Domhnach na Fola (1972)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Balla i nDoire: Domhnach na Fola

Is éard a bhí i gceist le Domhnach na Fola (Bloody Sunday sa Bhéarla) ná eachtra nó dúnmharú a tharla i nDoire i dTuaisceart Éireann ar an 30 Eanáir, 1972. Lámhaigh saighdiúirí de chuid na Breataine 26 duine agus iad ag máirseáil i dTaobh an Phortaigh, ar son chearta sibhialta. Cailleadh 14 de na daoine seo.

Eachtraí an lae[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cathlán den Parachute Regiment faoin Leifteanant-choirnéal Derek Wilford agus an Captaen Mike Jackson a bhí i mbun na hoibríochta seo. Fuair triúr déag bás (seisear dóibh faoi ocht mbliana déag d'aois), ar an bpointe, agus duine eile 4½ mí níos déanaí de bharr a bheith gortaithe ar an lá seo. Gortaíodh beirt agóidigh nuair a bhuail gluaisteáin de chuid an airm iad. Is soiléir inniu nach raibh airm ar bith ag éinne de na 26 duine nuair a scaoileadh leo. Piléir sa droim a ghortaigh cúigear díobh.

Fiosrúcháin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá dhá fhiosrúchán déanta ag rialtas na Breataine:

  • Fiosrúchán Widgery[1], foilsithe ar 19 Aibréain 1972: dúirt Widgery go raibh na saighdiúirí neamhchiontach. Níor thug mórán daoine meas air, agus mar sin, tharraing an tuarascáil go leor conspóide ar feadh na bilianta.
  • Fiosrúchán Saville; 1998 - 2010: dúirt go raibh siad ciontach. Ghlac rialtas na Breataine leis an toradh seo.

Cúiteamh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Íocadh pacáiste cúitimh. Ar an 18 Nollaig 1974, shocraigh Rialtas na Breataine £42,000 a íoc le muintir an 13.

Tábhacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Dhá bhliain roimhe seo a thosaigh feachtas na Sealadach ach tháinig borradh agus fás air mar thoradh ar eachtraí an lae seo. Tá Domhnach na Fola ar ceann de na heachtraí is tábhachtaí i stair na dna Trioblóidí i dTuaisceart Éireann: anois bhí arm na Breataine páirteach sna heachtraí agus fuair muintir na tíre amach faoin eachtra go héasca tríd na meán chumarsáide.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]