An Phuinseáibis
Puinseáibis (ਪੰਜਾਬੀ پنجابی Pañjābī) | |
---|---|
Á labhairt: | An Phacastáin, an India, Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada srl. |
Réigiún: | An Phuinseáib |
Cainteoirí san Iomlán: | 104 milliún |
Rang: | 10-14 |
Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpais Ind-Iaráinis Ind-Airiainis Puinseáibis |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | na hIndia, na Pacastáine |
Foras Pleanála Teanga: | Rialtóir ar bith |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | pa |
ISO 639-2 | pan |
ISO 639-3 | pan |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Tá an Phuinseáibis (ਪੰਜਾਬੀ) ar an aonú teanga déag is mó a labhraítear ar fud an domhain, agus í á labhairt ag timpeall is céad milliún duine san India agus sa Phacastáin thar aon áit eile. Cé gur teanga Ind-Eorpach í, is teanga thonúil (teanga thuiníoch) í. Tá a gramadach bunaithe ar an táthú, is é sin, cuirtear iarmhíreanna i ndiaidh iarmhíreanna leis na focail, agus ciall sách cúng le gach iarmhír. Is é gnáthord na bhfocal ná Ainmní-Cuspóir-Briathar (SOV), cosúil leis an Laidin agus leis an Airméinis, mar shampla. (Is é an t-ord atá sa Ghaeilge ná Briathar-Ainmní-Cuspóir, nó VSO.)
Tá stádas oifigiúil ag an bPuinseáibis sa Phuinseáib san India agus i gCathair Chandigarh. I Hariyana san India agus i gCathair Delhi, tá stádas oifigiúil aici freisin, ach ní hí an t-aon teanga oifigiúil amháin í. Is í an teanga is mó a labhraítear sa Phacastáin freisin, ach níl stádas oifigiúil ar bith aici sa tír sin, nó is iad an Béarla agus an Urdais teangacha oifigiúla na Pacastáine.
Is féidir úsáid a bhaint as an aibítir Dhéiveanágrach agus as an aibítir Arabach le Puinseáibis a scríobh, ach is í an aibítir Ghurmúcach is mó a shamhlaítear leis an teanga. Is í an aibítir a úsáideann lucht leanúna an tSaíceachais, agus iad ag saothrú na Puinseáibise thar aon dream eile.
D'fhorbair an Phuinseáibis as an teanga Sauraseni, a bhí á saothrú i dTuaisceart na hIndia anallód. B'í an teanga Sauraseni ba bhunús leis an Hiondúis, an Urdais, agus an teanga Konkani, leis. Ceann de na teangacha Pracraite a bhí ann - is é sin, caighdeán scríofa a bhí ní ba chóngaraí do chaint na ndaoine ná an tSanscrait, teanga chlasaiceach na hIndia.
Thosaigh litríocht na Puinseáibise faoin am ar tháinig an Saíceachas chun saoil. B'é an chéad ghurú Saíceach, Guru Nanak, a chuir bun le litríocht Shaíceach na Puinseáibise. B'é an cúigiú gurú Saíceach, Guru Arjan Dev, a bhreac síos scrioptúr naofa na Saíceach, Guru Granth Sahib, an saothar ar a ndearcann na Saícigh mar ghurú i riocht leabhair. Úsáidtear a lán teangacha eile i nGuru Granth Sahib freisin, ach is i bPuinseáibis a cumadh an chuid is mó de.