An Hiondúis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Hiondúis
(हिन्दी, हिंदी • Hindī)
Á labhairt India, Neipeal, Fidsí, An Phacastáin, Oileán Mhuirís, Suranam
Réigiún Deisceart na hÁise
Cainteoirí san Iomlán L1: 322 milliún de réir dhaonáireamh 2011 Indiach

L2: 270 milliún (2016)

Rang 2
Líne ghinealaigh
Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil na hIndia, Fidsí
Foras Pleanála Teanga Kendriya Hindi Nideshalaya
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 hi
ISO 639-2 hin
ISO 639-3 hin
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Hiondúis (Devanagari: हिन्दी, हिंदी, ISO: Hiondúis), nó níos cruinne, is teanga Ind-Arianach í an Nua-Chaighdeán Hindi a labhraítear go príomha ar fud thuaisceart agus lár na hIndia.  Bunaithe go príomha ar “chanúint Khariboli” na Deilí agus na ceantair chomharsanachta i dtuaisceart na hIndia, cuireadh síos ar an Hiondúis mar an éagsúlacht “Caighdeánach” agus “Sanscrait-ised” den teanga Hindustani.

Labhraítear an Hiondúis go forleathan ar fud fho-ilchríoch na hIndia agus tá sí ar cheann de dhá theanga oifigiúla atá aitheanta ag rialtas na hIndia, mar aon leis an mBéarla.  Is teanga oifigiúil í i 9 Stát agus i 3 Críoch an Aontais, agus teanga oifigiúil bhreise i 3 Stát eile.

Tá an Hiondúis ar cheann de 22 theanga sceidealaithe Phoblacht na hIndia freisin. De réir dhaonáireamh Indiach 2011: thuairiscigh 322 milliún duine san India, go príomha ó laistigh den “chreasa Hiondúis” go raibh an Hiondúis mar theanga dhúchais acu;  in 2016 mhaígh 270 milliún eile go raibh siad in ann Hiondúis a labhairt mar theanga tánaisteach.

Tá Hiondúis den chuid is mó comh-intuigthe le Urdúis, is iad na príomhdhifríochtaí sna foirmeacha scríofa, go n-úsáideann Hiondúis go príomha Devanagari agus úsáideann Urdúis script Araibis.

Cé go bhfuil mórán i gcoiteann ag Urdúis agus Hiondúis, braitheann an Hiondúis ar an tSanscrait chun a stór focal a neartú seachas ar spleáchas ginearálta Urdúis ar an Araibis agus ar an bPeirsis.

Is í an Hiondúis an ceann is mó cainteoirí de theangacha oifigiúla na hIndia, agus í á labhairt sna stáit thuaisceartacha ar nós Rajasthan, Delhi, Haryana, Uttarakhand, Uttar Pradesh, Madhya Pradesh, Chhattisgarh, Himachal Pradesh, Jharkhand, agus Bihar. Ina lán áiteanna, áfach, bíonn teangacha áitiúla nó réigiúnacha á labhairt i mbreis ar an Hiondúis, agus thairis sin, bíonn féiniúlacht láidir ag a lán canúintí, agus lucht a labhartha á gcur chun cinn mar theangacha neamhspleácha. Mar shampla, is é dearcadh oifigiúil an rialtais fheidearálaigh san India gur canúint de chuid na Hiondúise í an teanga Chhattisgarhi, ach sa bhliain 2000, d'éirigh leis an réigiún ina labhraítear an teanga seo féinrialtas a bhaint amach mar stát ar leith san India (Chhattisgarh ainm an stáit, agus ba chuid de Madhya Pradesh é roimhe sin), agus inniu, tá an teanga Chhattisgarhi á saothrú mar theanga oifigiúil sa stát nua.

Labhraítear cineál Hiondúise i bhFidsí chomh maith, ós rud é gur shocraigh a lán muintir isteach ón India síos i bhFidsí sa naoú haois déag. Is deacair a rá, áfach, an ionann mar theangacha iad Hiondúis Fhidsí agus an Hiondúis sa chiall chúng. Meascán canúintí í Hiondúis Fhidsí a fuair a lán focal ar iasacht ón bhFidsis agus ón mBéarla, agus í féin níos cosúla leis an teanga Bhojpuri a labhraítear i stát Bihar agus leis an teanga Awadhi atá le cloisteáil i réigiún Awadh (Oudh) i stát Uttar Pradesh. Taispeánann cinniúint an dá theanga seo san India féin cé chomh deacair agus atá sé coincheap na "teanga" agus na "canúna" a shainiú go sásúil: bhí an teanga Awadhi an-tábhachtach mar chaighdeán scríofa sular tháinig an chanúint Khari Boli chun cinn, agus inniu, caitear leis an Awadhi mar nach mbeadh ann ach canúint; maidir leis an teanga Bhojpuri, tá stádas oifigiúil aici i stát Bihar in éineacht leis an Hiondúis agus dhá theanga ghaolmhara eile (an teanga Magadhi agus an teanga Maithili), ach níl traidisiún liteartha na teanga Bhojpuri leath chomh sean ná chomh tábhachtach agus an litríocht a scríobhadh as Awadhi roimh chaighdeánú na Hiondúise.

Dáileadh geografach[cuir in eagar | athraigh foinse]