An Chaismír
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
![]() ![]() | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Críoch á éileamh ag | an India an Phacastáin Daon-Phoblacht na Síne ![]() | ||||
Stát ceannasach | Daon-Phoblacht na Síne ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 3,945,000 (1941) ![]() | ||||
• Dlús | 22.41 hab./km² | ||||
Déamainm | Caismíreach ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 68,000 mi² ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Is réigiún i dtuaisceart fho-ilchríoch na hIndia san Áise í an Chaismír, atá ag bun na Himiléithe. Críoch fhorleathan is ea an Chaismír sa chiall is leithne: cuid di san India, cuid eile sa Phacastáin agus cuid eile fós sa tSín. Deir an Phacastáin go bhfuil ceart aici ar chuid na hIndia, ach tá greim docht daingean ag an India ar a creach.[1]
Ón mbliain 1947 anuas, tá úinéireacht na Caismíre ina cnámh spairne idir an India, an Phacastáin agus Daon-Phoblacht na Síne. Tá codanna den réigiún faoi rialú na dtrí náisiún úd, mar atá,
- Jammu agus an Chaismír faoi smacht na hIndia,
- Azad Kashmir agus Gilgit-Baltistan faoi smacht na Pacastáine agus
- Aksai Chin agus an Limistéar Tras-Karakorum faoi smacht Dhaon-Phoblacht na Síne.





Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dtús staire bhí an Búdachas an-tréan ann ach d’iompaigh formhór an phobail ar an Ioslamachas le himeacht aimsire. Sa 18ú-19ú haois bhí uasaicme Hiondúch ann agus tháinig na Suícigh i réim ann ansin. Chuir na Briotanaigh ‘an Chaismír’ ar bun mar ríocht tar éis dhíomua na Suíceach sa bhliain 1846. Bhí tábhacht riamh leis an réigiún mar nasc idir an India agus na tíortha thuaidh, agus rún ag na Briotanaigh teorainneacha an iarthuaiscirt agus an oirthuaiscirt a dhaingniú.[1]
Insan chéad leath den chéad mhílaois, d'éirigh an Chaismír ina ionad tábhachtach don Hiondúchas agus ní ba dhéanaí don Bhúdachas; ní ba dhéanaí fós, sa 9ú haois, tháinig an creideamh úd Seaghvachas na Caismíre ar an saol. Sa bhliain 1339, tháinig Shah Mir i réim mar an chéad rialtóir Moslamach ar an gCaismír, tús an Salatin-i-Kashmir (rí-theaghlach Shah Miri nó Swati). Bhí an Chaismír ina cuid de Impireacht na Mughal ó 1586 go 1751, agus ansin go dtí 1820, de Impireacht Afgánach na Durrani.
Sa bhliain 1941 ba Mhuslamaigh iad 77% de phobal an réigiún, ba Hiondúigh iad 20% agus ba Bhúdaithe agus Saícigh iad 3% eile.
Ó 1947 ar aghaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maíonn an India agus an Phacastáin araon gur leo an Chaismír go léir. Bhí aighneas ann faoi úinéireacht na Caismíre ó d’éirigh leis an India agus an Phacastáin neamhspleáchas a bhaint amach ó impireacht na Breataine i 1947.
In 1947 bhí ról lárnach ag Maharaja Hari Singh, rialóir Jammu agus Caismír ag an am. Bhí Jammu agus Caismír ar cheann de na "stáit phríobháideacha" a bhí faoi fhorlámhas na Breataine. Cé go raibh formhór Moslamach sa daonra, ba Hindú é Maharaja Hari Singh. Theastaigh uaidh neamhspleáchas a bhaint amach, seachas dul isteach sa Phacastáin nó san India.[1]
Thosaigh míleataigh Ioslamacha ag teacht isteach ón bPacastáin. I mí Dheireadh Fómhair 1947, d’ionsaigh na míleataigh an stáitín, le tacaíocht neamhfhoirmiúil ó rialtas na Pacastáine. Ruaigeadh cuid mhaith Hiondúch as Gleann na Caismíre, D'iarr Hari Singh cúnamh míleata ón India.
D’fhreagair rialtas na hIndia (faoi Nehru agus Mountbatten) go dtabharfaidís cúnamh dó. Ach b'éigean dó an Ionstraim Aontais (Instrument of Accession) a ghlacadh, cáipéis a bhronn stádas speisialta ar an réigiún (nó tír).[2] Shínigh an Maharaja an cháipéis sin ar 26 Deireadh Fómhair 1947, agus glacadh leis an gCaismír mar chuid den India, leis an gcoinníoll go ndéanfaí reifreann níos déanaí – rud nár tharla riamh.
I mí na Samhna 1947, tuairiscítear go maraíodh idir 20,000 agus 100,000 Moslamach sa réigiún Jammu, de réir foinsí éagsúla, mar chuid de na coimhlintí eitneacha agus reiligiúnacha ag an am.[3][4][5]
Mar sin scoilteadh an Chaismír sa bhliain 1947. Fágadh an chuid is mó den Chaismír san India. Ach ba Mhuslamaigh iad an chuid is mó den phobal agus nasc soiléir acu le Punjab na Pacastáine i gcúrsaí geilleagair, cultúir agus tíreolaíochta.[1]
Tharla An Chéad Chogadh India-Pacastáin idir 1947–1948. Meastar go maraíodh thart ar 20,000 duine, lena n-áirítear saighdiúirí agus sibhialtaigh, le linn an chogaidh seo.[6]
Éirí Amach 1989–1990
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh éirí amach armtha i gCaismír faoi rialú na hIndia i 1989, a lean ar aghaidh sna 1990idí. Sa bhliain 1999 a bhí an cogadh deireanach idir an dá thír seo san aighneas faoin gCaismír. Meastar go maraíodh thart ar 1,177 duine i 1990 amháin, lena n-áirítear sibhialtaigh, fórsaí slándála agus trodaithe.
Idir 1990 agus Márta 2017, b'fhéidir gur maraíodh 41,000 sa réigiún.[7] Chuaigh na fórsaí slándála as India i mbun oibre le linn an ama sin agus tógadh claí daingnithe, idir na 1990idí agus 2004.
Tá daingean déanta den Chaismír go léir anois agus í dubh le saighdiúirí as India. Is beag suim a chuireann na meáin eachtrannacha sa scéal seo.[8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ionsaí sceimhlitheoireachta Pahalgam, 2025. I gceantar turasóireachta sa Chaismír sna Himiléithe a tharla an t-ionsaí, an ceann ba mheasa ar shibhialtaigh le scór bliain.[9]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 gaeilge.org.au (19 Lúnasa 2012). "An Lúibín". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ Bheadh an India i gceannas gnóthaí seachtracha, cúrsaí cosanta agus cúrsaí cumarsáide, agus bheadh cinniúint an réigiúin ag brath ar "phobalbhreith".
- ↑ "1947 Jammu massacres" (as en) (2025-04-24). Wikipedia.
- ↑ éagsúlacht mhór sna meastacháin seo, ag brath ar na foinsí éagsúla agus ar an deacracht a bhaineann le sonraí a fháil
- ↑ Rifat Fareed. "The forgotten massacre that ignited the Kashmir dispute" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2025-05-08.
- ↑ "Indo-Pakistani war of 1947–1948" (as en) (2025-05-05). Wikipedia.
- ↑ "41,000 deaths in 27 years: The anatomy of Kashmir militancy in numbers" (en-us). Hindustan Times (2017-09-25). Dáta rochtana: 2025-05-08.
- ↑ Tá eisceachtaí ann – an Guardian agus Cainéal 4 na Breataine ina measc. Is gearr ó tharraing Cathy Scott-Guard (‘The mass graves of Kashmir,’ The Guardian, 9/7/12) aird na léitheoirí ar obair Parvez Imroz, an t-aturnae is ceanndána sa Chaismír. I dtús na 21ú haoise, bhí sé ag comhadú eascairí habeas corpus thar ceann teaghlach a deir go bhfuil a gcairde gaoil fuadaithe ag na fórsaí slándála. Le fuadach a dhéantar pobal a imeaglú; mura bhfuil corp do dhuine ann, cad a tharla dó?
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-04-24). "É ordaithe do Phacastánaigh an India a fhágáil roimh 29 Aibreán" (as ga-IE).