Cogadh Iosrael-Gaza
Rinne na míleataigh Palaistíneacha Hamas (agus a chomhghuaillithe) ionsaí mór, gan choinne, ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023, agus maraíodh 1,200.[1][2]
Ba é freagra Iosrael ar an uafás sin tabhairt faoi fheachtas míleata in Gaza, feachtas a d’fhág os cionn 67,000[3] duine marbh agus tubaiste dhaonnúil sa mhullach ar phobal Ghaza. Mar fhrithbheart, d’fhógair rialtas Iosrael cogadh ar "Hamas", agus léigear iomlán ar Stráice Gaza.[4][5] Mhair Cogadh Iosrael-Gaza dhá bhliain. Tháinig sos cogaidh i bhfeidhm ar an 10 Deireadh Fómhair 2025.[6]
Ar an 28 Deireadh Fómhair 2023, rinne Iosrael ionradh talún ar Gaza.[7][8] Ní raibh meas ná aird ag Iosrael ar an mbeatha, agus rinne neamhshuim iomlán den dlí idirnáisiúnta, rud a tharraing conspóid.[9]
Bhí an cinedhíothú déanta ag Iosrael ar Phalaistínigh Gaza idir 20232-2025 cáinte os ard agus go minic ag Rialtas na hÉireann agus timpeall an domhain.
As Eabhrais, tugtar תגובות בין-לאומיות למלחמת חרבות ברזל ar "Cogadh Iosrael-Gaza" nó "Cogadh na gclaimhte gan trua gan taise", agus fonn mallaithe díoltais ar Rialtas Iosrael, rialtas i bhfad amach ar an eite dheis. Rinne na Náisiúin Aontaithe cáineadh géar ar gach taobh.[10]



Ionsaí ar Iosrael
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 7 Deireadh Fómhair 2023, cuireadh tús leis an aighneas nuair a chuaigh óglaigh de chuid Hamas (agus a chomhghuaillithe) trasna na teorainn as Gaza agus rinne ionsaí gan choinne ar Iosrael. Thug lucht Hamas 'Oibríocht Dhíle d'al-Aqsa' (عملية طوفان الأقصى, ʿamaliyyat ṭūfān al-ʾAqṣā' in Araibís) air.
Maítear gur mharaigh Hamas thart ar mhíle dhá chéad duine in Iosrael,[11] páistí agus seandaoine ina measc. Tá fianaise ann a thacaíonn leis an maíomh gurbh iad airm Iosrael féin a mharaigh cuid den líon sin.[12][13][11]
Dúirt 'Fórsaí Cosanta Iosrael' gur mharaigh siad níos mó ná míle cúig chéad de na míleataigh Hamas san ionsaí.[4]
B'é Yahya Sinwar, thar aon duine eile in Hamas, a d'eagraigh an mórionsaí (bhí Ismail Haniyeh i mbun Hamas in 2023, agus ceapadh Sinwar ina cheannaire ar Hamas mí Lúnasa 2024 tar éis do na hIosraelaigh Haniyeh a fheallmharú).
Ionsaí ar Gaza, 2023
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh arm Iosrael ag bailiú taobh amuigh d'halla teorann Gaza an 8 Deireadh Fómhair, agus iad ag ullmhú le hionsaí talún a dhéanamh. Ba ea 9 Deireadh Fómhair a thug Aire Cosanta Iosrael Yoav Gallant ordú go ndéanfaí léigear iomlán ar Stráice Gaza. Ghearr siad soláthar bí, uisce, leictreachais, leighis, agus gach ní eile, mar chuid den léigear.[4]
Bhí na mílte Palaistíneach maraithe taobh istigh de Gaza sna hionsaithe millteacha a rinne fórsaí Iosrael agus eachtraithe eile, mar shampla, pléasc in Ospidéal Al-Ahli, Gaza agus ruathair aeir ar champa teifeach Jabalia.
Dúirt na Náisiúin Aontaithe arís is arís go raibh beatha leanaí in Gaza i mbaol de dheasca an díhiodráitithe, srl.[7]
An 27 Deireadh Fómhair , thosaigh ionradh Iosrael ar Gaza i ndáiríre.[14]
Dar le Roinn Sláinte Gaza, bhí breis agus 30,000 Palaistíneach maraithe idir Deireadh Fómhair - Feabhra 2024. Bhí Stráice Gaza faoi léigear le linn an ama seo agus tharla gorta.[15][16]
Eachtraí in 2023
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ruathair aeir ar champa teifeach Jabalia, 9 Deireadh Fómhair 2023
- Pléasc in Ospidéal Al-Ahli, Gaza, 17 Deireadh Fómhair 2023
- Eachtra lámhaigh in Shegaia, 15 Nollaig 2023. Scaoil an IDF marbh triúr gialla ainneoin go raibh brat bán ar iompar acu agus gur ghlaoigh siad amach in Eabhrais.
2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn 2024, bhain Iosrael úsáid as an aerfhórsa chun armlanna Hezbollah a ionsaí go rialta. Thosaigh ionradh na Liobáine i dtús Dheireadh Fómhair. Chuir sé sin go mór leis an teannas sa réigiún.[17]
Feallmharaíodh Hassan Nasrallah, ceannaire carasmatach de chuid Hezbollah, an 27 Meán Fómhair 2024.
Feallmharaíodh Yahya Sinwar, ceannaire de chuid Hamas, an 17 Deireadh Fómhair 2024. Bhí sé ráite ag Fórsaí "Cosanta" Iosrael go raibh rún diongbháilte acu Sinwar a bhású. Mhaígh Príomhaire Netanyahu, i bhfianaise mharú cheannaire Hamas, go raibh "deireadh an chogaidh in Gaza ag druidim le hIosrael" agus "ní féidir a rá go fóill gur deireadh an chogaidh atá ann ach is cinnte gur tús an deiridh atá ann".[18]
Ón 7 Deireadh Fómhair 2023 go dtí mí na Nollag 2024, bhí os cionn 15,000 páiste maraithe in Gaza (líon mór acu sin níos óige ná cúig bliana d’aois)[19] agus 45,000 maraithe in iomlán.[20] Rinne UNICEF cur síos ar Gaza mar ‘reilig’ do na mílte páiste. I gcomparáid, dúirt na Náisiúin Aontaithe mí na Samhna 2023 go bhfuair timpeall 5,400 daoine bás san iomlán i ngach coimhlint eile a bhí idir Iosrael agus Hamas ó bhí 2007 ann (am nuair a tháinig Hamas i gcumhacht in Gaza[21]).[22][23]
Is minic go mbíonn na hairm atá in úsáid ag Iosrael ag teacht díreach trasna ón Aontas Eorpach, gan trácht ar na Stáit Aontaithe.[19]
Básanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa gcéad ocht mí den chogadh, Deireadh Fómhair 2023 go dtí Meitheamh 2024, maraíodh tuairim is 64,000 duine in Gaza, dar le taighde foilsithe san iris The Lancet ar an 10 Eanáir 2025,[24][25] agus arís san iris Nature ar an 30 Eanáir 2025.[26] Mná, páistí óga agus seanóirí os cionn 65 bliain d'aois ab ea iad 59% díobh siúd a maraíodh. Sa tréimhse céanna, dar leis an figiúirí ó oifigigh sláinte Gaza, ní bhfuair ach 37,000 bás, meastachán i bhfad Éireann níos lú ná an fhírinne, gan na mílte corp folaithe ag an smionagar.[27] Scrios buamaí Iosrael formhór na bhfoirgneamh i nGaza.[28]
Eachtraí in 2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Sléacht Al-Rashid, 29 Feabhra 2024
- Ionsaí de chuid Iosrael ar World Central Kitchen, 1 Aibreán 2024
- Agóidí na mac léinn in aghaidh brúidiúlacht Iosrael sa Phalaistín, Aibreán - Bealtaine 2024
- Ionsaí buamála de chuid Iosrael ar ionad tearmainn do theifigh, 27 Bealtaine 2024[10]
- Ionsaí de chuid Iosrael ar scoil i nGaza, 6 Meitheamh 2024
- Saoradh na ngiall i Nuseirat agus damáiste comhthaobhach, 2024
- Feallmharú Ismail Haniyeh, Iúil 2024
- Coimhlint Iosrael–Hezbollah, 2020idí
- Feallmharú Yahya Sinwar, Deireadh Fómhair 2024


2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]An 15-19 Eanáir 2025, bhí margadh faoi shos cogaidh déanta ag Iosrael agus Hamas. Toradh an margadh seo ar roinnt míonna de chainteanna síochána[32] a raibh Catar agus tíortha eile ina n-eadránaithe orthu. Bhí an margadh a rinneadh beagnach mar a chéile leis an gceann a bhí ar an mbord ó bhí mí na Bealtaine 2024 ann.[33]
Mar chuid den mhargadh ceadaíodh isteach in Gaza gach lá trí thrasbhealach teorann Rafah 600 trucail lán cúnaimh agus soláthairtí leighis.[34] Bhí na scáileáin lán le híomhánna de dhaoine ag filleadh ina mílte ar na bailte in Gaza as ar ruaigeadh iad mar gheall ar ghlanadh eitneach Arm Iosrael. An chuid is mó acu ag siúl, ag iompar páistí, tochtanna, pluideanna lena mbeagán sealúchais, agus fiú a gcait.[35]
Aistríodh trúpaí Iosrael, nuair a tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm, go dtí an Bruach Thiar agus bhí an foréigean géaraithe go tréan ann. In ainneoin an tsosa comhraic in Gaza, ní raibh aon sos ar an mBruach Thiar. Idir ionsaithe Arm Iosrael ar bhailte agus ar cheantair ann, go háirithe ar bhaile agus campa teifeach Jenin, le hais léigear Údarás na Palaistíne ar an gcampa céanna agus ionsaithe na gcóilíneach ar bhailte Jinasfut agus Funduq, soir ó Qalqilya, lean an cogadh ar aghaidh idir na Palaistínigh agus Iosrael.[36][35]
An 4 Feabhra, mhol Donald Trump an pobal Palaistíneach a dhíbirt as Gaza go buan, agus. "Riviera an Mheánoirthir" a dhéanamh de. Mhínigh sé gur chóir do na Palaistínigh imeacht go tíortha eile, amhail an Éigipt agus an Iordáin, rud a diúltaíodh go láidir sna tíortha seo. Dúirt Trump go dtógfadh Meiriceá smacht ar Gaza agus go gcabhrófaí leis an limistéar le fostaíocht agus tithíocht a chruthú. Ach dhiúltaigh na Palaistínigh agus oifigigh Hamas go léir an plean go géar. Dúirt an Tánaiste Simon Harris go bhfuil réiteach dhá stáit riachtanach do mhuintir na Palaistíne agus Iosrael. [37][29][38]
I dtús mhí an Mhárta, bhí cosc curtha ag Iosrael ar aon ábhar a thabhairt isteach go Gaza agus tá siad ag neartú ar an bhfeachtas Airm ar Bhruach Thiar na Palaistíne. Bhí an Chéad Chéim 6 seachtainí den sos cogaidh - inar déanadh malartú ar ghialla agus príosúnaigh de chuid na Palaistíne - críochnaithe. Ach in áit tosnú ar an dara céim - mar a bhí socraithe - bheartaigh Iosrael, ar chomhairle Mheiriceá, fad a chur leis an gcéad chuid den phróiseas. Bhí fonn ar Hamas cloí leis an socrú, agus tús a chur leis an dara céim, comhráití faoi fhuascailt na ngiall le deireadh a chur leis an gcogadh.
Ar an 6 Márta 2025, bhí díothú Ghaza geallta ag Uachtarán Mheiriceá "muna scaoiltear saor gan mhoill na gialla" á gcoinneáil ag Hamas. Chuir Donald Trump fainic freisin ar cheannairí Hamas teitheadh as Gaza, an foláireamh deiridh a gheobhaidh siad, a dúirt sé.[39] (=> Cogadh na gclaimhte gan trua gan taise agus an comhthéacs idirnáisiúnta).
Díothú Ghaza
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 18 Márta 2025 i gcaitheamh na hoíche, bhris Iosrael an sos cogaidh, agus os cionn 400 Palaistíneach maraithe an lá sin; mná agus páistí iad níos mó ná a leath díobh. Tar éis dhá mhí nuair a bhí sos comhraic i bhfeidhm, a bheag nó a mhór, bhí muintir Gaza ar a dteitheadh an athuair ó ionsaithe aeir agus talún. Lean an slad ar aghaidh sna laethanta dár gcionn.
Bhí sé curtha i leith Iosrael ag Hamas gur sháraigh siad téarmaí an tsosa chomhraic agus go raibh siad ag sárú dlíthe idirnáisiúnta agus bacanna curtha ar lastais fóirithinte éigeandála isteach chuig Gaza. Dúirt Hamas go raibh siad fós sásta dul i mbun idirbheartaíochta agus go rabhthas ag breathnú ar mholtaí Steve Witkoff, toscaire an Uachtaráin Trump.[40]
Maraíodh 50,000 (foinse: Údaráis Sláinte Gaza) idir D.F. 2023 - 23 Márta 2025 i nGaza ag Arm Iosrael, agus i dtús mhí an Mhárta, bhí 58 ina ngialla fós i nGaza, 34 básaithe ina measc.[41]

Bealtaine 2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh cúrsaí in olcas i mBealtaine 2025. I dteachtaireacht físe ar na meáin shóisialta, dúirt Príomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go bhfuil Iosrael chun smacht a fháil ar Gaza ar fad.[42][43]
Bhí gorta faoi lán seoil in Gaza. D'fhógair ceannaire gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe, Tom Fletcher, go bhféadfadh páistí go leor bás a fháil mura gcuirtear bia ar fáil dóibh láithreach.[44] In ainneoin cáineadh forleathan ón bpobal idirnáisiúnta, níor cheadaigh Iosrael ach cúpla leoraí cúnaimh isteach i nGaza, cé go bhfuil níos mó ná 2.3 milliún duine ocrach le beagnach trí mhí.
Mar gheall ar an ngéarchéim a bhí ag dul in olcas, cháin Príomh-aire na Ríochta Aontaithe, Keir Starmer (in éineacht le Emmanuel Macron agus Mark Carney),[45] Iosrael agus é ag labhairt os comhair na parlaiminte. Bíodh sin mar atá, sheachain sé úsáid a bhaint as na focail ‘glanadh eitneach’ nó ‘cinedhíothú’, agus níor gheall sé ach oiread go stopfadh sé ag díol arm le hIosrael.[43]
Eachtraí in 2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ionsaithe Iosrael ar Gaza, Márta 2025
- Ionsaithe Iosrael ar an mBruach Thiar
- Dúnmharú oibrithe cabhracha i Rafah, 23 Márta 2025
- Eachtra Gaza Freedom Flotilla.. Rinne Iosrael ionsaí dróin ar long shibhialtach, a bhí ag triall ar Chríocha na Palaistíne.agus ar Ghaza chun fóirithint a sheachadadh.
- Ionsaithe ar Gaza, 18 Márta – 15 Bealtaine 2025
- Ionsaithe ar Gaza, ó 16 Bealtaine 2025
- Feallmharú Anas Al-Sharif, Lúnasa 2025
- Ionsaí ar Ospidéal Al-Nasser, Gaza, Lúnasa 2025
- Aerionsaí ar Hamas i gCatar, Meán Fómhair 2025
- Plean síochána do Gaza de chuid Trump, Meán Fómhair 2025

Cásanna dlí agus taidhleoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Creidtear go forleathan gur cinedhíothú atá ar bun ag stát Iosrael sa Phalaistín. Tar éis don Aifric Theas cás chinedhíothaithe a thabhairt in aghaidh Iosrael sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, rialaigh an Chúirt gurbh fhéidir gurbh ionann a bhfuil ar bun ag stáit Iosrael sa Phalaistín agus cinedhíothú.[46]
Ailt eile:
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Os cionn 1,100 duine marbh sa choimhlint idir Hamas agus Iosrael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-09). Dáta rochtana: 2023-10-09.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-09). "Léigear iomlán ordaithe ag Aire Cosanta Iosrael ar Stráice Gaza" (as ga-IE).
- ↑ gan trácht ar an domhnaíocht daoine a gortaíodh ná ar na coirp atá faoi smionagar na bhfoirgneamh ar fad a leacaíodh.
- 1 2 3 Conradh na Gaeilge, Londain (14 Deireadh Fómhair 2023). "Nuacht Mhall (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-10-15.
- ↑ "Timeline of the 2023 Israel–Hamas war" (as en) (2023-11-11). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-10-13). "Gaza: 'caithréim agus tús le ré stairiúil is ea an sos cogaidh'" (as ga-IE).
- 1 2 "Muintir Gaza i ngarbhaol ‘tubaiste’, trúpaí Iosrael ag déanamh ar Chathair Gaza" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-31). Dáta rochtana: 2023-11-11.
- ↑ "2023 Israeli invasion of the Gaza Strip" (as en) (2023-11-11). Wikipedia.
- ↑ Ciarán Ó Pronntaigh (4 Nollaig 2023). "Síorchogadh? < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2023-12-04.
- 1 2 Máirtín Ó Duibhir (30 Bealtaine 2024). "Iosrael ag leanúint lena gcogadh dearg beag beann ar an domhan mór" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-30.
- 1 2 "Friendly fire may have killed their relatives on Oct. 7. These Israeli families want answers now" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2023-11-11.
- ↑ Sharon Goldman, Ari M. Lipsky, Irina Radimislensky, Adi Givon, Ofer Almog, Avi Benov, Israel Trauma Group, Eldad Katorza (2024-09). "October 7th Mass Casualty Attack in Israel: Injury Profiles of Hospitalized Casualties" (as en-US). Annals of Surgery Open 5 (3): e481. doi:. ISSN 2691-3593.
- ↑ "October 7 Hamas-led attack on Israel" (as en) (2025-03-23). Wikipedia.
- ↑ "Israeli-Palestinian Conflict" (en). Global Conflict Tracker. Dáta rochtana: 2024-10-27.
- ↑ "Siege and Starvation: How Israel Obstructs Aid to Gaza" (en-US). Refugees International. Dáta rochtana: 2024-03-15.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-03-16). "Páistí ag fáil bháis leis an ocras i dtuaisceart Gaza" (as ga-IE).
- ↑ Máirtín Ó Duibhir (15 Eanáir 2024). "D’fhéadfadh an cogadh in Gaza scaipeadh níos forleithne an-éasca" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-25.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-18). ""Deireadh an chogaidh in Gaza ag druidim le hIosrael" - Netanyahu" (as ga-IE).
- 1 2 Bridget Bhreathnach (29 Nollaig 2024). "Cynthia Ní Murchú : ‘Ní raibh ionam ach saghas ‘celebrity candidate’ dar leo’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-29.
- ↑ "Gaza death toll nears 45,500 as Israel kills 48 more Palestinians". www.aa.com.tr. Dáta rochtana: 2024-12-29.
- ↑ "Battle of Gaza (2007)" (as en) (2023-11-10). Wikipedia.
- ↑ "Israel-Gaza live news: Firing outside Gaza hospitals, with patients and staff trapped inside - BBC News" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2023-11-11.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (11 Samhain 2023). "Nuacht Mhall: (Tiobraid Árann)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-11-11.
- ↑ Zeina Jamaluddine, Hanan Abukmail, Sarah Aly, Oona M. R. Campbell, Francesco Checchi (2025-02-08). "Traumatic injury mortality in the Gaza Strip from Oct 7, 2023, to June 30, 2024: a capture–recapture analysis" (as English). The Lancet 405 (10477): 469–477. doi:. ISSN 0140-6736. PMID 39799952.
- ↑ nbcnews.com / taighde de chuid an London School of Hygiene and Tropical Medicine (10 Eanáir 2025). "Gaza death toll likely to be significantly higher than official figures, study finds".
- ↑ Karen O’Leary (2025-01-30). "Estimating the true number of traumatic deaths in Gaza" (as en). Nature Medicine. doi:. ISSN 1546-170X.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-06-13). "Gaza: tuairgneáil thréan eile faighte ag Rafah" (as ga-IE).
- ↑ "Israel’s relentless bombardment destroyed over 70% of Gaza homes" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2025-03-24.
- 1 2 "Potential American ownership of the Gaza Strip" (as en) (2025-03-22). Wikipedia.
- ↑ Kyle Chayka (2025-03-05). "Donald Trump’s A.I. Propaganda" (en-US). The New Yorker. Dáta rochtana: 2025-03-19.
- ↑ Natan Odenheimer, Alan Yuhas (2025-02-26). "‘Fantasy’ AI Video, Shared by Trump, of Gaza as Luxury Resort Draws Scorn" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2025-03-19.
- ↑ "Sos cogaidh a chuirfeadh deireadh leis an gcoimhlint molta ag Hamas" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-07). Dáta rochtana: 2025-02-06.
- ↑ Máirtín Ó Duibhir (27 Eanáir 2025). "Ní fada go bhfeicfimid an bhfuil Iosrael dáiríre faoi shos cogaidh buan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-06.
- ↑ "Margadh faoi shos cogaidh in Gaza déanta ag lucht idirbheartaíochta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-15). Dáta rochtana: 2025-02-06.
- 1 2 Diarmuid Breatnach - An Páipéar (2025-01-31). "An bruach thiar gan sos comhraic" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-03-24.
- ↑ "2025 Israeli operation in the West Bank" (as en) (2025-03-15). Wikipedia.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (8 Feabhra 2025). "Nuacht Mhall (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-02-08.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-05). "Trump ag moladh Palaistínigh a dhíbirt as Gaza" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-06). "'Díothú' muintir Gaza geallta ag Trump gan fuascailt na ngiall" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-23). "Líon na ndaoine maraithe ag Iosrael i nGaza thar 50,00" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-23). "Líon na ndaoine maraithe ag Iosrael i nGaza thar 50,00" (as ga-IE).
- ↑ "Netanyahu says Israel will 'take control of all' of the Gaza Strip" (en) (2025-05-19). Dáta rochtana: 2025-05-25.
- 1 2 Conradh na Gaeilge, Londain (24 Bealtaine 2025). "Nuacht Mhall (Gaillimh)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-05-25.
- ↑ "UN says no aid yet distributed in Gaza as international pressure on Israel mounts" (en-GB). www.bbc.com (2025-05-21). Dáta rochtana: 2025-05-25.
- ↑ "UK, France and Canada threaten action against Israel over Gaza" (en-GB). www.bbc.com (2025-05-20). Dáta rochtana: 2025-05-25.
- ↑ "Summary of the Order of 26 January 2024".
- ↑ Julian Borger (2024-04-01). "Why do arms continue to flow from US to Israel despite ceasefire resolution?" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-04-03.
