Jump to content

Acht Oidhreacht na dTrioblóidí 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadAcht Oidhreacht na dTrioblóidí 2023
CineálPublic General Act of the Parliament of the United Kingdom (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Obair iomlánTéacs iomlán Cuir in eagar ar Wikidata
D’eascair an reacht as geallúint Boris Johnson

Is éard atá i gceist le Acht Oidhreacht na dTrioblóidí 2023[1] ná dlí na Ríochta Aontaithe chun stop a chur le fiosruithe agus cosc ar ionchoisní is cásanna sibhialta faoi eachtraí le linn na dTrioblóidí.[2] Faoin Acht Oidhreachta, ceadaítear díolúintí coinníollacha ó ionchúiseamh a bhronnadh ar dhaoine a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad coir le linn na dTrioblóidí.

Cuirtear cosc sa reachtaíocht chomh maith ar fhiosrúcháin agus ar chaingne sibhialta a thabhairt i leith coireanna a rinneadh le linn na dTrioblóidí.[3]

D’eascair an reacht as geallúint Boris Johnson do lucht feachtais thar ceann iarshaighdiúirí go mbeidís saor ó chúisimh. Theip ar a chomharba, Rishi Sunak, a dhul i ngleic leis an éagóir sin.[2] Rith rialtas na gCaomhach an reachtaíocht sa bhliain 2023 nuair a thug siad an chluas bhodhar d’íobartaigh, do gach páirtí polaitíochta in Éirinn thuaidh agus theas agus d’eagraíochtaí cearta daonna sa bhaile agus i gcéin.

Bhí díolúine ó chúiseamh do chiontóirí ina chuid bhunúsach den reacht chomh maith le bac ar fhiosruithe, ionchoisní agus cásanna sibhialta.[4]

Tharraing an tAcht conspóid. Mhaígh Rialtas na Breataine gur chloígh an t-acht le cearta an duine. Ina theannta sin, dhiúltaigh rialtas na Breataine an tAcht a mhaolú nó a chealú d’ainneoin páirtithe uile Thuaisceart Éireann, rialtas na hÉireann, íobartaigh agus iliomad eagraíochtaí cearta daonna a bheith ina choinne.[2]

Tugadh dúshlán na reachtaíochta sna cúirteanna ar chúiseanna éagsúla, an díolúine ó ionchúiseamh go háirithe. Mhaígh an dream a bhí ina choinne gur sháraigh sé Alt 2 agus Alt 3 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Chinn Rialtas na hÉireann in 2023 dúshlán an Achta a thabhairt sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Ar an 28 Feabhra 2024, rialaigh an Ard-Chúirt go sáraíonn cuid den Acht Oidhreachta an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.[5][6][7] Dúirt an Breitheamh Colton san Ard-Chúirt i mBéal Feirste go mbeadh sé “mídhleathach” ag Rialtas na Breataine díolúintí ó ionchúiseamh a thabhairt do dhaoine maidir le coireanna a rinneadh le linn na dtrioblóidí. Chinn an Breitheamh chomh maith go raibh sé lochtach ó thaobh an dlí cosc a chur ar chúiteamh a íoc le fir as an éagóir a rinneadh orthu nuair a cúisíodh iad as éalú ó bheith faoi choimeád go dleathach sna 1970idí. Dúirt sé nach raibh “fianaise ar bith” ann go gcuirfeadh bronnadh díolúintí ó ionchúiseamh leis an athmhuintearas i dTuaisceart Éireann.

Hilary Benn, 2024

D’fhógair rialtas na Breataine de chuid Keir Starmer "cealú an Achta" mar chuid dá gclár oibre, roimh Olltoghchán 2024. Ach tháinig sé chun solais níos déanaí léir nach raibh aisghairm an Achta atá ar intinn ag an Státrúnaí Hilary Benn ach leasú. Bhí sé soiléir go raibh sé diongbháilte go gcoinneofar an Coimisiún a bunaíodh faoin Acht Oidhreachta, an Coimisiún Neamhspleách um Athmhuintearas agus Aimsiú Eolais[8][4] ... in ionad na "cásanna stairiúla" a fhágáil faoi riar na córa.

Sárú ar chearta an duine

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 20 Meán Fómhair 2024, tugadh rialú inár dúradh go bhfuil an tAcht ag sárú na reachtaíochta i leith chearta an duine.[9]

Ar an 18 Deireadh Fómhair, dúirt Oifig Thuaisceart Éireann go raibh iarratas déanta ag an Státrúnaí Benn chun achomharc a dhéanamh in aghaidh rialú na hArd-Chúirte gur sháraigh codanna den acht dlíthe chearta an duine agus creat Windsor. Bhí an-díomá ar theaghlaigh na n-íospartach gur thug Rialtas na Breataine dúshlán dlí in aghaidh an rialú.[10][11]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Acht Thrioblóidí Thuaisceart Éireann, nó i mBéárla, Northern Ireland Troubles (Legacy and Reconciliation) Act 2023, nó "Northern Ireland Troubles Act" nó "Legacy Act"
  2. 2.0 2.1 2.2 Póilín Ní Chiaráin (13 Feabhra 2024). "Tá claontacht na dTóraithe ag cur Comhaontú Aoine an Chéasta as a riocht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-28.
  3. "High Court confirms ICRIR’S independence and ability to conduct ECHR compliant investigations" (en-GB). Independent Commission for Reconciliation & Information Recovery (2024-02-29). Dáta rochtana: 2024-09-14.
  4. 4.0 4.1 Póilín Ní Chiaráin (21 Iúil 2024). "Smál do-ghlanta ar Acht Oidhreacht na dTrioblóidí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-22.
  5. "Reachtaíocht Rialtas na Breataine faoi eachtraí na dTrioblóidí ‘mídhleathach’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-28). Dáta rochtana: 2024-02-28.
  6. reuters.com (23 Feabhra 2024). "UK's Northern Ireland amnesty law in breach of human rights, court rules". Dáta rochtana: 2024.
  7. "NI Troubles: Legacy Act immunity clause 'breaches' human rights" (en-GB) (2024-02-28). Dáta rochtana: 2024-02-29.
  8. i mBéarla, the Independent Commission for Reconciliation & Information Recovery nó an ICRIR
  9. "Northern Ireland Troubles law breaches human rights and the Windsor Framework | Doughty Street Chambers" (en). www.doughtystreet.co.uk (2024-09-20). Dáta rochtana: 2024-10-25.
  10. Nuacht RTÉ (2024-10-24). "Fonn an tAcht ar Oidhreacht na dTrioblóidí a aisghairm" (as ga-IE). 
  11. Póilín Ní Chiaráin (23 Deireadh Fómhair 2024). "Tada déanta ag Starmer faoi acht na dTrioblóidí a chur ar ceal, ach imní a chothú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-25.