Stailc ocrais 1981

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa bhliain 1981 chuaigh príosúnaigh Phoblachtánaigh ar stailc ocrais i dTuaisceart Éireann.

Leac chuimhneacháin i nDoire.

Cúlra[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ó theip ar rialtas i ndiaidh rialtais cúrsaí an Tuaiscirt a shocrú go polaitiúil, d'fhéach siad le Tuaisceart Éireann a thabhairt chun "normáltachta". Cuid de seo ab ea é gur éirigh siad as an imtheorannú agus gur bhain siad stádas an chime pholaitiúil de na príosúnaigh pharaimíleata. Ón mbliain 1976 ar aghaidh, b'iad "cúirteanna Diplock", ar chúirteanna gan choiste iad, a thriaileadh na príosúnaigh pharaimíleata. Níor mhaith leis na húdaráis na cásanna seo a fhágáil faoi ghnáthchoisteanna cúirte, ó bhí an baol ann go n-imeaglófaí na giúróirí. I ndiaidh na trialach, chaití leo mar nach mbeadh iontu ach gnáthchiontóirí.

Le cur in aghaidh an pholasaí seo, chuaigh príosúnaigh Phoblachtánacha na Ceise Fada ag agóidíocht: bhí siad ar an mblaincéad, mar a thugtaí air, nó ag glacadh páirte san Agóid Shalach.

Stailceanna[athraigh | athraigh vicithéacs]

Shroich an agóidíocht a buaic sna blianta 1980 agus 1981, nuair a chuaigh na príosúnaigh ar stailc ocrais leis an stádas polaitiúil a fháil ar ais.

I Stailc Ocrais na bliana 1980, chuaigh seachtar príosúnach Poblachtánach, seisear acu ina Sealadaigh agus ceann amháin ina mbaill d'Arm Fuascailte Náisiúnta na hÉireann, ar céalacan. Thosaigh an chéad stailc ocrais ar an 27 Deireadh Fómhair 1980. Stop an stailc ar an 18 Nollaig den bhliain sin nuair a sheol an rialtas litir chuig na príosúnaigh.

I Stailc Ocrais na bliana 1981, chuaigh deichniúr príosúnach Poblachtánach, seachtar acu ina Sealadaigh agus triúr eile ina mbaill d'Arm Fuascailte Náisiúnta na hÉireann, ar céalacan go dtí gur stiúg siad le hocras. B'é Roibeard Gearóid Ó Seachnasaigh, nó Bobby Sands, an chéad duine acu a cailleadh. Roimh a bhás, vótáladh isteach sa Pharlaimint (Teach na dTeachtaí) é, agus d'éirigh an t-éacht céanna lena ghníomhaire toghchánaíochta, Owen Carron, i ndiaidh bhás an tSeachnasaigh féin. Chuaigh na stailceanna ocrais go mór i gcion ar an bpobal Náisiúnaíoch. Tháinig breis is céad míle duine ar aifreann adhlactha an tSeachnasaigh in Eaglais Naomh Lúcás i gCill Uaighe, Iarthar Bhéal Feirste, agus bhí sluaite móra de dhaoine i láthair ag na sochraidí freisin.

Críoch[athraigh | athraigh vicithéacs]

Mar a thuig na Poblachtánaigh an scéal, is é an rud a tháinig chun solais le linn na n-imeachtaí seo ná an poitéinseal polaitiúil a bhí ar fáil don té a mbeadh an straitéis ann le leas a bhaint as. I ndiaidh na stailceanna ocrais, thosaigh Sinn Féin ag glacadh páirte sna toghcháin ar an dá thaobh den Teorainn an chéad uair riamh. Sa bhliain 1986, d'fhógair Sinn Féin gur ghlac siad le Dáil Éireann mar pharlaimint dhlisteanach, rud a thug ar dhornán de Phoblachtánaigh dhobhogtha scoilteadh ón bpáirtí le Sinn Féin Poblachtach a bhunú.

Is é an chiall a bhain na hAontachtóirí as an scéal, áfach, go raibh na Caitlicigh, mar phobal, i bhfabhar leis an bhforéigean agus leis an sceimhlitheoireacht, rud a mhéadaigh ar an meon seicteach i measc na bProtastúnach[1].

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Éifeacht fhadtéarmach na stailceanna ocrais, Robert McMillen, Beo, AIBREÁN 2006