An Fóram um Shíocháin agus Athmhuintearas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bhunaigh Rialtas na hÉireann An Fóram um Shíocháin agus Athmhuintearas, (Béarla: Forum for Peace and Reconciliation), i mí Dheireadh Fómhair 1994, mar chuid den phróiseas síochána i dTuaisceart Éireann.

Bhí Justice Catherine McGuinness ina Cathaoirleach

Tionscnamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Samhlaíodh an Fóram in Alt 11 nDearbhú Shráid Downing, Nollaig 1993:

The Irish Government would make their own arrangements within their jurisdiction to enable democratic parties to consult together and share in dialogue about the political future. The Taoiseach's intention is that these arrangements could include the establishment, in consultation with other parties, of a Forum for Peace and Reconciliation to make recommendations on ways in which agreement and trust between both traditions in Ireland can be promoted and established.

Spreag an sos cogaidh a d’fhógair na poblachtánaigh, an tIRA Sealadach agus na dílseoirí, Óglaigh Uladh, (UVF) agus Cumann Cosanta Uladh,(UDA), i mí Mheán Fómhair na bliana 1994, na hullmhúcháin le haghaidh an Fhóraim. Tugadh cuireadh do na heagraíochta polaitiúla a bhí comhcheangailte leo freastal ar an Fhóram . 

Ghlac Sinn Féin leis, cé gur dhiúltaigh na dílseoirí, an Páirtí Aontachtach Forásachan, (PUP) agus an Páirtí Daonlathach Uladh, (UDP), mar a rinne na haontachtaithe príomhshrutha, an Páirtí Aontachtach Uladh, (UUP), agus an Páirtí Aontachtach Daonlathach, (DUP). Measadh go raibh láithreacht Shinn Féin in éineacht le  páirtithe náisiúnacha agus páirtithe sa lár ina chéim shuntasach  "confidence building measure"; 

Ní thosódh idirbheartaíochtaí substainteacha leis na páirtithe aontachtacha agus rialtas na Breataine go dtí an bhliain dár gcionn. Tugadh cuireadh d'ambasadóir na Breataine chuig oscailt an fhóraim, ach ní raibh baint ar bith eile ag lucht na Breataine leis.

Féach freisin    [cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. alphahis (2017-08-16). "Anglo-Irish Framework for peace negotiations (1995)" (en-US). Northern Ireland. Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. "CAIN: Events: Peace: The Framework Documents, 22 February 1995". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2024-02-19.