Buamáil Mhanchain (1996)
| ||||
Cineál | ionsaí buamála ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 1996 ![]() | |||
Suíomh | Manchain, England ![]() | |||
Tír | An Ríocht Aontaithe ![]() | |||
Rannpháirtí | ||||
Líon básanna | 0 ![]() | |||
Líon gortaithe | 212 ![]() | |||

Ar an 15 Meitheamh 1996, phléasc buama leoraí (1,500 cileagram) ollmhór i Manchain.[1] Scriosadh limistéar mór i lár na cathrach.
Is cúis iontais é nár maraíodh aon duine. Ach gortaíodh 212 agus rinne damáiste ollmhór do struchtúr na bhfoirgneamh i gcathair Mhanchain
Ghlac na Sealadaigh freagracht as. B'é an t-ionsaí buamála ba mhó i stair na Breataine Móire i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.

Bhí na seirbhísí éigeandála an-ghasta ag freagairt don réamhrabhadh teileafóin a tugadh don stáisiún áitiúil teilifíse, agus cé go rabhthas in ann líon na dtaismeach a íosmhéidiú, gortaíodh breis is dhá chéad duine mar sin féin, agus cuid acu taobh amuigh den teorainn slándála a cuireadh ar bun timpeall ar an áit dhainséarach.
Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ní raibh dhá bhliain imithe ó shíniú an tSos Cogaidh, nuair a chuir an tIRA ar ceal é ar an 9 Feabhra 1996. Níos deireanaí ar an lá céanna, phléasc buama leath-thonna i gceantar Canary Wharf i Londain.
Níos déanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'fhógair an IRA sos comhraic nua ar 19 Iúil 1997.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Youtube (1996). "Massive Truck Bomb Explodes in England". Dáta rochtana: 2020.