíochta a bheith acu sa toghchán iarchogaidh sa bhliain 1945 ar Winston Churchill agus na Coimeádaigh.
Creideann roinnt go raibh rialtas Attlee ar cheann de na rialtais is rathúla agus is réabhlóidí a bhí ann sa 20ú haois sa Bhreatain. Ghlac siad isteach an Stát Sochair iarchogaidh agus bunaíodh an tSeirbhís Sláinte Náisiúnta (NHS). Thug rialtas an Lucht Oibre neamhspleáchas don India freisin sa bhliain 1947.
Tá a lán staraithe den bharúil freisin gur phríomh-aire an-rathúil a bhí in Atlee, a bhí in ann smacht maith a choimeád ar a chomh-aireacht. Vótáil ollúna gurbh é an príomh-aire ab fhearr a bhí ann sa 20ú haois sa bhliain 2004.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Rating British Prime Ministers". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-03-28.
| Is síol beathaisnéise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol faoi Shasana é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Príomh-Airí na Ríochta Aontaithe
- Síolta beathaisnéise
- Síolta Shasana
- Daoine a rugadh i 1883
- Básanna i 1967
- An Chéad Chogadh Domhanda
- Ceannairí an Chogaidh Fhuair
- Daoine as Surrey
- Essex
- Feisirí de Pharlaimint na Ríochta Aontaithe
- Fir
- Imreoirí sacair Shasana
- Méaraí Sasanacha
- Páirtí an Lucht Oibre (an Ríocht Aontaithe)
- Polaiteoirí Sasanacha
- Ridirí
- Sóisialaithe
- Uaisleacht Eorpach