An tIRA Sealadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó IRA Sealadach)
Bosca Sonraí EagraíochtaAn tIRA Sealadach
(en) Provisional Irish Republican Army
(ga) Sealadach Óglaigh na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálparaimíleatach (1969–2005)
eagraíocht pholaitiúil (2005–) Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaPoblachtánachas in Éirinn
Éire Aontaithe
náisiúnachas ar an eite chlé
Náisiúnachas in Éirinn Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1969
Ócáid shuntasach
29 Lúnasa 1979 1979 Brussels bombing (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Eagraíocht pharaimíleata phoblachtánach in Éirinn is ea an tIRA Sealadach (Provisional Irish Republican Army), nó na Sealadaigh, mar a thugtar orthu as Gaeilge go minic, atá meáite ar gach nasc a bhriseadh idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe, an rialtas Briotanach i dTuaisceart Éireann a chur ar ceal agus oileán na hÉireann a athaontú faoi aon rialtas saor amháin. Tá cosc dlí ar an eagraíocht seo ina lán tíortha, go háirithe i bPoblacht na hÉireann, sa Ríocht Aontaithe, agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá, ós rud é nach bhfuil ach meas na sceimhlitheoirí acu ar na Sealadaigh.

Cosúil leis na heagraíochtaí eile a dtugtar "IRA" orthu, tograíonn na Sealadaigh "Óglaigh na hÉireann" a thabhairt orthu féin as Gaeilge, cé nach dtaitníonn an úsáid seo le fórsaí armtha Phoblacht na hÉireann, ós é sin an t-ainm atá acu orthu féin, freisin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Réamhstair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cosúil le gach ionchollú eile den IRA, glacann na Sealadaigh leis mar phrionsabal go dtéann a fhréamhacha siar go dtí an bhliain 1913, nuair a bhí Éire faoi smacht ag an stát Briotanach i gcónaí, nó is ansin a bunaíodh Óglaigh na hÉireann. Ghlac Óglaigh na hÉireann páirt in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, chomh maith le Cogadh na Saoirse (an Cogadh Angla-Éireannach) a phléasc amach i ndiaidh do pharlaimint réabhlóideach na hÉireann, Dáil Éireann, stát neamhspleách a fhógairt d'Éirinn sa bhliain 1919. Le linn Chogadh na Saoirse a ghreamaigh an t-ainm úd IRA díobh. Rinneadh críochdheighilt ar Éirinn nuair a tháinig an tAcht um Rialtas na hÉireann i bhfeidhm. Sa bhliain 1922, cuireadh an Conradh Angla-Éireannach i ngníomh, agus d'iompaigh na sé gcontaetha is fiche ("Deisceart Éireann") ina dtiarnas (nó ina "saorstát") neamhspleách. San am chéanna, d'fhan na sé contaetha ("Tuaisceart Éireann") ina stáitín féinrialaitheach mar chuid den Ríocht Aontaithe. Nuair a síníodh an Conradh Angla-Éireannach, scoilt an tIRA: iad siúd a bhí sásta leis an gconradh chuaigh siad le hArm an tSaorstáit, agus an chuid de na hÓglaigh nár thug a bhfaomhadh dó, d'éirigh ina chogadh cathartha idir iad agus na Saorstátairí.

Domhnach na Fola (1972)ː Ceann de na múrmhaisithe i nDoire

Cé nár thug an lucht frith-Chonartha aitheantas don tSaorstát ina dhiaidh sin féin, dhírigh siad ar na hiarrachtaí le stáitín an Tuaiscirt a chur de dhroim domhain agus le hathaontú na hÉireann a bhaint amach. Mar sin, chuir siad i gcrích feachtas buamála i Sasana sna blianta 1939-1940, feachtas eile i dTuaisceart Éireann sna 40idí agus Feachtas na Teorann, mar a thugtar air, sna blianta 1956-1962. Nuair a tháinig chun solais nár éirigh le Feachtas na Teorann, bhí díospóireacht ag lucht an IRA eatarthu faoi thodhchaí an IRA. Bhí Cathal Goulding, an Ceann Foirne, barúlach go mba chóir don IRA dul leis an Sóisialachas agus cromadh ar fheachtas polaitíochta in áit na láimhe láidre. Seán Mac Stiofáin, áfach, bhí dearcadh ní ba thraidisiúnta, ní ba náisiúnaíche aige ar na cúrsaí. Theastaigh uaidhsean tuilleadh Óglach a fhruiliú agus an tIRA a athbheochan.

I ndiaidh chríochdheighilt na hÉireann, d'iompaigh stáitín an Tuaiscirt ina chóras aonpháirtí de facto. Ba é Páirtí Aontachtach Uladh, nó an tUlster Unionist Party, a bhí i seilbh ma parlaiminte féinrialaithí i Stormont, agus na Caitlicigh fágtha in áit na leathphingine. Ba iad na Protastúnaigh a fuair na poist ab fhearr agus an tithíocht ab fhearr, agus rinneadh claonroinnt ar na toghlaigh rialtais áitiúil in áiteanna cosúil le Doire. Fágadh an póilíniú faoi Chonstáblacht Ríoga Uladh agus faoi na B-Speisialaigh - Protastúnaigh den chuid ba mhó. Faoi lár na seascaidí bhí an teannas idir na Caitlicigh agus na Protastúnaigh ag dul in olcas. Sa bhliain 1966 bhí Éire ag comóradh an deichiú cothrom lae is dhá scór i ndiaidh Éirí Amach na Cásca, rud a chuir eagla ar a lán roimh fheachtas nua de chuid an IRA. Leis an imeagla a chuir an bhagairt seo orthu bhunaigh na Protastúnach Fórsa Óglaigh Uladh (UVF), dream paraimíleata a mharaigh triúr daoine i mBealtaine 1966, beirt fhear Caitliceach ina measc. I Mí Eanáir 1967 tháinig Cumann Ceart Sibhialta Thuaisceart Éireann (NICRA) ar an bhfód, agus éagsúlacht grúpaí ag tacú leis an gcumann, idir óglaigh de chuid an IRA agus Aontachtóirí Liobrálacha. Chuaigh an Cumann seo agus eagraíocht chosúil eile, People's Democracy ("Daonlathas na nDaoine") ag máirseáil ar na sráideanna ag agóid in aghaidh an leithcheala, agus fuair na léirsitheoirí rompu na Dílseoirí, ina measc baill de chuid Óglaigh Phrotastúnacha Uladh, eagraíocht paraimíleata a bhí faoi cheannas Ian Paisley.

Is é sean-nós na bProtastúnach sa Tuaisceart an dóú lá déag de Mhí Iúil a cheiliúradh ag máirseáil sa druma mór. Sa bhliain 1969 áfach tharraing an ceiliúradh seo círéibí agus scliúchais i mBéal Feirste, Doire Cholm Cille, agus in áiteanna eile. An mhí seo chugainn bhí círéib trí lá i dTaobh an Bhogaigh, Doire Cholm Cille, i ndiaidh mháirseáil na bPrintiseach. Nuair a bhí "cath Thaobh an Bhogaigh" á chur, thosaigh na Caitlicigh ag déanamh círéibe i mBéal Feirste féin lena ndlúthpháirtíocht le muintir Dhoire Cholm Cille a chur in iúl - thairis sin bhí siad ag iarraidh a fhéachaint chuige nach bhféadfaí trúpaí fortachta is fóirithinte a chur go Doire Cholm Cille. Ba é ba thoradh dó seo ná gur thriail na sluaite Protastúnacha díoltas a agairt ar na Caitlicigh. Cuireadh tithe de chuid na gCaitliceach trí thine, rinneadh dochar agus damáiste dá gcuid maoine, agus bhí na Dílseoirí á n-imeaglú. Mar sin ní raibh de rogha ag 1,505 teaghlach Caitliceach agus 315 teaghlach Protastúnach ach imeacht ón mbaile le linn na gcíréibeacha i dTuaisceart Éireann 1969. I ndiaidh na scliúchas seo bhí 27 % den tithíocht scriosta go hiomlán nó chomh dona is go raibh móroibreacha deisiúcháin de dhíth; Caitlicigh a bhí ina gcónaí i 83.3 % de na tithe seo. Fuair a lán daoine bás sa teagmháil ar an dá thaobh, agus ba iad na péas a mharaigh cuid mhór acu siúd; mar sin d'imlonnaigh an rialtas trúpaí de chuid Arm na Breataine sa stáitín.

Ní raibh mórán arm ag an IRA san am, agus ní raibh na hÓglaigh in ann na ceantair Chaitliceacha a chosaint ar na Dílseoirí, cé gur ceann de phríomhdhualgaisí an IRA a bhí ann ó na 1920idí anuas. Bhí sean-Phoblachtaigh míshásta le Cathal Goulding agus le lucht ardcheannais an IRA i mBaile Átha Cliath, ó nach ndearnadh ullmhúcháin le haghaidh foréigin roimh ré. Ar an 24 Lúnasa tháinig dream ar leith le chéile i mBéal Feirste - Joe Cahill, Séamus Twomey, Dáithí Ó Conaill, Billy McKee agus Jimmy Steele ina measc - agus chinn siad slán a fhágáil ag Cathal Goulding agus lucht a leanúna (Billy McMillen agus Jim Sullivan mar shampla) agus filleadh ar Phoblachtánachas traidisiúnta na láimhe láidre. Ar an 22 de Mhí Mheán Fómhair bhí Twomey, McKee agus Steele i measc an tseisir déag d'fhir armtha a thug aghaidh ar lucht ceannais an IRA i mBéal Feirste ar theip orthu na ceantair Chaitliceacha a chosaint mar ba chóir. Thángthas ar chomhréiteach: d'fhan Billy McMillen i gceannas ar acht nach nglacfadh sé le horduithe ar bith ó lucht ceannasaíochta an IRA i mBaile Átha Cliath.

Scoilt an IRA sa bhliain 1969[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig na Sealadaigh ar an bhfód sa bhliain 1969. Thar na blianta fada, bhí siad ag iarraidh Éire Aontaithe a bhaint amach le lámh láidir.

Scoilt an tIRA i Mí na Nollag 1969, i ndiaidh cruinniú i Mainistir na Búille, Co. Ros Comáin, Poblacht na hÉireann, agus rinneadh dhá leath den eagraíocht: an tIRA Sealadach agus an tIRA Oifigiúil. Ba iad an dá ábhar ba mhó a bhí á gcardáil ag an gcruinniú ná an rún faoi bhunú "Fhronta na Saoirse Náisiúnta", is é sin, tús a chur le comhoibriú an IRA le dreamanna beaga radacacha ón eite chlé, agus an rún faoi chur ar ceal an neamhfhreastalachais - is é sin, bheadh an eagraíocht sásta páirt a ghlacadh in obair na bparlaimintí sa Bhreatain Mhór, in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Dhiúltaigh na Poblachtaigh thraidisiúnta vóta a chaitheamh faoi "Fhronta na Saoirse Náisiúnta", agus fuair an rún faomhadh na comhdhála le 29 vóta in aghaidh 12. Maidir le deireadh an neamhfhreastalachais, bhí na Poblachtánaigh thraidisiúnta go mór mór ina aghaidh, agus fuair an rún faomhadh na comhdhála le 27 vóta in aghaidh 12, de réir na dtuairiscí oifigiúla.

I ndiaidh na comhdhála chuaigh na Poblachtánaigh thraidisiúnta ag canbhasáil tacaíochta ar fud na hÉireann, agus cruinniú ag stiúrthóir faisnéise an IRA Seán Mac Stiofáin leis an gcuid de bhallraíocht an IRA nach raibh sásta leis na forbairtí nua. Go gairid ina dhiaidh sin bhí a gcomhdháil féin ag lucht an traidisiúnachais, agus thogh siad Comhairle "Shealadach" don IRA. Ba iad comhaltaí na Comhairle seo ná Seán Mac Stiofáin, Ruairí Ó Brádaigh, Pádraig Ó Maolchatha, Seán Ó Tréasaí, Leon Mac Máirtín, Dáithí Ó Conaill agus Seosamh Ó Cathail. Tagairt a bhí sa téarma úd "sealadach" do Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann ón mbliain 1916. Thairis sin cuireadh béim air go raibh comhdháil nua de chuid an IRA de dhíth le comhairle "dheifnídeach" a cheapadh. Thaobhaigh naoi n-aonad (as trí cinn déag ar fad) de chuid an IRA i mBéal Feirste le Comhairle Shealadach an Airm i Mí na Nollag 1969, B'ionann sin agus 120 gníomhaí agus 500 tacadóir a bheag nó a mhór. Ar an 28 Mí na Nollag 1969 d'eisigh na Sealadaigh an chéad chomhráiteas agus iad ag fógairt:

Fógraímid go bhfuil muid ag fanacht dílis do phoblacht Éireannach na 32 chondae, mar a forógraíodh ar Cháisc na bliana 1916 í, an phoblacht a bhunaigh Chéad Dáil Éireann sa bhliain 1919 agus a cuireadh ar neamhní le lámh láidir sa bhliain 1921, an phoblacht atá á coinneáil faoi chosc go dtí an lá atá inniu ann ag na stáit críochdheighilte, stát na sé gcontaethe agus stát na sé gcontaethe fichead, a bhrúigh na Gaill orainn... Táimid ag glaoch ar na hÉireannaigh sa bhaile agus i gcéin tuilleadh tacaíochta a thabhairt lenár muintir sa Tuaisceart a chosaint agus le saoirse iomlán a bhaint amach d'Éirinn sa deireadh, idir pholaitiúil, shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha.

Chuaigh an scoilt chéanna ar Shinn Féin, páirtí polaitiúil na bPoblachtánach Éireannach, ar an 11 Eanáir 1970. Bhí Ard-Fheis an pháirtí ag iarraidh cinneadh faoi dheireadh an neamhláithreachais a bhaint amach, nuair a thréig duine as gach triúr den chruinniú. Thionóil na toscairí easaontacha seo faoi cheannas Sheáin Mhic Stiofáin, Ruairí Uí Bhrádaigh agus an Mhaolchathaigh, agus toghadh an triúracht seo ina Coiste Gnó Feighlíochta do "Shinn Féin Sealadach". Cé gur fhógair an faicsean seo de Shinn Féin tacaíocht don IRA Sealadach, d'fhan an tIRA Sealadach seachantach i dtaobh polaitíochta agus polaiteoireachta, agus thogair siad fócasú ar "phoblachtánachas na láimhe láidre". Sa bhliain 1969 dheonaigh Rialtas Fhianna Fáil céad míle punt do na coistí féinchosanta sna ceantair Chaitliceacha, ach d'éirigh leis na Sealadaigh seilbh a ghlacadh ar chuid den airgead seo. Ba é ba toradh dó seo ná Géarchéim na nArm: is é sin, cuireadh an dlí ar bheirt iar-Airí Rialtais agus ar dhaoine áirithe eile, ar nós Sheáin Uí Cheallaigh, Óglach de chuid an IRA ó Bhéal Feirste.

Chloígh na Sealadaigh le prionsabail an IRA ón tréimhse roimh 1969. Mar sin níor thug siad aitheantas dlisteanachta do chumhacht na Ríochta Aontaithe i dTuaisceart Éireann ná do rialtas Phoblacht na hÉireann. Ghlac siad le Comhairle an Airm mar rialtas sealadach do Phoblacht na huile Éireann. Bhí an tuiscint seo bunaithe ar an oidhreacht pholaitiúil a chuaigh siar a fhad leis an Dara Dáil (1921-1922), mar a tuigeadh do na Sealadaigh, agus iad ag maíomh go raibh leanúnachas dlí idir iad agus an Dáil sin. D'fhruiligh an tIRA cuid mhaith náisiúnaithe ó na Sé Contaetha nach raibh baint ar bith acu leis an IRA roimhe sin, sula ndeachaigh siad le radacachas nuair a phléasc foréigean amach sa Tuaisceart sa bhliain 1969. Ba nós lucht na bliana 1969, nó sixty-niners i mBéarla, a thabhairt ar an dream áirithe sin. Ghlac an tIRA an Féinics mar shiombail d'athbheochan an Phoblachtánachais Éireannaigh sa bhliain 1969, agus an tsluaghairm úd out of the ashes rose the Provisionals, "as an luaithreach a d'éirigh na Sealadaigh", acu san am - tagairt a bhí ann don dóigh a ndearna an tIRA aiséirí as luaithreach na gceantar Caitliceach a chuaigh trí thine i mBéal Feirste.

1975-1976: sos comhraic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 10 Feabhra 1975, d'fhógair an tIRA Sealadach sos comhraic. agus d'atosaigh rialtas na Breataine agus an tIRA ag idirbheartú. D'aontaigh an IRA stop a chur le hionsaithe ar fhórsaí slándála na Breataine, agus chuir na 'fórsaí slándála' deireadh lena gcuid ruathair agus cuardaigh, den chuid is mó.[1]

Ach chuir na cainteanna seo eagla ar na Dílseoirí. Mar sin chuaigh na dúnmharuithe seicteacha in olcas le linn an tsosa comhraic.[2][3] Mharaigh an UVF 120 Caitliceach le linn na bliana 1975.[4]

Dhírigh ansin roinnt aonad den IRA ar dhul i ngleic leis na dílseoirí. An laghdú ar oibríochtaí sceimhlitheoireachta laistigh den IRA ba chúis le roinnt ball, le cead nó gan cead leo siúd a bhí os a gcionn, dul i mbun ionsaithe marfacha buille ar bhuille.

Bhí an baol ann go rachadh cúrsaí ó smacht agus bhí an próiseas síochána i gcontúirt dá bharr. Thit an tóin as an bpróiseas an bhliain dár gcionn, 1976, nuair a cuireadh an sos cogaidh ar ceal.

I measc na n-eachtraí.

1994ː sos comhraic amháin eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 31 Lúnasa 1994, d'fhógair an tIRA go raibh sos cogaidh iomlán á chur i bhfeidhm acu.

Ar an 9 Nollaig 1994 i gCnoc an Anfa, Béal Feirste, tharla cainteanna foirmeálta idir Rialtas na Breataine agus Sinn Féin, an chéad uair le 70 bliain anuas.

Bhí Sinn Féin den tuairim go raibh teipthe ar an sos cogaidh, toisc nach raibh Rialtas na Ríochta Aontaithe (John Major agus na Coiméadaigh) na comhchainteanna síochána a oscailt do na Poblachtánaigh sula ndíchoimisiúnódh an tIRA a chuid arm.

1997 ar aghaidh ː an sos comhraic deireadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig Tony Blair i gcumhacht sa Bhreatain i 1997 agus Bertie Ahern mar Thaoiseach, d’aontaigh an bheirt tabhairt faoi phróiseas na síochána in athuair.. D'fhill an tIRA ar an sos cogaidh i Mí Iúil 1997, nuair a thosaigh na comhchainteanna le Comhaontú Aoine an Chéasta a ullmhú.

An próiseas polaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh na sosanna cogaidh, chrom na príomhpháirtithe polaitíochta sa Tuaisceart ar chomhchainteanna le comhaontas polaitiúil a shocrú. B'as na cainteanna seo a d'eascair Comhaontú Aoine an Chéasta (nó 'Comhaontú Bhéal Feirste' do na hAontachtóirí) sa bhliain 1998.

Sa Chomhaontú seo, cuireadh rialtas dúchais ar bun don Tuaisceart in athuair, agus é bunaithe ar phrionsabal na cumhachtroinnte.[5] Bunaíodh Feidhmeannas Comhchumhachta sa bhliain 1999, agus an ceithre pháirtí ba mhó páirteach ann, ina measc Sinn Féin.

Leasú eile ab ea bunú na seirbhíse nua póilíneachta, ar tugadh Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) uirthi. Cuireadh de dhualgas ar an SPTÉ cuóta áirithe íosmhéide de Chaitlicigh a fhostú.

2001-2005ː Díchoimisiúnú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 23 Deireadh Fómhair 2001 chuir an tIRA tús le díchoimisiúnú ar a gcuid arm.[6][7] Ní dhearna an IRA Sealadach díchoimisiúnú go dtí Deireadh Fómhair 2001 nuair nach raibh an dara rogha acu tar éis 9/11. Ach fós cuireadh díchoimisiúnú na n-arm ag an IRA ar an méar fhada agus bhí sé sin ina chnámh spairne do dtí go ndearnadh an gníomh iomlán ar deireadh in 2005.[8]

Ar an 28 Iúil 2005, d'fhógair Comhairle Airm na Sealadach deireadh leis an bhfeachtas armtha. Dúirt siad freisin go mbeidís ag cloí le modhanna daonlathacha síochánta feasta lena gcuspóirí a bhaint amach, agus nár chóir do na hÓglaigh aon chineál eile gníomhaíochta a chleachtadh.[9]

In 2005, dheimhnigh an Comhlacht Neamhspleách um Dhíchoimisiúnú go raibh díchoimisiúnú an IRA tarlaithe.[10]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Extracts from The Longest War: Northern Ireland and the IRA by Kevin J. Kelley. Zed Books Ltd, 1988. Conflict Archive on the Internet (CAIN).
  2. Taylor, Peter (1999). Loyalists. London: Bloomsbury Publishing Plc. p.142
  3. Taylor, Peter. Brits: The War Against the IRA. Bloomsbury Publishing, 2001. p.182
  4. "October 1975 Northern Ireland attacks" (as en) (2021-01-07). Wikipedia. 
  5. "Power sharing" (as en) (2022-05-12). Wikipedia. 
  6. "CNN.com - IRA begins disarming - October 23, 2001". edition.cnn.com. Dáta rochtana: 2022-10-23.
  7. Amanda Sloat (2020-09-11). "Horror at the 9/11 attacks contributed to peace in Northern Ireland" (en-US). Brookings. Dáta rochtana: 2022-10-23.
  8. Deaglán De Bréadún (2016-05-01). "Cinnlinte: Saol an Iriseora" (as ga-IE). Cois Life. 
  9. Matthew Tempest (2005-07-28). "IRA orders end to armed campaign" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-12-09.
  10. "Comhaontú Aoine an Chéasta agus inniu - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2022-10-23.